Litir Oscailte Chuig Rónán

Bhí mé ag éisteacht le clár Rónáin inniu. Is breá liom Rónán Mac Aodha Bhuí. Bíonn scoth na Gaeilge le cluinstin ar a chlár agus níorbh aon eisceacht clár an lae inniu. Bhí roinnt daoine ina chuideachta agus is é saibhreas na Gaeilge a bhí i gcaibidil acu. Bhí go maith agus ní raibh go holc, go dtí gur luaigh Rónán an focal snagcheol. Chuir duine éigin téacs isteach. Cad chuige ar úsáid Rónán an focal snagcheol? Ní focal Béarla é jazz, dar leis an téacsóir. Is focal Gaeilge é, mar dhea, a thig ón fhocal deas. Tháinig téacs eile. Ní hea, arsa an ceann sin. Is ón fhocal teas a thig sé. Aidhe, agus fuair an Béarla rock ón Ghaeilge fosta, mar bíonn sé de nós ag lucht an rac-cheoil na seomraí san óstán a raiceáil i ndiaidh dóibh ceolchoirm a dhéanamh…

Agus ansin, luaigh Rónán leabhar Cassidy. Nár scríobh duine éigin leabhar i Meiriceá faoi na focail Ghaeilge atá le fáil sa Bhéarla?

Cuireann rudaí mar sin díomá orm. Tá go leor fianaise sa bhlag seo agus in áiteanna eile ar an idirlíon nach raibh sa Chasaideach ach leathghealt, lán-amadán agus caimiléir cruthanta. Ní raibh eolas dá laghad aige ar an Ghaeilge, agus cé gur Ollamh a bhí ann go hoifigiúil, ní raibh oiread agus céim aige. Is mór an náire nach mbíonn lucht na Gaeilge ag magadh go neamhthrócaireach faoin bhocamadán sin a luaithe agus a luaitear a ainm nó a theoiricí bómánta i lúb cuideachta.

Ní lia saoi ná tuairim maidir le bunús an fhocail sin jazz, agus ní fiú na teoiricí bómánta sin a nascann an focal leis an Ghaeilge a chur ar an liosta, dar leis na saineolaithe, gan trácht ar iad a chur ag barr an liosta! Más mian le daoine a chreidmheáil gur ón fhocal teas a tháinig jazz, bíodh acu, ach is bréag lom a rá nach bhfuil míniú ar bith eile ann nó go bhfuil tuairimí bómánta Cassidy chun tosaigh ar na barúlacha eile.

A Rónáin, a chara, is maith liom do chlár agus tréaslaím do shaothar leat. Léiríonn do chlár nach bhfuil an Ghaeilge marbh ná baol air, agus nach gá do lucht na Gaeilge sodar i ndiaidh na nGall agus scáil na teanga s’againne a fheiceáil i ngach aon chrístín agus drochfhocal atá le cluinstin san Oileán Úr, go díreach mar a bhíonn lucht na cráifeachta ar lorg aghaidh Íosa i ngach aon phancóg agus giota arán rósta dá bhfeiceann siad. Ní linne an snagcheol, agus ní le Cassidy agus a lucht leanúna an teanga s’againne ach an oiread.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s