Níos luaithe sa bhliain, scríobh mé postáil faoin leabhar Motherfocloir. Sa phostáil sin, dúirt mé go raibh mé i bhfách le leabhar Dharaigh Uí Shéaghdha faoin Ghaeilge, ar an iomlán, ach mhothaigh mé go raibh an leabhar le cáineadh as taighde sleamchúiseach a bhí ann.
Ar na mallaibh, bhí mé ag éisteacht le roinnt podchraoltaí le Ó Séaghdha agus le foireann Motherfocloir. An chéad cheann ar éist mé leis, bhí sé bunaithe ar théama na Samhna, podchraoladh darbh ainm The Vampirish For. Is féidir leat é a aimsiú anseo: https://player.fm/series/motherfocloir/ep-62-62-the-vampirish-for
Thosaigh an podchraoladh seo go maith. Cháin sé cuid den amaidí a maíodh faoi bhunús an ainm Dracula, agus shéan sé an nasc leis an fhrása Gaeilge ‘Drochfhola’. Bréagnaíonn sé an teoiric seo agus deir sé nach bhfuil ann ach cacamas. Tá an méid sin ceart.
Agus sin ráite, léiríonn an podchraoladh an easpa céille agus taighde a d’fhág an leabhar chomh leamh sin. Phléigh mé na bréagtheoiricí faoi Abhartach, taoiseach agus vaimpír (mar dhea), a bhí ina chónaí i gceantar sléibhtiúil Dhoire fadó. Mar a scríobh mé roimhe seo, san fhíorscéal a scríobhadh faoi Abhartach, d’éirigh Abhartach ó na mairbh. Ina dhiaidh sin, maraítear le claíomh iúir é agus adhlacadh bun os cionn é agus carraig mhór os a chionn.
Tuairim is fiche bliain ó shin, cumadh leagan athbhreithnitheach den scéal seo. Sa leagan sin, d’éiligh Abhartach ar a phobal babhla fola a thabhairt dó agus dúradh gur neamh-mhairbh agus dearg-diúlaí é.
Mar sin de, tá an píosa seo faoi Abhartach ar phodchraoladh Uí Shéaghdha a bheag nó a mhór chomh holc leis an chuid den leabhar a bhaineann leis an tsanasaíocht. Bréagnaítear píosa amháin amaidí, agus ansin tugtar léar mór amaidí eile a tógadh ó fhoinsí neamhiontaofa gan an iarracht is lú an fhírinne a chinntiú. Lena cheart a thabhairt do Dharach Ó Séaghdha, ní eisean a insíonn an scéal seo ach aoi ar an phodchraoladh. Is dócha gur thóg an duine seo an chuid is mó den raiméis seo as Wikipedia, a bhfuil alt measartha fada ann faoi Abhartach. Tá sé inchreidte go leor ar an chéad dul síos, ach d’aithneodh duine ar bith a bhfuil ciall dá laghad aige gan mhoill go bhfuil sé chomh lán poll le píosa cáise ón Eilbhéis.
Rud amháin, maíonn sé gur léachtóir le Stair agus Béalóideas na gCeilteach é Bob Curran ag Ollscoil Uladh. Níl a leithéid de roinn ann in Ollscoil Uladh. Creidim gur síceolaí leanaí an ghairm atá aige agus deirtear liom nach léachtóir a bhí ann riamh, cé go bhfuil seans maith ann go raibh ranganna oíche á dteagasc aige. Ní irisleabhar piarmheasúnaithe é History Ireland. Is leor alt Curran ar vaimpírí a léamh leis an méid sin a thuiscint.
Ní hamháin sin, ach chuirfinn geall nach ndearna an PSNI cinneadh riamh séadchomhartha náisiúnta a thochailt le dúnmharú sa cheantar a réiteach, agus de réir Curran, gearradh lámh duine nuair a bhris sábh slabhrach agus daoine ag iarraidh an sceach a ghearradh. Sa phíosa fantaisíochta seo, gearrtar an lámh iomlán den duine de dheasca mhallacht Abhartaigh! Tchí Dia do chiall má chreideann tú sin!
