Bhí mé ag amharc ar na daoine a cháin mé thar na blianta, agus rith sé liom gur chóir dom níos mó a rá faoi Peter Quinn, duine atá cáinte agam go mór agus go minic anseo as an tacaíocht a thug sé don chaimiléir agus bréagadóir Daniel Cassidy, údar an leabhair How The Irish Invented Slang.
Is scríbhneoir ó Nua-Eabhrac é Peter Quinn, duine nár chaill deis riamh lena chara Cassidy a mholadh go poiblí. Tá an locht ar Quinn agus a leithéidí gur shíl daoine aineolacha go raibh cuid den cheart ag an Chaisideach agus go raibh croí fíor taobh istigh de na bréaga go léir.
Ach an té a luíonn le madaí, éiríonn sé le dreancaidí. Agus daoine mar Quinn, a mholann caimiléirí agus bréagadóirí go hard na spéire cionn is gur cairde dá gcuid iad, ní fiú sop féir iad.