Níos Mó Ar An Chaidhp Bháis

Phostáil mé roimhe seo faoi bhunús Gaeilge (mar dhea) an fhrása “to put the kybosh on something.” I bpostáil darbh ainm Putting The Kybosh on Cassidy (Bealtaine 2016), luaigh mé gur minic roimhe seo a maíodh gur Gaeilge é kybosh (i bhfad sular foilsíodh leabhar bómánta Cassidy). Deirtear gur leagan truaillithe de na frásaí caip bháis nó caidhp bháis atá ann. An gnáthmhíniú air sin ná gur tagairt atá ann don chaipín dubh a chuireann breitheamh ar a cheann agus é ag daoradh duine chun báis.

Is féidir plé spéisiúil ar an téarma seo le hAnatoly Liberman a léamh ag blag an OUP anseo:

https://blog.oup.com/2013/08/three-recent-theories-of-kibosh-word-origin-etymology/

Sa phlé a rinne mé ar an bhunús Gaeilge a mhaítear don fhocal kybosh, luaigh mé nár tháinig mé ar thagairt ar bith don bhunús Gaeilge seo roimh cheann a foilsíodh ar an Cornell Daily Sun i mí na Nollag, 1936. San alt sin, tá cur síos ar léacht a thug fear darbh ainm Conboy faoi bhunús Gaeilge roinnt focal i mBéarla.

“Kibosh,” Conboy said today, “comes from ‘caip,’ which means cap, and bais,’ which means death. “It originated in Ireland about the time of Judge Norbury, who was called the ‘hanging judge.’

An lá faoi dheireadh, bhí mé ag déanamh roinnt taighde nach mbaineann leis an ábhar seo ar na Irish News Archives (Cartlanna Nuachtán na hÉireann), cartlann bhreá inchuardaithe de shean-nuachtáin Éireannacha. Bhí mé ar shéala an ríomhaire a dhruidim agus dul a luí, nuair a shocraigh mé kibosh/kybosh a chuardach lena fháil amach cad é a bhí ann.

Tá an plé thíos bunaithe ar thorthai an chuardaigh sin.

Sa Kerry Champion ar an 6ú lá de Mheán Fómhair, 1930, foilsíodh litir ó dhuine a d’úsáid an leasainm Oisín i ndiaidh na Féinne. Bhí an duine seo ag labhairt ar an Choláiste Gaeilge ar an Daingean i gCiarraí:

I asked him all about the Colaisde. “The Colaisde is it?” said he. “The koybosh (caip bhais) is put on it altogether for the past few years, and this year beat them all.”

I dtús báire, shíl mé gur léirigh seo go soiléir gur cor cainte Gaeilge atá i gceist le koybosh agus gur fíorphíosa fianaise é seo. Agus sin ráite, nuair a léigh mé an chuid eile de na haltanna, ní raibh mé chomh cinnte sin.

Ar an 21ú Aibreán, 1933, ar Scéala Éireann (The Irish Press) deir Seosamh S Ua Ceallaigh ó Richmond i Surrey gur tagairt atá ann don chaipín dhubh a chuireann breitheamh ar a cheann agus gur caip báis atá ann sa Ghaeilge. Ach, ceithre lá ina dhiaidh sin (25ú Aibreán 1934), scríobh fear darbh ainm Rice ó Liatroim san Irish Press gurb ionann é agus ‘an chuid sin den chochall a tharraingítear síos thar aghaidh an duine mhairbh go díreach roimh an adhlacadh’. Maíonn ‘Ballyduag’ gur caipín dubh an bhreithimh atá i gceist san Irish Independent ar an 10ú Aibreán 1943, ach faoina litir tá litir eile le John Grogan ó Bhaile Átha Cliath, a shonraíonn go bhfuil an frása an chaip báis ag tagairt don chaipín pice a bhí mar chéasadh/pionós ag na Sasanaigh in Éirinn san 18ú haois.

Ach ní hé sin a dheireadh. Scríobh duine dar leasainm “Periscope” san Irish Examiner ar an 18ú Eanáir, 1927 gur tháinig “putting the kybosh on it”  ón fhocal Gaeilge “cabais”. Dar leisean, ciallaíonn cabais bheith ag labhairt raiméise faoi ábhar. Ar ndóigh, níl mórán measa agam ar an tuairim seo. Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid d’fhocal ann agus cabais. Tá focail ann atá cosúil leis, ar nós cabaireacht, ach níl rud ar bith ann atá cóngarach go leor, dar liom féin.

Deir litir ón Chanónach Maguire, S.P., san Irish Independent ar an 26ú Eanáir 1943 nach bhfuil baint ar bith idir an fhocal kybosh agus bosh (raiméis) ach gur tháinig sé ó caoi bais, nó “bealach an bháis”. De réir cosúlachta, níl duine ar bith eile ar aon intinn leis agus níl an frása seo le fáil i bhfoinse ná i dtéacs ar bith eile.