Ar ndóigh, ní chreidim féin gur fíordhuine a bhí in Abhartach. Ach ní hé sin an fhadhb. Seo an fhadhb – is rud spéisiúil é an béaloideas, agus ábhar fiúntach staidéir, a bhfuil modhanna dá chuid féin aige. Níl scéalta a mhaisiú agus cumadóireacht a dhéanamh leis an scéal a ‘fheabhsú’ i measc na modhanna sin. I scéal Patrick Weston Joyce, fuair Abhartach bás agus d’éirigh sé ó na mairbh and bhí orthu cleasaíocht osnádúrtha a úsáid lena chur chun báis arís. Ní vaimpír a bhí ann. Tuairim is fiche bliain ó shin, rinneadh vaimpír d’Abhartach go tobann cionn is gur scríobh Peter Haining agus Peter Tremayne agus Bob Curran gur vaimpír a bhí ann. (An Peter Haining céanna a scríobh leabhar faoi Sweeney Todd agus a mhaígh gur charachtar stairiúil a bhí ann!) Ach cad chuige a ndúirt siad gur vaimpír a bhí ann? Cá has ar tháinig sin? Cá bhfuil an tagairt, cá bhfuil an fhianaise? Go dtí go bhfeicim rud éigin ó scéal béaloidis nó ó irisleabhar nó ó leabhar a bhí ann sula raibh na húdair sin i mbun pinn, is taibhse é Abhartach, ní vaimpír. Sin an rud atá scríofa sa bhunscéal.
Agus lena rá go hionraic, más amhlaidh nach vaimpír a bhí ann, níl baint ná páirt aige le Dracula.
Bhí rudaí eile ann a bhí níos amaidí ná sin. De réir an duine a d’inis an scéal, ní raibh aon leabhair ar an Trasalváin ag Stoker agus ní raibh tagairt ar bith do Vlad Dracul ina chuid nótaí. Amaidí! Chóipeáil Stoker roinnt eolais ó An Account of the Principalities of Wallachia and Moldavia le William Wilkinson faoi Vlad III. Chomh maith leis sin, tá an chéad chuid den leabhar suite sa Trasalváin agus is ríléir sa leabhar nach Gael é Dracula ach comhthíreach le Vlad III. Agus más fíor go raibh cóip de Stair na hÉireann le PW Joyce ina leabharlann ag Stoker, ní bhaineann sin le hábhar, mar níl aon tagairt d’Abhartach ná do vaimpír Gaelach ar bith eile sa leabhar sin.
Má bhí an podchraoladh sin go holc, bhí an dara ceann níos measa. Thig leat é a aimsiú anseo: https://www.headstuff.org/motherfocloir/45-2-mailbag-2-furious/
Dúirt an cur síos gur clár speisialta le post agus ríomhphoist a fhreagairt, agus go bpléifi tionchar Daniel Cassidy ann. Bhí mise ar bís le héisteacht leis, ar ndóigh.
I ndiaidh cúpla nóiméad den phodchraoladh, luaitear duine anaithnid a scríobhann go bhfuil dúil aige sa leabhar agus sa phodchraoladh de Motherfocloir agus go bhfuil sé ag iarraidh giota beag Gaeilge a fhoghlaim le bliain anuas. Deir sé fosta gur scríbhneoir agus ceoltóir é ó Nua-Eabhrac agus is iad TW cinnlitreacha a ainm. Chomh maith leis sin, luann sé postáil a scríobh sé faoi Daniel Cassidy sa bhliain 2007. Deir sé go bhfuil cnámh spáirne amháin aige, is é sin, an dóigh a ndearna an leabhar beag is fiú de theoiric réabhlóideach Cassidy faoi bhunús Gaeilge an bhéarlagair. Ó na sonraí a tugadh, is léir gur éigsín leamh darb ainm Terence Winch atá ann.
Tá Winch cosúil leis na liúdramáin phoimpéiseacha eile a thugann tacaíocht do Cassidy. “I am not sure all his examples would hold up to academic scrutiny but that does not mean to say that his overall theory is completely flawed.” Lena rá ar dhóigh eile, tá Winch ag dul a chur neamhshuim san fhianaise uilig a tugadh ar an bhlag seo agus in áiteanna eile, mar go gcreideann seisean nach bhfuil ann ach go ndearna Cassidy corrmheancóg, go bhfuil na teangeolaithe gairmiúla ‘ag díol an asail leis an adhastar’. Is é fírinne an scéil nach bhfuil á dhíol i leabhar Cassidy ach carn de chac asail. Tá sanasaíochtaí Cassidy scrúdaithe go mion agam anseo agus thaispeáin mé cad chuige nach bhfuil iontu ach caimiléireacht. Tá fáilte roimh Winch an dúshlán a fhreagairt a chuir mé roimh dhaoine eile a shíleann go raibh an ceart ag Cassidy. An dtig leat deich bhfocal a aimsiú ó shaothar Cassidy a ndearna Cassidy cás éifeachtach ar a son (i. cinn ina bhfuil an leagan Gaeilge ann agus nach bhfuil míniú níos fearr ar fáil sa Bhéarla nó i dteanga éigin eile)? Ádh mór leis an cheann sin!
