Cassidy’s Brother, Mike

A few days ago, I received a message from Daniel Cassidy’s brother, Michael. Michael Cassidy clearly still maintains some strong respect or affection for his brother, in spite of everything. I initially thought that I should put the message in the bin without answering it but in spite of that, I published his opinions along with my own answers to those opinions.

It was a bad-tempered, ill-mannered exchange (on both sides). After putting up answers to four of his messages, I saw that he had sent another message, asking me to delete his messages, because he didn’t want to deal with trolls and bores. It was too late to do anything about it that night, but when I thought about it, it occurred to me that I should delete the controversial posts. Not because of Mike’s disapprobation (I am right about his brother and I will continue to tell the truth), but because there was far too much bad temper and bad manners and sarcasm in it. CassidySlangScam is here to protect the Irish language from fraudsters and to spread the truth about Cassidy. To make a long story short, the standard of those posts was not high enough and that is why I put them in the bin.

Roinnt laethanta ó shin, fuair mé teachtaireacht ó dheartháir Daniel Cassidy, Michael. Is léir go bhfuil meas nó cion láidir ag Michael Cassidy ar a dheartháir go fóill, in ainneoin na n-ainneoin. Bhí mé ag smaoineamh gur chóir dom a theachtaireacht a chur sa bhruscar gan í a fhreagairt ach i m’ainneoin féin, d’fhoilsigh mé a chuid tuairimí maraon leis na freagraí a bhí agam ar na tuairimí sin.

Comhrá cantalach, drochmhúinte a bhí ann (ar an dá thaobh). I ndiaidh dom freagraí a chur suas ar ceithre theachtaireacht uaidh, chonaic mé go raibh teachtaireacht eile curtha aige, ag iarraidh orm na teachtaireachtaí s’aigesean a scrios, cionn is nach mbíonn sé sásta déileáil le troill ná leadránaithe. Bhí sé rómhall rud ar bith a dhéanamh an oíche sin, ach nuair a smaoinigh mé air, rith sé liom gur chóir dom na postálacha conspóideacha a scrios. Ní mar gheall ar an méid a dúirt Mike (tá an ceart agam faoina dheartháir agus leanfaidh mé de bheith ag insint na fírinne), ach cionn is go raibh i bhfad barraíocht den chantal agus den drochmhúineadh agus den tseanbhlas ann. Tá CassidySlangScam anseo leis an Ghaeilge a chosaint ar chaimiléirí agus leis an fhírinne faoin Chaisideach a scaipeadh. Lena rá i mbeagán focal, ní raibh caighdeán na bpostálacha sin ard go leor, agus sin an fáth ar chaith mé sa bhruscar iad.

Advertisements

One thought on “Cassidy’s Brother, Mike

  1. DebunkerOfCassidy Post author

    Ba mhaith liom a rá anseo fosta nach Michael Scott an t-ainm atá orm (rud a pléadh sa phost sin).
    I would also like to point out here that my name is not Michael Scott, a question that was discussed in the post.

    Reply

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.