Monthly Archives: October 2018

Cá huair nach troll é troll?

Sa bhliain 2013, thosaigh mé ar an bhlag seo a choinneáil mar fhreagra ar leabhar Daniel Cassidy, How The Irish Invented Slang. Bhí fuath agam don leabhar seo, agus ní gan chúis: tá dúil mhór agam sa Ghaeilge, agus bhí leabhar Cassidy lán den Ghaeilge bhréagach nach raibh baint dá laghad aici le fíorGhaeilge; bhí Cassidy iontach maith ag lí roimhe agus ina dhiaidh agus ag plámásaíocht le daoine a raibh cairde sa chúirt acu agus bhain sé úsáid as na naisc seo a bhí saothraithe aige chomh cúramach sin le cuma an léinn a chur ar shaothar nach bhfuil pioc níos léannta ná leabhair Erich von Daniken; chruthaigh Cassidy íomhá den radacacht, agus mar gheall air sin, rinneadh ionsaí ar aon iarracht an fhírinne a insint faoi Cassidy agus a chuid caimiléireachta agus maíodh nach raibh ann ach iarracht clíceanna mistéireacha Anglaifíleacha a chosaint i saol na teangeolaíochta. Agus mé ag déanamh taighde ar Cassidy, fuair mé amach (ó dheirfiúr Cassidy) gur theip air a chéim a fháil ó Cornell agus nach bhfuil míniú ar bith ar ghairm Cassidy mar ‘ollamh’ ag New College of California ach calaois lom neamhleithscéalach.

Ó thosaigh mé ag blagáil cúig bliana ó shin, is minic a cáineadh mé. Ar roinnt ócáidí, tugadh troll orm. An uair dheireanach dar tugadh troll orm, bhí sé roinnt míonna ó shin, nuair a thug deartháir Cassidy, Michael, an t-ainm maslach sin orm.

Mar sin de, tá mé ag machnamh ar na mallaibh faoi cad é go díreach a chiallaíonn an focal troll agus shíl mé go roinnfinn mo chuid smaointe le léitheoirí an bhlaig seo. I dtús báire, b’fhéidir gur chóir dúinn amharc ar shainmhíniú coitianta den téarma troll, cosúil leis an cheann seo ó Wikipedia:

In Internet slang, a troll is a person who starts quarrels or upsets people on the Internet to distract and sow discord by posting inflammatory and digressive, extraneous, or off-topic messages in an online community (such as a newsgroup, forum, chat room, or blog) with the intent of provoking readers into displaying emotional responses and normalizing tangential discussion, whether for the troll’s amusement or a specific gain.

An chéad rud a léim amach anseo ná an chuid sin faoi ‘in an online community’ (i bpobal ar líne’). Is blag é CassidySlangScam a bhunaigh mé leis an fhírinne a nochtadh faoi leabhar Daniel Cassidy, agus chomh maith leis sin, le faisnéis a chur ar fáil faoi rudaí iontaofa agus neamhiontaofa a chum daoine eile seachas Cassidy maidir le sanasaíocht na Gaeilge. Ar na hócáidí sin nuair a d’fhág mé teachtaireachtaí ar fhóraim níos poiblí, ní dhearna mé iarracht duine ar bith a ghortú ná olc a chur orthu. Is é an phríomhaidhm a bhí agam ná faisnéis a chur ar fáil agus na bréaga agus an raiméis a scaip Cassidy agus a chuid cairde a dhíchruthú.