Agus sin ráite, agus mé ag amharc ar na tagairtí éagsúla, fuair mé gur cumadh na cinn is luaithe, agus is spéisiúla, sa bhliain 1909. In alt darbh ainm An American Professor on England, a foilsíodh ar an 29ú Samhain, 1909, bhí an méid seo le rá ag scríbhneoir anaithnid ar fhoireann an Freeman’s Journal:

Many expressions familiar in American-English are clearly translations or adaptations from the Gaelic: not a little slang was good idiomatic Gaelic, and such an extraordinary word as kybosh – “to put the kybosh on a man or a scheme” – takes a very curious interest when, as Mr J.H. Lloyd tells in one of his invaluable vocabularies to Irish poems or stories – it is traced to the extinct phrase “the cap of death” – i.e. the black cap of the hanging judge.

Ba shaineolaí ar an Ghaeilge é J.H. Lloyd, nó Seosamh Laoide. Ach thug Lloyd freagra ar an alt seo ar an 2ú de mhí Nollag sa Freeman’s Journal agus ba léir nach raibh sé sásta. Rinne sé gearán gur cuireadh a chuid tuairimí as a riocht:

Dear Sir – In your issue of 29th November, one of your leader writers, towards the end of the article “An American Professor on England”, quotes me in connection with the word “kybosh”, to put the kybosh on a man or a scheme. So far, he is correct. When, however, he adds the explanation “the cap of death,” apparently attributing this to me, he is very much astray.

In the vocabulary to Mac Mic Iasgaire Bhuidhe Luimnigh, published by the Gaelic League, I set down that caidhp bathais, to my surmise an expression of the lost Leinster dialect of Irish, was the probable etymon of “kybosh”.

Deir sé ina dhiaidh sin gur caipín nó fial bharr an chinn an chiall a bheadh ar caidhp bathais. Deir sé go bhfuil guta gairid sa dara siolla de kybosh agus go gciallaíonn sin nach dtiocfadh leis teacht ón fhrása caidhp báis. Deir sé go neamhbhalbh nár tháinig sé riamh ar shampla den fhrása in úsáid sa Ghaeilge (“though I have failed to find the word in use in an Irish dress”). Agus deir sé go bhfuil sé lánchinnte go bhfuil kybosh eile ann, frása a tháinig ón Ghiúdais nó ón Eabhrais. Deir sé gur 18 pingin nó rud éigin gan luach an chiall a bhí leis sin. De réir Laoide, mar sin, tá dhá bhunús ar leith leis an fhocal kybosh, ach deir sé fosta go bhfuil an leagan focal sin “to put the kybosh on something” iontach tipiciúil de chomhréir na Gaeilge agus gur léiriú láidir sin gurbh ón Ghaeilge a tháinig sé. (Tá cor cainte den chineál chéanna ó Chorcaigh pléite agam ar an bhlag seo, mar atá, an frása “to put the cawheke on something”.)

Cad é a chiallaíonn seo uilig? Bheinn níos sásta anois glacadh leis an fhéidearthacht gur frása de bhunús Gaeilge atá ann, thagann duine éigin ar fhianaise. Ach ní leor a rá go bhfuil dul na Gaeilge ar an fhrása “to put the kybosh on it”. Nach bhfuil neart frásaí den chineál seo nach bhfuil baint acu leis an Ghaeilge, leithéidí “to put the damper on it?” Agus cé go bhfaightear leithéidí kybosh, coybosh agus fiú caidhp bháis go minic i nuachtáin Ghaeilge ó fhichidí an 20ú haois, níl rian ar bith de caidhp bháis, caip bháis, caidhp bhathais nó caip bhathais le fáil áit ar bith roimh na tagairtí in 1909. Sin 75 bliain i ndiaidh don fhocal kybosh bheith curtha i gcló den chéad uair i Sasana. Agus ní mór dúinn a chuimhneamh gur glacadh le cuid mhór focal ar nós spraoi agus craic sa Ghaeilge, agus measann a cuid cainteoirí gur dlúthchuid sheanbhunaithe den teanga iad, ainneoin nach bhfuil sin fíor.

Chomh maith leis sin, is léir nach bhfuil sa bhaint idir an focal kybosh agus caidhpeanna báis (cibé míniú atá agat ar an fhrása sin) ach raiméis. De réir cosúlachta, tá sé le cur síos do mhíléamh nó cuimhne iomrallach ar bharúil Leoide sa ghluais i leabhar leathdhearmadta a foilsíodh in 1909. Más amhlaidh atá, is eiseamláir luath é den dóigh a scaiptear méimeanna bréige go víreasach cionn is go bhfuil cruth na fírinne ar na fíricí bréige iontu agus gur furasta cuimhneamh orthu mar gheall air sin.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.