An fód a sheasamh ar son an chomhionannais – Standing up for equality

Bhí rud éigin ar IrishCentral ar na mallaibh faoi Mhórshiúl clúiteach na Féile Pádraig i Nua-Eabhrac. Faoi dheireadh thiar thall, ligfear do dhream LADT (Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach, nó LGBT i mBéarla) bheith páirteach sa mhórshiúl. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo anseo. Tá súil agam, ní hamháin go ligfear dóibh bheith páirteach, ach go gcuirfear fáilte fhial fhairsing Ghaelach rompu. Is Gaeil iad, agus tá an ceart acu bheith ansin.

Luaitear Peter Quinn, cara mór le Cassidy, san alt chéanna. De réir cosúlachta, bhí seisean páirteach san fheachtas le stop a chur leis an éagóir a bhí á déanamh ar Ghaeil LADT na cathrach. Tréaslaím a shaothar leis, agus tréaslaím a saothar leis na daoine eile atá luaite san alt, Loretta Brennan-Glucksman agus Malachy McCourt ina measc. Sa chás seo, tá an rud ceart déanta ag Peter Quinn agus ag na daoine eile.

An gciallaíonn sin go bhfuil mé sásta maithiúnas a thabhairt do Quinn as tacú leis an ghealt uafásach sin Cassidy? Is dócha go bhfuil freagra na ceiste sin ar eolas agaibh cheana féin. Tá mé sásta a fheiceáil go bhfuil Quinn ar thaobh na n-aingeal sa chás seo. Ach an ndéanann dea-ghníomh cúiteamh as drochghníomh? Níl mé róchinnte.  Is é rud é, gur thug Quinn tacaíocht do Cassidy. Dhiúltaigh sé an fhírinne a insint agus dhiúltaigh sé a admháil nach raibh sé ceart ná cóir an tacaíocht sin a thabhairt don chaimiléir agus don bhréagadóir is mó i stair na nGael i Meiriceá.

Tá Peter Quinn agus a chairde le moladh as tacaíocht a thabhairt don chomhionannas agus do chearta daonna maidir leis an mhórshiúl. Ach tá a fhios againn gur ghlac Cassidy leis an phost mar Ollamh in New College, in ainneoin nach raibh céim ar bith aige, in ainneoin nach raibh sé cáilithe, in ainneoin nach raibh foilseacháin acadúla ar bith foilsithe aige agus in ainneoin nach raibh Gaeilge ar bith aige. Bímis ionraic faoi. Ghoid Cassidy an post sin. An amhlaidh nach raibh duine aerach ar bith ann a raibh céim nó céimeanna aige nó aici i litríocht na hÉireann san am sin? An amhlaidh nach raibh duine de bhunús Afracach nó Easpáinneach a raibh céim aici nó aige sa Léann Éireannach sna Stáit in 1995?  Níl a fhios againn cén sórt daoine a bhí ann, réidh leis an phost sin a dhéanamh agus a dhéanamh go maith, cionn is nach bhfuair siad an deis. Ghoid Cassidy an post agus an t-airgead a bhí ag gabháil leis. Agus daoine cumasacha a raibh cáilíochtaí acu, fágadh amuigh san fhuacht iad ionas go dtiocfadh leis an liúdramán seo ligean air gur ollamh léannta a bhí ann os comhair an tsaoil.

Maith sibh as balla gloine amháin a bhriseadh agus ligean do dhaoine a gcearta a bheith acu. Ach ná déan dearmad ar an chara s’agatsa, a Peter, a dhruid an doras ar dhuine éigin anaithnid d’fhonn tuarastal agus stádas nach raibh tuillte aige a choinneáil chuige féin.

Nach bhfuil sé in am duit cuimhneamh ar an éagóir a rinneadh ar an duine anaithnid sin, agus an rud ceart a dhéanamh sa deireadh thiar thall?

 

 

There was something on IrishCentral recently about the famous St. Patrick’s Day Parade in New York. At long last, an LGBT (Lesbian, Gay, Bisexual and Transgender) group will be allowed to take part in the parade. I would like to congratulate them here. I hope that not only will they be allowed to take part, but they will receive a generous Irish welcome. They are Irish people, and they have a right to be there.

In the same article, Peter Quinn, a big friend of Cassidy’s, is mentioned. Apparently, he was involved in the campaign to put a stop to the injustice to which the LGBT Irish people of the city were being subjected. I applaud his efforts, and I applaud the efforts of the other people who were mentioned in the article, Loretta Brennan-Glucksman and Malachy McCourt. In this case, Peter Quinn and those other people have done the right thing.

Does that mean I’m happy to forgive Quinn for supporting that horrible nut-job Cassidy? You probably know the answer to that question already. I am glad to see that Quinn is on the side of the angels in this case. But does a good deed make up for a bad deed? I’m not so sure. The thing is, Quinn supported Cassidy. He refused to tell the truth and he refused to admit that it was neither right nor proper to support one of the biggest fraudsters and liars in the history of Irish America.

Peter Quinn and his friends are to be praised for supporting equality and human rights in relation to the parade. But we know that Cassidy accepted the job as Professor in New College, in spite of the fact that he had no degree, in spite of the fact that he wasn’t qualified, in spite of the fact that he had no academic publications to his name, in spite of the fact that he had no Irish. Let’s be honest here. Cassidy stole that job. Were there no gay people who had a degree or degrees in Irish literature at that time? Were there no people of African or Hispanic origin with a degree in Irish Studies in the States in 1995? We don’t know what sort of people there were, ready to do the job and do it well, because they didn’t get the chance. Cassidy stole the job and the money that went with it. And talented people who had qualifications were left out in the cold so that this moron could pretend to the world that he was a learned professor.

Well done for breaking one glass wall and allowing people to have their rights. But don’t forget, Peter, that your friend closed the door on some unknown person in order to keep a salary and a status which he hadn’t deserved for himself.

Isn’t it time you remembered the injustice that was done to that unknown person and finally did the right thing?

 

Advertisements

2 thoughts on “An fód a sheasamh ar son an chomhionannais – Standing up for equality

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s