An fhadhb atá ann, de réir cosúlachta, ná go bhfuil a lán daoine ann a shíleann gurb ionann troll agus duine nach n-aontaíonn leosan. Níl an ceart acu. Níl mise ag iarraidh olc a chur ar dhaoine, cé gur cuma liom dáiríre má chuirim olc ar dhaoine a bhfuil an cáineadh tuillte acu. Is é fírinne an scéil – agus is fírinne é, gan amhras – gur Daniel Cassidy agus an dream liútálaithe a lean é a thosaigh seo. Iadsan a scaip bréaga, iadsan a mhaslaigh scoláirí ionraice, iadsan a rinne ionsaí ar dhuine ar bith nár aontaigh le caimiléireacht lom fhollasach. Tá liosta fada frásaí gránna, míchumtha, mímhacánta i leabhar Cassidy, frásaí nach bhfuil baint ná páirt acu leis an Ghaeilge. Sa bhlag seo, thug mé dúshlán lucht cosanta Cassidy arís agus arís eile. D’iarr mé orthu fianaise a chur ar fáil le tacú le hamaidí Cassidy, fianaise ar féidir í a dhearbhú nó a bhréagnú go hoibiachtúil. Ní dhearna duine ar bith acu raiméis Cassidy a chosaint riamh. Síleann siad gur chóir do dhaoine a dtuairimí a ghlacadh i ndáiríre, fiú nuair nach bhfuil sna tuairimí sin ach deargchumadóireacht agus nuair nach bhfuil siad sásta iad a chosaint le cruthúnas.

Is maith leis na daoine seo ligean orthu gur fear ionraic a bhí i nDaniel Cassidy, duine a raibh dea-rún aige agus nach raibh ann ach go ndearna sé roinnt meancóg. Tá an méid sin ag teacht salach ar an fhianaise go léir. Tá a lán, lán samplaí ar an bhlag seo de mhímhacántacht, de phoimpéis, d’éirí in airde agus de dhroch-chroí an duine seo. Ní raibh meas dá laghad tuillte aige. Ní raibh oiread agus trua tuillte aige.

Más dóigh le duine ar bith gur chóir dom bheith níos cineálta faoi Cassidy (agus tá mé ag déanamh go bhfuil na daoine a thugann troll orm ag maíomh nach bhfuil bunús leis na hionsaithe a rinne mé ar Cassidy), tá sé thar am acu roinnt cruthúnais a thairiscint nach bréagadóir a bhí ann.  Níor thug duine ar bith fianaise ar bith nach naircisíoch agus caimiléir a bhí in Daniel Cassidy. Agus mura dtig leo sin a dhéanamh, leanfaidh mise de bheith ag insint na fírinne agus ag rá nach bhfuil in Cassidy agus sna daoine a dhéanann an cur i gcéill seo a chosaint ach bréagadóir gan náire.

Agus gach rud ráite, dá dtiocfadh leo an blag seo a bhréagnú agus fianaise a thabhairt go raibh an ceart ag Cassidy, nach neartódh sin an cás gur troll mise? Ach má shíleann siadsan gur chóir do gach duine glacadh lena gcuid tuairimí gan fianaise, agus go bhfuil an ceart acusan teacht anseo agus mise agus daoine eile a cháineann Cassidy a mhaslú gan argóint réasúnach a dhéanamh, nach cruthú é sin gurb iadsan na troill?

When is a troll not a troll?

In 2013, I decided to start this blog as a response to Daniel Cassidy’s book How The Irish Invented Slang. My reasons for hating this book were numerous: I am a lover of the Irish language, and Cassidy’s idiotic book is stuffed full of fake Irish which has nothing to do with the genuine article; Cassidy was good at sliming and sucking up to well-connected people and he used these carefully-cultivated links to give an air of scholarship to a work that is no more scholarly than Erich von Daniken; Cassidy cultivated an image of radicalism, so that any attempt to tell the truth about Cassidy’s hoax has been attacked as an attempt to protect mysterious right-wing and Anglophile cliques in the world of linguistics. During my research on Cassidy, I also found out (from his sister) that he failed his degree at Cornell and that the only explanation for his ‘professorship’ at New College of California is straightforward and simple fraud.

Over the last five years of blogging, I have been criticised many times. On a number of occasions, I have been accused of being a troll. The last time I was accused of trolling was a couple of months ago, by Cassidy’s brother Michael.

So, I have been thinking recently about what a troll is and what a troll is not and I thought I would share these thoughts with my readers here. Firstly, let’s take a common definition of the term, such as the definition from Wikipedia:

In Internet slang, a troll is a person who starts quarrels or upsets people on the Internet to distract and sow discord by posting inflammatory and digressive, extraneous, or off-topic messages in an online community (such as a newsgroup, forum, chat room, or blog) with the intent of provoking readers into displaying emotional responses and normalizing tangential discussion, whether for the troll’s amusement or a specific gain.

