Níl tír ar bith ar an domhan cláir a bhfuil ganntanas amadán ann ach cuireann sé iontas orm a mhéad amadán atá le fáil i measc threibh na nGael-Mheiriceánach. Arís eile, tá méadú ar dhíolaíocht leabhar bómánta Cassidy, cionn is go ndearnadh athfhoilsiú ar an alt amaideach faoi New York Slang le Brendan Patrick Keane ar IrishCentral. Agus ní hamháin sin, ach tá bocamadán éigin darb ainm Hugh Curran i ndiaidh a ladar a chur isteach ar cholún na nótaí tráchta faoin alt sin le cacamas aineolach a léiríonn go bhfuil Curran chomh dallintinneach agus chomh lán de féin agus a bhí Cassidy féin.
Cé hé an fear seo Hugh Curran? Bhuel, de réir an phíosa ar IrishCentral agus alt eile a fuair mé ar líne, is i nGaeltacht Thír Chonaill a rugadh é. Chaith sé 14 bliana i gCeanada agus in Albain Nua. Chaith sé cúig bliana mar mhanach Budaíoch agus tá sé ag teagasc le roinnt blianta ar Ollscoil Maine, san áit a bhfuil sé ar Chlár na Síochána agus an Athmhuintearais. Deir sé fosta go bhfuil Gaeilge aige agus gur theagasc sé an teanga. Is deacair sin a chreidbheáil, nó bheadh sé ábalta an amaidí i leabhar Cassidy a aithint dá mbeadh Gaeilge ar bith aige.
Deir Hugh Curran gur bhain sé an-sult as leabhar Cassidy agus go bhfuil 80% den tsanasaíocht sa leabhar inchreidte (há!) agus gur dócha go bhfuil an ceart ag Cassidy níos minice ná a mhalairt. Beidh a fhios ag duine ar bith a léigh an blag seo nach bhfuil sa tuairim sin ach raiméis atá ag teacht salach ar na fíricí atá le fáil sa Ghaeilge, i leabhair ar stair an Bhéarla agus i bhfoclóirí na dteangacha sin, chomh maith le foclóirí teangacha eile ar nós na Fraincise.
Deir sé ansin go mbíonn na saineolaithe Béarla ag déanamh a seacht ndícheall gan a admháil go bhfuil a lán focal Gaeilge sa Bhéarla. Ní thugann sé oiread agus sampla amháin de na focail sin a ndearnadh leithcheal orthu sna foclóirí. Deir sé gur teanga mheasctha an Béarla (rud atá fíor) ach caitheann sé go dímheasúil le lucht na bhfoclóirí. Dar leisean, bíonn siad róréidh foinse éigin ón Ollainnis nó ó Chríoch Lochlainn a cheadú in áit glacadh le míniú ón Ghaeilge. Arís eile, ní thugann sé fianaise ná samplaí dúinn. Is leor focal ó bhéal an fháidh leis an chás a chruthú!
Ansin, scríobhann sé rud atá bómánta amach is amach. Bhí Gaidhlig agus Gaeilge á labhairt go forleathan i Northumbria ón chúigiú céad go dtí an seachtú céad, dar leis. Luann sé Aodhán Lindisfarne (ach mílitríonn sé an t-ainm mar Aidhan – is comhartha maith é sin nach bhfuil a chuid Gaeilge chomh maith agus a shíleann sé féin) agus an Rí Oswald. Ar ndóigh, bhí Gaeilge ag an bheirt acu. Gael go smior a bhí in Aodhán agus maidir le hOswald, ba bhanphrionsa Gaelach a mháthair agus tugadh Flann Fionn air. Sin beirt!Ach an raibh teangacha Gaelacha á labhairt go forleathan san áit sin ag an tréimhse sin? An bhfuil fianaise ar bith ann? Agus má bhí, cá bhfuil an fhianaise gur fhág sin a rian ar Bhéarla an lae inniu? Cá bhfuil na fíricí, Curran, cá bhfuil na samplaí, nó nach bhfuil an fhírinne tábhachtach sa Bhudaíochas? (Más amhlaidh nach bhfuil, tá dul amú orm.)
Ansin, luann sé an Drochshaol corradh le míle bliain ina dhiaidh sin, agus deir sé go labhraíodh a thuismitheoirí Gaeilge nuair a d’aistrigh siad go Ceanada, agus deir sé (i mBéarla, ar ndóigh): Is deacair a thuigbheáil cad chuige a mbeadh sé chomh doiligh sin a chreidbheáil go ndearna na céadta focal Gaeilge imirce isteach i mbéarlagair Thuaisceart Mheiriceá. Ar ndóigh, níl sé sásta fianaise ar bith a thabhairt ná oiread agus focal amháin a rinne an imirce sin a lua agus ar ndóigh, níl sé sásta a mhíniú dúinn cad chuige nach bhfuil na céadta frása atá i leabhar Cassidy le fáil i bhfoclóir ar bith Gaeilge ná i dtéacs ar bith sa teanga. Mar, níl duine ar bith a cháineann Cassidy ag rá nach bhfuil sé inchreidte a lán focal ón Ghaeilge a bheith sa Bhéarla. Tá muid ag rá nach bhfuil sé fíor, agus gur furasta sin a chruthú.
Ach is é an píosa ina dhiaidh sin an chuid is bómánta agus is maslaí. Dar leisean, bíonn leisce orainne glacadh le bréaga Cassidy cionn is go mbíonn íospartaigh an chinedhíothaithe chultúrtha (victims of cultural genocide) ag taobhú leo siúd a d’imir cos ar bolg orthu mar gheall ar an náire atá orainn agus muid beo bocht. (Go raibh míle maith agat, a mháistir mhóir, as ár ndorchadas a shoilsiú le do mhóreagna Zen …)
Anois, is léir ón méid sin gur gealt nó amadán é an fear seo. Is náire shaolta thú, Curran. Agus mar sin de, tugaim do dhúshlán anseo! Tá cead agat do thuairimí féin a bheith agat, ach níl cead agatsa ná ag duine ar bith eile d’fhíricí féin a bheith agat. Is bréagadóir thú agus níl do chuid tuairimí ag teacht leis na fíricí ar chor ar bith! Más mian leat raiméis Cassidy a chosaint, tá cead agat sin a dhéanamh, anseo, i nGaeilge (má tá Gaeilge ar bith agat!)
Sa bhlag seo, phléigh mé bunús na bhfocal sa leabhar bhómánta sin agus mhínigh mé cad chuige nach féidir glacadh le tuairimí Cassidy. Tá cead agatsa na fíricí ar an bhlag seo a shéanadh, nó iarracht a dhéanamh, cibé. Agus mura bhfuil tú sásta (ná ábalta) sin a dhéanamh agus do chuid rámhaillí a chosaint go poiblí, beidh a fhios ag gach aon duine nach bhfuil ionat ach béalastán aineolach atá ag cuidiú le caimiléir marbh a gcuid airgid a bhaint de dhaoine saonta. (Agus más féidir leat an bhaint idir sin agus an Budaíochas a mhíniú, is fearr thú ná mise a Ghúngaire Dhéin … )
Mar a dúirt an Búda, Cuir an bréagadóir ina thost leis an fhírinne. An bhfuil tú ag iarraidh cur le do chuid bréag, Curran, nó an mbainfidh tú triail as an fhírinne, mar athrú?
Tá mé ag fanacht …