Íonaí Meanie

Is léir go bhfuil an Ghaeilge i dtrioblóid. Tá daoine ann a chreideann gur teanga mharbh í, cé gur cinnte nach bhfuil an méid sin fíor. Tá mise ábalta an t-alt seo a scríobh agus tá mé cinnte go léifidh agus go dtuigfidh neart daoine amach anseo é. Dá mbeadh an Ghaeilge marbh, ní bheadh sin amhlaidh, ar ndóigh. Ach tá an Ghaeilge in ísle brí, gan amhras, go háirithe i measc aos óg na nGaeltachtaí.

Is cinnte gurb iad na Sasanaigh ba chúis leis an mheath sin. Iadsan a rinne teanga an bhochtáin agus an íochtaráin den Ghaeilge. Iadsan a bhrúigh a gcultúr agus a dteanga féin ar ár sinsir agus a d’fhág an Ghaeilge in áit na leithphingine.

Agus sin ráite, is minic a chuirtear an locht ar na Gaeil féin agus go háirithe ar na híonaithe nó na purists mar a deirtear i mBéarla. Is iad na híonaithe atá ag marú na teanga, dar lena lán. Cuireann siad as do dhaoine atá ag foghlaim na teanga. Cuireann siad beaguchtach agus lagmhisneach ar dhaoine. Iadsan a chruthaigh scoilt ollmhór idir Gaeilge dhúchasach na nGaeltachtaí agus Gaeilge mhínádúrtha na leabhar! Mo náire iad na híonaithe! Murab iadsan, bheadh an teanga slán sábháilte, mar dhea!

Ach seo an cheist atá do mo chrá. Cé hiad na híonaithe seo? Shílfeá gur ceist shimplí sin, chomh simplí sin nárbh fhiú í a chur, agus go mbeadh freagra simplí air fosta. Ach ní mar a shíltear a bítear.

Fiú más teanga oifigiúil na leabhar atá i gceist, tá difríochtaí suntasacha idir na Bráithre Críostaí, na leaganacha difriúla den Chaighdeán Oifigiúil agus na nósanna a úsáideann scríbhneoirí oilte na teanga ina gcuid scríbhinní, idir chainteoirí dúchais agus daoine sna cathracha.

Nó tá cainteoirí dúchais ann (luaigh mé a leithéid ar na mallaibh anseo) nach nglacfaidh le focal nua-chumtha ar bith. Má deir duine go bhfuil orthu bogearraí a cheannach le cur ar an tiomántán chrua den ríomhaire, beidh na cainteoirí dúchais seo ag smaoineamh go bhfuil rud éigin bréagach neamh-Ghaelach faoin chaint sin. Caithfidh an duine sin software a cheannach, dar leo, le cur ar an hard drive den computer. Is cuma leis na daoine sin nach féidir leis an teanga maireachtáil mura bhfuil sí ábalta dul i ngleic le gnáthrudaí nua-aoiseacha. Agus ní raibh cloíteacht mar sin ann sna seanlaethanta, nuair a bhí cainteoirí na teanga ar nós Amhlaoibh Uí Shúilleabháin sásta focail a chumadh in áit glacadh le focail ón Bhéarla. Cé hiad na híonaithe sa chás seo? Na cainteoirí dúchais atá ag iarraidh a leagan féin den teanga (atá lán focal Béarla) a chosaint, nó iad siúd atá ag iarraidh an teanga a choinneáil saor ón Bhéarla?

Agus cad é faoi na daoine sin a chreideann go bhfuil canúint amháin níos fearr ná Caighdeán ar bith, nó na canúintí eile? Tá a leithéid ann, daoine a chreideann nach Gaeilge rud ar bith nach Gaoluinn Chúige Mumhan í, nó nach bhfuil canúint ar bith inchurtha le Gaeilge Chúige Uladh. Cé hiad na híonaithe sa chás sin? Iadsan, nó lucht an Chaighdeáin?

Agus tá daoine ann a chreideann gur thosaigh an meath seo i bhfad sula raibh trácht ar an Chaighdeán Oifigiúil. Mar shampla, mhaígh John Grenham, duine nach bhfuil mórán measa agam ar a thuairimí agus nach bhfuil an cúpla focal féin aige (mar scríobh sé an cúpla focal sin “an cúpla focal” mar an cúpla focail san alt chéanna), gur shíl muintir Chonradh na Gaeilge go raibh caint an phobail truaillithe agus go ndearna siad íonú ar an teanga dá réir (nil an méid seo fíor, ar ndóigh). Agus mar gheall air sin, bhí saineolaithe uirbeacha Gaeilge a tógadh le Béarla ag teagasc grúpaí daltaí nach raibh ach Béarla acu fosta. An toradh – gur shíothlaigh cora cainte, gramadach agus comhréir an Bhéarla isteach sa teanga “athbheoite”.