The first point that leaps out here is the bit about ‘in an online community’. CassidySlangScam is a blog established by me to tell the truth about Daniel Cassidy’s book, and also to provide information about genuine and not so genuine claims about Irish etymology made by people other than Cassidy. On those occasions where I have left messages on more public forums, I have never deliberately sought to cause offence. My primary aim here is to provide information, to counter the lies and the nonsense spread by Cassidy and his crony friends.

The problem seems to be that some people regard not agreeing with them as trolling. It isn’t. I am not primarily trying to upset people, though I really don’t care if I do upset people who deserve it. The fact is – and it is a fact – that Cassidy and his odious clique of hangers-on began this. They spread fake information, slandered genuine scholars, attacked anyone who disagreed with what was an obvious and demonstrable piece of dishonesty. There is a long list of ugly, misshapen and entirely bogus phrases in Cassidy’s book. In this blog, I have consistently challenged Cassidy’s defenders to provide genuine, objectively-verifiable evidence of any of his claims. None of them has ever done so. These people think they are special, better than the rest of us, just as Cassidy did. They think they have a right to have their ideas taken seriously, even when those ideas are pure invention and they are not prepared to defend them with proof.

They also like to pretend that Cassidy was an honest and well-intentioned man who just got it a bit wrong. This also flies in the face of all the evidence. This blog gives dozens of examples of this man’s dishonesty, pomposity, arrogance and bad faith. This man deserved no respect. He was not even deserving of my pity.

If anyone thinks I should be kinder about Cassidy (and presumably those who call me a troll are claiming that my attacks on Cassidy are unjustified), then they need to offer some proof that he wasn’t a liar. Nobody has ever provided any proof that Cassidy was anything other than a narcissist and a fake. Until they do, I’ll keep on telling the truth and saying that Cassidy and anyone who defends his hoax is a shameless liar.

After all, if they could disprove this blog and give evidence that Cassidy was right, wouldn’t that strengthen the case that I’m a troll? But if they think everyone should accept their beliefs without evidence, and that they have a right to come here and insult me and other critics of Cassidy without any attempt to argue rationally, isn’t that proof that they are the trolls?

Caunfort Ladran

The late Daniel Cassidy, in his absurd book of fake etymology, ‘How The Irish Invented Slang’, claimed that there were hundreds of Irish expressions hidden in American slang. We have already seen that in the vast majority of these cases, the Irish expressions cited by Cassidy do not exist and were invented by Cassidy himself.

We do find occasional traces of the Irish language in American slang. This phrase, caunfort ladran, is one of the most interesting examples. Cassidy failed to spot it, either because he was too lazy to read all the slang dictionaries, or because he read this and failed to spot that it was Irish. (Cassidy didn’t speak any Irish at all.)

The phrase caunfort ladran is given in a criminal slang dictionary of 1908 called ‘Criminal Slang’ by a certain Joseph M. Sullivan, a lawyer at the Boston Bar. On page 5 of this book, we find:

Caunfort Ladran Master thief (Irish); same as head of a mob.

The (Irish) is a reference to language rather than location. Caunfort Ladran represents the Irish ceannfort ladrann, meaning commandant of thieves.

Was this a genuine expression used among Irish-speaking criminals? There is no way of knowing. There are a few Irish and Hiberno-English expressions in Sullivan’s book. Thus we find things like Souper, a fellow who works the churches to advance himself, – an insincere convert, or Sthreel, a slouchy woman (from Irish sraoill). Shebeen and shoneen are also mentioned.

However, the usual modern Irish term for thief is gadaí, not ladrann (a borrowing from Latin, resembling Spanish ladrón). In other words, I wonder whether Sullivan simply got a translated term for a leader of thieves from some Irish scholar in his community and pretended that it was current in the criminal underworld.

One thing is sure. The existence of this phrase does nothing to strengthen Cassidy’s case. For one thing, Cassidy actually missed it. Secondly, this is a genuine Irish phrase. It means what it is supposed to mean and it is labelled as Irish in the source text. It bears no relation to the rubbish given as Irish in Cassidy’s book.

