Tá teoiricí amaideacha Cassidy faoin fhocal ‘dude’ pléite agam roimhe seo. Mura gcuireann sé fonn ort caitheamh amach, is féidir leat éisteacht le Cassidy ag cur thairis faoin ábhar seo leis an mheascán den phoimpéis agus den bhómántacht ba dhual dó le lucht féachana geanúil de lútálaithe agus de bhocamadáin ag an NY Tenement Museum anseo: http://tenement-museum.blogspot.com/2008/10/danny-cassidy.html
Má tá tú ar dhóigh ar bith cósúil liomsa, cuirfidh blas srónach féinsásta agus easpa umhlachta Cassidy isteach ort chomh mór sin gurbh fhearr leat a chuid rámhaillí maidir leis an cheist seo a léamh in áit éisteacht leis. Seo an dóigh ar foilsíodh an méid a mhaígh Cassidy faoi bhunús an fhocail ‘dude’ ar CounterPunch:
Dude, n.,a dapper dandy; a ‘swell,’ an affected, fastidious fop; a city slicker at a dude ranch. “Origin unknown.” (Barnhart Dictionary of English Etymology, 305.)
Dúd, (pron. dood), dúd(a), al. dúid, n., a foolish-looking fellow; a dolt, a numbskull; a clown; an idiot; a rubbernecker; a long-necked eavesdropper. (Dineen, 377, 378; Ó Dónaill, 459, 460.)
Dúdach, adj., rubber-necked; foolish-looking, queer. Dúdaire, n., a clown, an idiot (Kerry); a long-necked person; a dolt; an eavesdropper. Dúdálaí, n., a stupid person; an idiot; a self-conscious person. (Dineen, 377, 378; Ó Dónaill, 459, 460, Foclóir Póca, 349, 350)
Dúd (pron. dood, a dolt) was a moniker Irish Americans slapped on slumming, dapper, wealthy, young “swells,” out on a “spree” (spraoi, fun, sport, frolic, a drinking bout) in the concert saloons, dance halls, and theaters of old New York.
Mar sin de, duine ar bith atá ag léamh chur síos Cassidy ar an scéal, shílfeadh sé go bhfuil dornán focal ann sa Ghaeilge ar nós diúid, dúid, dúdaire, dúdálaí, dúidín agus dúdóg, focail a mbaintear úsaid astu, den chuid is mó, le cur síos ar dhaoine. Sin é leagan Cassidy. Amharcaimis ar an fhírinne in áit leagan Cassidy.
De réir cosulachta, tá dhá fhocal ar leith i gceist anseo. Deir FGB Uí Dhónaill: Diúid 1. Simple, uncomplicated. 2. Straightforward, sincere. 3. Simple-minded, silly. Ní léir go bhfuil baint ar bith aige leis an fhocal dúid, an focal is bunús leis na focail eile a thug mé thuas. Is ainmfhocal dúid. Bíonn sé le fáil in amanna i seantéacsanna san fhoirm dúda. Seo an méid atá le rá ag Ó Dónaill:
dúid, f. (gs. ~e, pl. ~eanna).1. Stump. Rud a ghearradh (amach, aníos) ón ~, ó bhun na ~e, to cut sth. right down to the stump. Chuir an tarbh an adharc go bun na ~e, go filleadh ~e, ann, the bull stuck his horn right into him. 2. (a) Stumpy object, protuberant part; (short) horn, (cropped) ear, tail. (b) Short-stemmed (clay) pipe. 3. (Craned) neck, throat. ~ a chur ort féin, to crane one’s neck; to turn one’s head shyly away; to eavesdrop; to mope around. Greim ~e a fháil ar dhuine, to grasp s.o. by the neck, to fasten on s.o. Rud a chur ar do dhúid, to swallow hard at sth., to gulp sth. down one’s throat. 4. (a) Stumpy person. (b) Mopish, shy person; numbskull. (Var:~eán m)
Ar an drochuair, fágadh sanasaíocht na Gaeilge in áit na leithphingine thar na blianta. Níl oiread agus bunfhoclóir sanasaíochta againn i nGaeilge nó fiú i mBéarla faoi bhunús na bhfocal Gaeilge. Ach, nuair a chuardaigh mé an focal dúid i dtéacsanna Gaeilge, tháinig mé ar a lán samplaí ina raibh duid ann mar leagan mílitrithe den fhocal duit no den fhocal dóid (dorn nó lámh).
Ní bhaineann na téarmaí seo go príomha le daoine. Bíonn téarmaí ar nós dúid agus dúidín ag tagairt do stumpaí nó butaí, rudaí atá cosúil le buta, le feadán, le muineál, le cluas, le trumpaí beaga nó le dúidíní tobac. Baintear úsáid as i bhfrásaí ar nós gearrtha go dúid, agus na focail thánaisteacha, leithéidí dúdaire agus dúdálaí (a chiallaíonn cúléisteoir nó scrogaire), fuair siad an chiall sin cionn is go mbíonn duine fiosrach ag síneadh na dúide le héisteacht nó le hamharc níos fearr ar rudaí nach mbaineann leo.
Cad é faoin fhocal dúid mar mhasla, mar théarma a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar dhaoine? An bhfuil fianaise ar bith ann? Bhal, Ó Dónaill, ina Fhoclóir Gaeilge-Béarla, luann sé an chiall duine íseal nó blocán, ach níl sa tsainmhíniú sin ach an ceathrú ceann, agus an ceann deireanach. Agus luann Dinneen agus Ó Dónaill araon an focal galldúda leis an chiall búr, fuirseoir. (Is dócha gur Gall, duine eachtrannach, atá i gceist leis an chéad chuid.)
Seachas an dá fhoinse seo, ní bhfuair mé aon tsampla eile de na focail dúid ná dúda in úsáid mar théarma maslach le tagairt a dhéanamh do dhaoine i dtéacsanna Gaeilge. Lena rá ar dhóigh eile, is fíorannamh a úsáidtear an téarma seo le cur síos a dhéanamh ar dhaoine agus mar gheall air sin, ní mór dúinn an cheist a chur, an é seo an focal (nó an focal de na focail é seo) a mbaineadh lucht na Gaeilge úsáid as/astu nuair a chonaic siad gaige ardaicmeach ag siúl go mórluachach trí cheantar na mbocht? I ndiaidh an tsaoil, tá sé le tuiscint ó shainmhíniú Uí Dhónaill gur duine íseal, ciotach, cúlanta, caochóg ar chóisir, duine cotúil leamh atá i gceist le dúid, an chorruair a úsáidtear an téarma sin le daoine. An phríomhchiall atá le dude an Bhéarla, gur duine a dhéanann seó saolta de féin atá ann, duine a nochtann a chuid saibhris agus a thuiscint ar stíl agus ar fhaisean don tsaol mhór.
Ní hamháin sin, ach is léir go bhfuil an gnáthbhunús a luann lucht na sanasaiochta (go dtig sé ón amhrán Yankee Doodle, a bhfuil baint láidir aige le gaigí agus le bónna aonaigh) i bhfad níos láidre ná cás Cassidy. Níl i leagan Cassidy ach caimiléireacht aineolach mhíchumtha ó bhréagadóir bromúdarásach naircisíoch nach raibh scileanna ná cáilíochtaí ar bith aige.