Ansin, tugann sé sampla dúinn den Ghaeilge neamhghlan seo: Is é an sampla is fearr liom féin ná an comhartha Gaeilge sa pháirc áitiúil a áitíonn ar úinéirí madaí a mbíonn a gcuid peataí ag salú an fhéir le “Glan suas é”, “Clean it up”, briathar frásach atá go hiomlán nádúrtha sa Bhéarla atá aistrithe focal ar fhocal. Samhlaigh comhartha i bhFraincis a bhfuil “Nettoyez-le en haut” air. Ach níl an chomparáid seo ceart ar chor ar bith, mar tá stair iomlán difriúil ag an Fhraincis. Tá neart briathra frásacha seanbhunaithe sa Ghaeilge a bhfuil suas iontu, rud nach bhfuil sa Fhraincis le en haut, ar ndóigh. (Mura gcreideann sibh mé, seo líne ag trácht ar Liútar ón bhliain 1615 – chuir sé suas do cheann na hEagluise tré formad agus ainmhian agus bhí ag glanadh suas coitianta go leor ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin sna 1820í agus é ag trácht ar an aimsir.) Mar sin de, is léir nach bhfuil i dtuairimí Grenham faoin Ghaeilge agus lucht a truaillithe ach cleití capaill agus amaidí.

Cad é an seasamh atá agamsa maidir leis na nithe seo, mar sin? Bhal, ní íonaí mise. Creidim sa Chaighdeán. Rud úsáideach atá ann. Leis an Chaighdeán, is féidir le lucht na Gaeilge leabhair, ábhar ar líne agus rudaí nach iad a roinnt go saor lena chéile ar fud an oileáin agus thar lear. Ach ní gá éirí as na canúintí ar fad, ná ar chor ar bith. Níl sa Chaighdeán ach uirlis. Agus mar atá i gcás an Bhéarla, ní Gaeilge atá i gceist ach Gaeilgí. Tá cineálacha difriúla Gaeilge ann atá fóirsteanach do chásanna éagsúla. Ní hionann comhrá sa phub i gCiarraí agus alt ar an eolaíocht i bhfoilseachán stáit agus ní cóir an cineál céanna Gaeilge a úsáid sa dá chás.

Agus sin ráite, tá meas agam ar dhaoine a bhfuil dúil acu sa Ghaeilge agus a bhíonn ag obair go dúthráchtach le máistreacht a fháil uirthi. I ndeireadh na dála, ní féidir linne, lucht na Gaeilge, rud mór a dhéanamh leis an teanga a chosaint. An t-aon rud is féidir le gach duine againn a dhéanamh ná an teanga a fhoghlaim mar is ceart agus líofacht agus saibhreas agus eolas leathan a fháil. Má bhíonn deich míle duine ag labhairt Gaeilge gach lá ar fud na tíre, is féidir le naimhde na teanga a rá nach fiú í a shábháil. Ní bheadh sé chomh furasta sin a mhaíomh dá mbeadh trí chéad míle, nó cúig chéad míle, nó seacht gcéad míle duine á labhairt gach lá. Dá ndéanfadh gach duine atá i bhfách leis an Ghaeilge an teanga a fhoghlaim agus a úsáid, chuirfeadh sin stop leis an mheath láithreach.

Tá cosúlachtaí láidre idir titim i ngrá le teanga agus titim i ngrá le duine. Má tá grá agat do theanga, beidh tú ag iarraidh gach rud a fhoghlaim faoin teanga sin. Ní hamháin sin, ach glacfaidh tú leis an teanga sin mar atá. Ní bheidh tú ag iarraidh í a athrú nó a athchruthú i d’íomhá féin, mar a dhéanann na híonaithe éagsúla atá luaite thuas – agus mar a dhéanann na dileataint (dilettantes) atá rófhalsa an dua a chaitheamh le máistreacht a fháil ar bhunchlocha na teanga.

 

Advertisements

2 thoughts on “Íonaí Meanie

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.