 

Mhaígh Daniel Cassidy, nach maireann, ina leabhar áiféiseach den tsanasaíocht bréige, ‘How The Irish Invented Slang’, go raibh na céadta focal de bhunús Ghaeilge na hÉireann le fáil i mbéarlagair Bhéarla Mheiriceá. Mar a chonaic muid roimhe seo, sa chuid is mó de na cásanna seo, ní raibh na frásaí ‘Gaeilge’ a luaigh Cassidy ann ar chor ar bith. Ní raibh iontu ach raiméis a chum an Casaideach féin.

Níl i leabhar Cassidy ach amaidí. Ach bíonn corr-rian den Ghaeilge le fáil i mbéarlagair na Stát Aontaithe. Tá an frása atá i gceist anseo, caunfort ladran, ar cheann de na samplaí is suimiúla. Níor thug Cassidy faoi deara é. B’fhéidir go raibh sé rófhalsa na foclóirí béarlagair uilig a léamh, nó b’fhéidir gur léigh sé é agus nár aithin sé gur Gaeilge a bhí ann. (Ní raibh Gaeilge ar bith ag Cassidy, ar ndóigh.)

Tugadh an frása caunfort ladran i bhfoclóir den bhéarlagair coiriúil a foilsíodh sa bhliain 1908, ‘Criminal Slang’ le fear darbh ainm Joseph M. Sullivan, dlíodóir ag Barra Bhostúin. Ar leathanach 5 den leabhar sin, tá an méid seo scríofa:

Caunfort Ladran Master thief (Irish); same as head of a mob.

Tá an (Irish) sin ag tagairt don teanga, ní don tír. Is ionann caunfort ladran agus ceannfort ladrann, nó ceannaire na ngadaithe.

An fíor go raibh ceannfort ladrann in úsáid i measc gadaithe Gaelacha? Níl a fhios againn. Tá roinnt focal a tháinig ón Ghaeilge nó ó Bhéarla na hÉireann i leabhar Sullivan. Tá leithéidí Souper, a fellow who works the churches to advance himself, – an insincere convert, nó Sthreel, a slouchy woman ann (ó sraoill na Gaeilge). Tá shebeen agus shoneen luaite ann fosta.

Agus sin ráite, is é gadaí an focal is coitianta ar thief an Bhéarla, ní ladrann (focal a fuair an Ghaeilge ón Laidin, agus atá gaolta le ladrón na Spáinnise). Lena rá ar dhóigh eile, b’fhéidir nach bhfuil ann ach gur iarr Sullivan ar scoláire Gaeilge i mBostún téarma Gaeilge a chur ar fáil ar ‘master thief’ agus nach raibh sé riamh in úsáid i measc na gcoirpeach féin.

Rud amháin atá fíor. Ní neartaíonn sé cás Cassidy go bhfuil a leithéid de fhrása ann. Ar an chéad dul síos, chaill Cassidy é, in ainneoin an diantaighde a rinne sé don leabhar, dar leis féin. Ar an dara dul síos, is fíorphíosa Gaeilge é seo. Tá sé ag teacht leis an bhrí a luaitear leis sa téacs, agus tá sé lipéadaithe mar Ghaeilge sa bhuntéacs. Níl baint ar bith aige leis an amaidí a tugadh mar Ghaeilge i leabhar Cassidy.

The Brooklyn Boys

On August 16th 2004, Daniel Cassidy posted a message on the Linguist List about his latest crackpot theory. He had come across the term The Brooklyn Boys in the plays of Eugene O’Neill and decided to invent an Irish origin for the phrase.

In reality, Brooklyn Boys is a slang term for the DTs or for a hangover. The expression has been on record since 1883. Nobody is sure about its origin but one source mentions that there were many breweries and distilleries in Brooklyn, which sounds reasonable.

Cassidy really excelled himself in his version of the origin of this phrase. According to him, Brooklyn Boys represents the ‘Irish’ phrase Bru/cht [Sic – should be brúcht] lionn baithis. According to Cassidy, this phrase means ‘Booze and bile bursting out the top of the head’ and is pronounced brook-lyn-boice.

