Ditch

This is one of the silliest claims in a very silly book. I mean, how stupid would you need to be to believe that the word ditch (as in ‘she ditched him’) comes from the supposed Irish phrase de áit? The phrase de áit isn’t in use in Irish and never has been.

The two words exist independently, of course. De means from or ‘off of’, ‘from the surface of’ (bhain siad an pictiúr den bhalla – they took the picture off of the wall), while áit means place. And occasionally they occur together in phrases like an phrochlais sin de áit (that dump of a place) or taobh amuigh de áit (outside of a place) but in the standard language, this would usually become d’áit and it isn’t anything to do with displacing or dislodging or dumping in these cases. If you want to say that someone displaced something or put it out of its place you would use as áit, not de áit: cuireadh na brící as áit nuair a thit an scafall orthu (the bricks were dislodged when the scaffolding fell on them). So, de áit is pretty much impossible as the origin of ditch.

The English ditch, on the other hand, is a very likely source. A ditch, meaning a kind of trench at the side of the road (or sometimes the bank beside the trench in Ireland), comes from the Old English word dic. And in the old days, when you had some rubbish you dumped it in the ditch, or ditched it. In time, this became a general term for discarding or dumping.

This isn’t rocket science. I do have academic degrees but you don’t need a degree (or even the high-school certificate that Cassidy had instead of a degree) to work out that Cassidy’s claim is nonsense. All you need is reasonable literacy skills, access to the internet and an open and sensible mind. Which is why I find it really strange that so many people are prepared to support a book that contains so many transparent stupidities like this.

Seo ceann de na rudaí is bómánta dá maíonn Cassidy sa leabhar amaideach seo. Bheadh ort bheith millteanach ramhar sa réasún lena chreidiúint gur ón fhrása ‘Gaeilge’ de áit a thagann an focal Béarla ditch (mar shampla, sa fhrása ‘she ditched him’.  Níl na focail de áit le fáil sa Ghaeilge agus ní raibh riamh.

Tá an dá fhocal ann leo féin, ar ndóigh. Ciallaíonn de ó ó dhromchla ruda  (bhain siad an pictiúr den bhalla), agus is ionann áit agus ionad. Agus bíonn an dá fhocal ag teacht le chéile corruair i bhfrásaí mar an phrochlais sin de áit nó  taobh amuigh de áit ach sa Chaighdeán, dhéanfaí d’áit de sin, agus ní bhaineann sé le rudaí a dhíláithriú sna cásanna seo.  Bhainfeá úsáid as as áit, ní de áit le sin a rá – cuireadh na brící as áit nuair a thit an scafall orthu, mar shampla. Mar sin de, níl seans dá laghad go bhfuil de áit ceart mar bhunús an Bhéarla ditch.

Ar an láimh eile, tá an focal Béarla ditch thar a bheith fóirsteanach agus thar a bheith soiléir mar mhíniú. Tagann an focal ditch, a chiallaíonn ‘díog’, ón fhocal Sean-Bhéarla dic. Agus sna seanlaethanta, nuair a bhí bruscar agat, dhéantaí é a dhumpáil sa díog, nó é a ‘ditcheáil’. Leis na blianta, fuair an focal ditching an chiall chéanna le dumping.

Ní rud deacair casta é seo. Tá céimeanna ollscoile agam ach níl céim de dhíth ar dhuine (ná fiú an teastas ardscoile a bhí ag Cassidy in áit céimeanna) lena oibriú amach gur raiméis é an méid a dúirt Cassidy faoin fhocal seo. Níl de dhíth ar dhuine ach scileanna réasúnta litearthachta, teacht ar an Idirlíon agus intinn oscailte chiallmhar. Sin an fáth a gcuireann sé a oiread sin iontais orm go bhfuil a oiread sin daoine sásta tacú le leabhar a bhfuil a oiread sin bómántachtaí follasacha ar nós an chinn seo ann.

 

 

 

 

 

Advertisements

2 thoughts on “Ditch

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.