Chuir freagra Dharach Uí Shéaghdha ar Terence Winch díomá orm. Teanga-liom-leatachas neamhleithscéalach a bhí ann. Sa leabhar Motherfocloir, cháin Ó Séaghdha leabhar Cassidy (sular imigh sé féin go Tír na nÓg leanbaí na mbréagshanasaíochta.) Ina fhreagra ar Winch ar an phodchraoladh, deir sé gur baisteadh Andrew Wakefield na teangeolaíochta ar Cassidy. Níl a fhios agam cé a dúirt sin, ach aontaím leis go hiomlán. (Ach amháin, b’fhéidir, gur fíordhochtúir a bhí in Wakefield, go dtí gur baineadh de liosta na ndochtúirí é. Ní raibh cáilíochtaí ar bith ag Cassidy riamh.)
Leanann Ó Séaghdha leis ansin agus deir sé nach raibh ann ach go ndearna Cassidy meancóga agus tá sé sin go breá agus is deacair aige an nimh atá san fheoil ag daoine maidir le Cassidy a thuiscint agus gur bréag a rá gur caimiléir nó cleasaí a bhí in Cassidy. Sílim gur léir ón méid sin nár léigh Ó Séaghdha mórán den bhlag seo riamh. Tá amhras orm gur léigh sé leabhar Cassidy riamh ach oiread, mar go n-áitíonn sé gur dhóigh le Cassidy gur tháinig an focal jazz sa Bhéarla ón fhocal Gaeilge deas. Dá mbeadh an leabhar léite aige mar is ceart, bheadh a fhios aige gur mhaígh Cassidy gurbh ón fhocal teas a tháinig sé, ach leis an scéal a dhéanamh níos casta, chreid Cassidy gur fuaimníodh teas mar ‘deas’ i nGaeilge Chúige Uladh, faisnéis a fuair sé ón fhoinse ab ansa lena chroí, a thóin féin.
Is mór agus is rómhór an dul amú a bhí ar Ó Séaghdha maidir le mí-ionracas Cassidy. Chaith Cassidy dhá bhliain déag ag ‘obair’ mar ollamh ollscoile, a bhuíochas don ‘oideachas’ a fuair sé ag Cornell agus Columbia. Mar a d’inis a dheirfiúr dom (agus dhearbhaigh cláraitheoir Columbia an fhíric sin ina diaidh), theip ar Cassidy céim a fháil ó Cornell agus níor fhreastail sé riamh ar Columbia. Fiú cairde agus lucht leanúna Cassidy, ní dhearna siad iarracht ar bith na fíricí seo a bhréagnú agus níor thug siad aon fhíricí a bhréagnódh iad nó aon leithscéalta as mí-iompar coirpeach Cassidy.
Agus sin ráite, is é an leabhar féin an fhianaise is mó a dhamnaíonn Cassidy. Na sainmhínithe ‘Gaeilge’ a thug Cassidy, rinneadh iad a shamhlú, a athscríobh, a chóipeáil go mícheart agus cumadh bríonna ‘fáithchiallacha’. Chum Cassidy na céadta frása a bhí go huile abus go hiomlán bréagach.
Sin an fáth (nó ceann de na fáthanna) a bhfuil an méid atá le rá ag Winch chomh hamaideach sin. De réir cosúlachta, tá Winch ag cur i gcéill go bhfuil na teangeolaithe ag iarraidh bheith cadránta deacair (cionn is go mothaíonn siad ‘faoi bhagairt’ ag Cassidy), cionn is go ndiúltaíonn siad glacadh le sanasaíochtaí amaideacha Cassidy cionn is nach bhfuil aon fhianaise chomhaimseartha gur thrasnaigh na frásaí seo idir an Ghaeilge agus béarlagair an Bhéarla. Ní hé sin an cheist.
Is é seo an cheist. Diúltaíonn teangeolaithe agus lucht sanasaíochta glacadh le bunús na bhfrásaí ‘Gaeilge’ a mhol Cassidy, ní cionn is nach bhfuil fianaise ann gur thrasnaigh siad ón Ghaeilge go Béarla, ach cionn is nach bhfuil fianaise ar bith ann gur Gaeilge iad.
Níor mhaígh duine ar bith gurb ionann béal ónna agus amaidí sa Ghaeilge go dtí gur chum Cassidy é, níor úsáid duine ar bith comhroghna leis an chiall cara nó comrádaí, níl foluach ann mar dhóigh le hamhantar a rá, is fantaisíocht lom iad leathluí géag agus liú lúith agus gus óil agus sách úr agus píosa theas agus na céadta píosa raiméise i leabhar Cassidy. Níor thug Cassidy fianaise dá laghad go bhfuil cuid ar bith den raiméis seo fíor agus níor chóir do theangeolaithe a gcuid ama a chur amú ar an rámhaille mí-ionraic na geilte seo.
