Nollaig Shona Agus Bliain Úr Faoi Mhaise!

Ba mhaith liom an deis a thapú anseo míle buíochas a ghabháil le gach duine a lean nó a léigh an blag seo i rith na bliana. Go raibh bliain den scoth agaibh in 2018!

Seo daoibh carúl galánta sa teanga s’againne, Don Oíche Úd i mBeithil:

https://www.youtube.com/watch?v=KBgcClx2wnM

Agus seo na focail i nGaeilge, le haistriúchán garbh i mBéarla:

 

Don oíche úd i mBeithil

beidh tagairt ar grian go brách,

don oíche úd i mBeithil

gur tháinig an Briathar slán;

tá gríosghrua ar spéarthaibh

‘s an talamh ‘na chlúdach bán;

féach Íosagán sa chléibhín,

‘s an Mhaighdean ‘Á dhiúl le grá

 

Ar leacain lom an tsléibhe

go nglacann na haoirí scáth

nuair in oscailt gheal na spéire

tá teachtaire Dé ar fáil;

céad glóir anois don Athair

sna Flaitheasaibh thuas go hard!

is feasta fós ar an talamh

d’fhearaibh dea-mhéin’ siocháin!

 

N.B. Baineann an leagan seo úsáid as an tseaniolra thabharthach –aibh (col ceathrair –ibus na Laidine, mar shampla, sa tseanfhocal ‘e pluribus unum.’) Níl sin le fáil sa teanga nua-aoiseach. Agus bíonn ‘faoin ghrian’ nó ‘faoin ngrian’ sna leaganacha nua-aoiseacha, cionn is nach dtuigeann Gaeilgeoirí an lae inniu an frása ‘ar grian’ a chiallaíonn ‘ar domhan’.

 

Yon night in Bethlehem

will be talked of on earth forever

yon night in Bethlehem,

the night the Word was born;

there is a glow in the skies

and the earth is covered with white;

behold Jesus in the cradle

and the Virgin feeding Him with love.

 

On the bare stones of the mountain

where the shepherds take their shelter

when in a bright opening of the sky

God’s messenger is there;

a hundred glories to the Father,

in the Heavens above so high!

and forever after on the earth

peace to men of good will!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Advertisements

2 thoughts on “Nollaig Shona Agus Bliain Úr Faoi Mhaise!

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.