Is dócha go gcuimhneoidh léitheoiri an bhlag seo ar na haltanna a phostáil mé anuraidh inar thacaigh mé le Liam Hogan ó Luimneach, duine a bhfuil cion fir déanta aige le troid in éadan mhéim (nó mhiotas!) Sclábhaíocht na nGael. Is píosa raiméise é seo, cacamas athbhreithnitheach a bhfuil cuma bhréagach na staire air. De réir na méime seo, cuireadh neart Gael chuig na coilíneachtaí i dTuaisceart Mheiriceá agus i Muir Chairib sa tseachtú haois déag, san ochtú haois déag agus fiu sa naoú haois déag, díoladh mar sclábhaithe iad agus caitheadh ní ba mheasa leo ansin ná mar a caitheadh leis na sclábhaithe Afracacha. Is é an ‘ceacht’ atá le baint as seo, dar lena lán, ná más féidir le Gael-Mheiriceánaigh iad féin a tharraingt amach as ainnise na sclábhaíochta, ba chóir go mbeadh Afra-Mheiriceánaigh ábalta an rud céanna a dhéanamh. Ni nach ionadh, is Forchiníochaithe Geala iad an chuid is mo de na daoine a chuireann an raiméis seo chun cinn.
Má amharcann tú ar Irish Slavery ar Twitter, tá a lán barúlacha ann ar nós ‘The Irish were slaves too’ agus a lán barúlacha eile a bhréagnaíonn iad. Ó am go chéile, áfach, bíonn teachtaireacht ann faoi leabhar darb ainm Spirited Away le Maggie Plummer. Tá léirmheasanna léite agam ar an úrscéal seo faoi na ‘Gaeil a goideadh’ roimhe seo, ach roinnt seachtainí ó shin, shocraigh mé go gceannóinn cóip de agus go léifinn é. Ní as siocair go raibh dúil agam san ábhar, ach mheas mé gur chóir do dhuine éigin atá in éadan na méime é a léamh agus léirmheas ionraic a chur ar fáil.
Is raiméis lom an leabhar seo ó thús go deireadh. Tosaíonn sé le Plummer ag labhairt ar an ‘taighde’ a rinne sí ar théama Sclabhaíocht na nGael. Deir sí gur díoladh Gaeil tríd an chéad trí scór bliain den 17ú haois agus go raibh suas le 100,000 duine i gceist. Mar a chonaic muid roimhe seo, is figiúr randamach an 100,000 a chum Thomas Addis Emmett (agus a luaigh James Connolly agus A.M. Sullivan ina dhiaidh.) Nil sé bunaithe ar fhianaise ar bith. Na Gaeil a fuadaíodh nó a gabhadh mar chimí cogaidh i gcogaí Chromail, is mar sheirbhísigh dhintiúir a cuireadh chuig na coilíneachtaí iad, ní mar sclábhaithe. Tugadh dintiúr suas le deich mbliana do na príosúnaigh chogaidh. Is cruálach agus is uafásach an scéal é go bhféadfaí dintiur níos faide ná sin a thabhairt do pháistí, mar níor saoradh iad go raibh bliain agus fiche bainte amach acu.
Is le moll amaidí a thosaíonn an leabhar seo agus téann rudaí chun sioparnai as sin amach. Insíonn sé eachtraí cailín a bhfuil sracadh inti darb ainm Frederica (Freddie) O’Brennan. Tá Freddie trí bliana déag d’aois agus ina cónaí i gCill Chainnigh nuair a thosaíonn an leabhar sa bhliain 1653. Seo i ndeireadh ceann de na tréimhsí ba mheasa agus ba choscraí i stair na hÉireann. Bhí cogaíocht agus gorta agus galar i ndiaidh slad a dhéanamh ar an tír (mar a deir Plummer sa réamhrá, cé go bhfuil na meastúcháin faoi chéatadán an phobail a fuair bás ró-ard, mar is gnách le Plummer). Ach de réir cosúlachta, níor chuir na heachtraí tubaisteacha sin isteach ar mhuintir Bhraonáin. Bhí feirm acu, a lán bia, roinnt capall agus bó, agus cairt. Agus arán agus mil.
Ar ndóigh, ní raibh ach fíorbheagán daoine de bhunús Gaelach in Éirinn sa tseachtú haois déag a raibh Béarla acu. Agus nuair a bhain siad úsáid as an Ghaeilge, bhíodh a gcuid ainmneacha i nGaeilge. Ní O’Brennan nó Ó Braonáin a bheadh uirthi, ach an leagan baininscneach, Ní Bhraonáin. Agus maidir le Frederica nó Freddie, ní ainmneacha Gaelacha iad sin. Bheadh sé chomh maith ag Plummer Cheyenne nó Chelsea nó ainm randamach ar bith eile a roghnú ó scuad áitiuil na ngárthóirí molta in Montana. Níl leagan Gaeilge ann de Frederica, go bhfios domsa, agus ní bheadh an t-ainm sin in úsáid ag Gaeil in Éirinn sa 17ú haois. Mar an gcéanna leis an ainm Ryanne. Is ainmneacha Gael-Mheiriceánacha iad sin, ni ainmneacha Gaelacha.