Ba chóir go dtuigfeadh Terence Winch an méid seo, mar scríobh mise postáil ar an bhlag seo mar fhreagra ar an phostáil a scríobh sé in 2007 agus ag míniú nach raibh ach caimiléireacht sna samplaí uilig a luaigh sé ó shaothar Cassidy. Ní hamháin sin, ach chuir mé ina leith nach raibh ann ach comhchoirí i mí-ionracas Cassidy. B’fhéidir nár ghúgláil sé a ainm féin riamh ach … ní chreidim sin! Is léir nach bhfuil sé réidh éirí as an raiméis seo. Thig leat an phostáil sin a léamh anseo: https://cassidyslangscam.wordpress.com/tag/terence-winch/
Tá rud amháin eile a chuir isteach orm anseo. Sa phodchraoladh chéanna inar pléadh raiméis Winch, pléadh daoine gan Ghaeilge a mhílitríonn ainmneacha Gaeilge agus a fhágann na sínte fada ar lár. Sin rud a chuireann isteach ormsa fosta, ach is dóigh liom gurb aisteach an mhaise dóibh gearán a dhéanamh faoi sin cionn is go léiríonn sé easpa measa ar na Gaeil agus ar ár bhféiniúlacht, ach, san am chéanna, ar an phodchraoladh chéanna, deirtear nach bhfuil rud ar bith cearr le Poncán randamach éigin nár fhoghlaim an teanga riamh, a chum na céadta frása bréige ‘Gaeilge’ agus a rinne iarracht a mhaíomh gur fíorGhaeilge a bhí ann.
Níl sé maith go leor. Is masla é don chultúr agus don teanga agus don fhéiniúlacht s’againne, agus ba chóir a rá go neamhbhalbh le liúdramáin ar nós Terence Winch gur chóir díospóireachtaí intleachtúla a dhéanamh bunaithe ar an fhianaise, agus ní ar an bhonn gur cara maith le cara de chuid Terence Winch a bhí in Cassidy nó go bhfuil cairde Cassidy ar liosta Chártaí Nollag Terence Winch.
Agus sin ráite, tá súil agam nach dtógfaidh mo chairde Meiriceánacha (daoine modhúla, éirimiúla, réasúnta) orm é má deirim go bhfuil a thuilleadh ag baint leis seo. Dar liomsa, tá féith nimhiúil díomais i gcultúr nua-aoiseach Mheiriceá. Tháinig mé ar alt spéisiúil le Tom Nichols atá ag teacht go maith leis an teoiric sin: (https://www.marketwatch.com/story/the-real-reason-americans-cant-agree-on-unemployment-or-just-about-anything-else-2017-03-29):
“This isn’t just human nature, but the result of a narcissism that took root in American society after the 1960s and has been growing ever since. Surrounded by affluence, enabled by the internet, and empowered by an educational system that prizes self-esteem over achievement, Americans have become more opinionated even as they have become less informed, and are now utterly intolerant of ever being told they’re wrong about almost anything.”
Seo go díreach an rud atá ag tarlú anseo, dar liomsa. Níl mórán measa ag daoine i gcultúr na Stát Aontaithe na laethanta seo ar an chumas a admháil go ndearna tú meancóg, agus ní spéis le leithéidí Winch an fhírinne a chluinstin má chiallaíonn an fhírinne go gcaithfidh siad a admháil gur cuireadh dallamullóg orthu.
Bíodh seo fíor nó ná bíodh, rud amháin a léiríonn na podchraoltaí seo go ríshoiléir ná, a luaithe agus a scaoiltear méimeanna bréige mar seo amach sa tsaol mhór, tá sé beagnach dodhéanta iad a stopadh den ruaig a chur ar an fhírinne. Is é sin an fáth a raibh iompraíocht na Rubberbandits chomh míréasúnta ceanndána sin maidir leis an liosta sanasaíochtaí bréige a scaoil siad ar na meáin shóisialta. A luaithe agus a scaoiltear an ghinid as an bhuidéal, nó a ligtear d’Abhartach imeacht as a thuama le fuil a dhiúgadh, ní féidir iad a chur ar ais arís. Bréaga a bhfuil scéal maith ar a gcúl, sáróidh siad an fhírinne i gcónaí. Tá Motherfocloir in áit mhaith le hiarracht a dhéanamh cuid de na bréaga seo a stopadh. Ina áit sin, mar gheall ar dhrochthaighde agus falsacht intleachtúil agus an eagla atá orthu dul i ngleic leis an fhadhb go cróga agus olc a chur ar leantóirí díomasacha Cassidy mar Terence Winch, tá siad ag cuidiú leis an chaimiléireacht gan mhaith seo a leathadh in áit a dhúshlán a thabhairt mar is ceart.