In reality, this phrase makes no sense at all. Brúcht lionn baithis is just a list of three words with no grammar to define their relationship, which sort of means something like “Belch bodily humour top of head.” Even if you accepted that it meant ‘booze and bile bursting out the top of the head’, is this a convincing description of the DTs? The usual term for the DTs is rámhaille an óil (the raving of drink). The image of sweat and other bodily fluids erupting out of the top of someone’s head like a volcano is ludicrous, disturbing and completely unconvincing.  And of course, it would be pronounced brookht-lin-ba-hish (with the kh as in Scottish loch or Spanish j), not brook-lyn-boice. This is another clear example of Cassidy’s dishonesty. Every fact was manipulated in the direction of Cassidy’s conclusions.

Of course, a supporter of Cassidy would probably point out that this never made it to the book and that this implies some kind of quality control. In fact, the vast majority of the phrases in the book are every bit as mad and silly as phrases like athbhreith céad athbhreith (=abracadabra, according to Cassidy) or brúcht lionn baithis, that never made it to the book. Cassidy’s mind was a junkyard of half-formed nonsense, and the book simply represents whatever garbage happened to be between Cassidy’s ears in the year before publication. They are no more believable or reasonable than the other stupid claims that were lost along the way.

 

Ar an 16 Lúnasa 2004, chuir Daniel Cassidy teachtaireacht suas ar an Linguist List faoi theoiric nua a bhí cumtha aige. Tháinig sé ar an téarma The Brooklyn Boys i ndrámaí Eugene O’Neill agus shocraigh sé ar bhunús ‘Gaeilge’ a chumadh leis an fhriotal seo a mhíniú.

Is é fírinne an scéil gur téarma béarlagair é The Brooklyn Boys ar rámhaille an óil (delirium tremens) nó ar phóit uafásach. Taifeadadh an téarma sin den chéad uair sa bhliain 1883. Níl a fhios ag duine ar bith faoi shanasaíocht an fhrása, ach deir foinse amháin go raibh a lán grúdlann agus drioglann in Brooklyn, agus tá sin cineál réasúnta mar mhíniú.

Tá caimiléireacht Cassidy maidir leis an chor cainte seo níos measa fiú ná an ghnáthraiméis a chumadh sé. Dar leisean, is ionann Brooklyn Boys agus an friotal ‘Gaeilge’ Bru/cht [=Brúcht] lionn baithis. Dar le Cassidy, ciallaíonn an bolgam seo ‘Biotáille agus domlas ag brúchtadh amach as barr an chinn’ agus deirtear é mar brúc-lion-bóis (brook-lyn-boice).

Ní gá dom a rá le duine ar bith a bhfuil Gaeilge aici nó aige gur raiméis é seo. Níl ann ach trí fhocal gan gramadach lena gceangal le chéile. Fiú dá nglacfadh duine leis an íomhá áiféiseach de lionn ag brúchtadh amach as barr an chinn mar a bheadh bolcán ann, cad é an bhaint atá aige sin le rámhaille an óil? Agus ar ndóigh, ní mar brúc-lion-bóis a déarfaí é. Is eiseamláir shoiléir eile seo de mhí-ionracas Cassidy. Lúbadh agus camadh gach fíric ionas go mbeadh sí ag teacht le torthaí réamhcheaptha Cassidy.

Ar ndóigh, déarfadh lucht leanúna Cassidy nár foilsíodh an ceann seo sa leabhar, agus gur fianaise seo go raibh rialú caighdeáin de chineál aige ag Cassidy. Is é fírinne an scéil go bhfuil tromlach na bhfrásaí sa leabhar chomh craiceáilte agus bómánta le ‘athbhreith céad athbhreith’ (=abracadabra, de réir Cassidy) nó ‘brúcht lionn baithis’, cinn nár bhain an leabhar amach riamh. Is é a bhí in intinn Cassidy ná clós mangarae lán le bruscar leathfhoirmithe, agus is é atá sa leabhar ná cibé truflais a bhí idir cluasa Cassidy sa bhliain sular foilsíodh an leabhar. Níl siad pioc níos inchreidte ná níos réasúnta ná na bómántachtaí eile a mhaígh Cassidy ar an idirlíon ach nár chuir sé isteach sa leabhar agus a cailleadh ar an bhealach.