Tá Freddie amuigh ag marcaíocht ar chapall breá nach mbeadh sí ábalta é a choinneáil, is dócha, agus cogadh dearg ag dul ar aghaidh sa tír, agus nuair a fhilleann sí ar an teach, tá saighdiúirí Chromail ag tógáil a hathar leo. Tá sé le dul chun na Spáinne le troid ar son na Corónach, mar dhea. Cé acu coróin, áfach? Coróin na Spáinne? Ba phoblacht nó ‘commonwealth’ é Sasana in 1653 agus bhí Cromail ann mar cheann stáit in áit rí nó banríona. Agus ní raibh cogadh ann idir na Sasanaigh agus na Spáinnigh go fóill.
Ar scor ar bith, deir duine de na saighdiúirí Sasanacha go gcaithfidh siad imeacht agus an fheirm a fhágáil, ach fágann sé na rudaí luachmhara uilig acu, rudaí ar nós na mbó agus na gcapall. Ó aidhe, agus tá cead acu an Bíobla a thabhairt leo fosta. Teaghlach Caitliceach in Éirinn sa 17ú haois, agus Bíobla acu. Tugann siad aghaidh ar Ghaillimh, mar a bhfuil aintín dá gcuid ina cónaí. I nGaillimh, bualann strainséir bob ar Freddie agus a deirfiúr Aileen. Cuirtear ar bord loinge iad agus cuirtear chuig oileáin Mhuir Chairib iad.
Ag an phointe seo, éiríonn gach rud cineál gáirsiúil. Díoltar na cailíní ar ceant mar sclábhaithe agus iad lomnocht. Bíonn íomhánna de na ceantanna lomnochta seo coitianta go leor ar line i gcomhthéacs ‘Sclábhaíocht na nGael’. Is seanphictiúir ón 19ú haois déag iad, pictiúir Fhrancacha a bhí lonnaithe i saol na seanRómhánach nó i saol na nArabach, cosúil leis an cheann thuas.
Díoltar Freddie, brandáiltear le hiarann te í agus éignítear í. Tá an chuid seo tipiciúil de chineál ficsean stairiúil ar a dtugtar bodice-ripping i mBéarla (scéal réabtha cabhlach). Is iontach an méid uaireanta a luann Plummer an focal cabhail (bodice). Cibé rud a tharla do na cailíní óga Gaelacha a cuireadh chuig oileáin Mhuir Chairib – agus ní duine saonta mé agus is cinnte gur imríodh mí-úsáid ghnéasach ar chuid de na daoine óga seo – ní sclábhaithe a bhí iontu. Níor díoladh mar sclábhaithe buana iad. Ní dhéantaí iad a bhrandáil, mar ní earra nó sealúchas nó maoin a bhí iontu. Agus is rídheacair a shamhlú gur cuireadh cailíní óga ar ceant lomnocht faoin tseanPhiúratánach sin Cromail, cibé rud a tharla go príobháideach. Bhí Cromail agus a chuid maolagán sásta go leor babaithe a dhúnmharú ach daoine gan éadaí in áit phoiblí – sin scéal eile ar fad!
Lena rá ar dhóigh eile, níl a fhios ag an údar faic na fríde faoi Éirinn sa tseachtú haois déag agus níl a fhios aici faic na fríde bídí faoin sclábhaíocht ná faoin tseirbhíseacht dintiúir sa Mhuir Chairib sa tréimhse sin.
Aisteach go leor, ní dóigh liom gur ciníochaí í Plummer. Bíonn Afracaigh nó Bundúchasaigh Mheiriceá uasal, cineálta sa leabhar seo. Is Sasanaigh iad an chuid is mó de na drochearraí in Spirited Away. Agus is aisteach an dóigh a mbíonn sí ag díol an leabhair seo ar Twitter taobh le daoine a chreideann nach bhfuil daoine de bhunús Afracach chomh maith le daoine geala ó thaobh na géineolaíochta de. Ar dhóigh, cuireann sé i gcuimhne dom duine a bhíonn ag freastal ar linseálacha le líomanáid a dhíol agus a ghnóthaíonn neart airgid as. Mise? Níor linseáil mise duine ar bith riamh! Níl mise ach ag díol líomanáide le duine ar bith atá á hiarraidh …
Lena rá ar bheagán focal, is cacamas an leabhar seo. Cuireann an drochscríbhneoireacht agus an drochthaighde ó mhaith é. Ní fiú faic é. Duine ar bith a mheasann go bhfaighidh siad eolas iontaofa faoi stair a shinsear ó Éirinn (agus ar an drochuair, tá a lán daoine dá leithéid ann, de réir na léirmheasanna deimhneacha ar Amazon), tá dul amú air nó uirthi.