Níos Mó Ar Phodchraoltaí Motherfoclóir

Chuir mé postáil suas ar na mallaibh inar cháin mé podchraoltaí Motherfoclóir, atá ag baint leis an leabhar Motherfoclóir le Darach Ó Séaghdha. Ar an iomlán, tá mé i bhfách le Motherfoclóir. Is maith liom an cuntas Twitter ar fhás sé as agus bhí an leabhar maith, den chuid ba mhó, cé go raibh cuid den taighde ann uafásach míchúramach (go háirithe maidir le ceisteanna sanasaíochta).

I ndiaidh dom éisteacht le dornán de na podchraoltaí, is oth liom a rá nach mbacfaidh mé leis an chuid eile. Níl seo le cur síos go hiomlán do Motherfoclóir féin. Is mó an bhaint atá aige leis an drochmheas ginearálta atá agam ar phodchraoltaí. Is é a bhíonn i gceist le podchraoltaí, comhrá éadrom faoi ábhar éigin agus cé go mbíonn roinnt fíricí iontu, is beag iad na fíricí i gcomparáid leis an chomhrá. Cuireann a lán acu (an ceann seo san áireamh) i gcuimhne dom na cúrsaí d’fhoghlaimeoirí teanga is measa dá bhfuil ann, ina gcaitear ceacht iomlán ar fhrása simplí ar nós “Peadar is ainm dom” agus san am céanna, cuirtear carachtair in aithne dúinn agus mínitear suíomh agus tá ceoilín ann srl.. Tá dlúthbhaint agam le teangacha agus leis an Ghaeilge agus leis an teangeolaíocht leis na blianta fada. Cé go mbíonn ábhar spéise sna podchraoltaí seo in amanna, is fíorannamh a phléitear rud ar bith nár chuala mé roimhe agus mar a dúirt mé sa phostáil eile, bíonn ábhar amhrais ann in amanna agus in amanna eile, tá an fhaisnéis mícheart amach is amach (mar a bhí sa phíosa faoi Abhartach).

Bhí mé ag éisteacht ar na mallaibh leis an phodchraoladh faoin nasc a mhaítear idir muintir na hÉireann agus Treibheanna Caillte Iosrael. (https://www.headstuff.org/motherfocloir/58-the-tribe-of-de-danann-irish-hebrew/)  (Aoi spéisiúil a bhí ann, ach sílim go dtiocfadh leis an phodchraoladh a bheith níos eolasaí dá gcuirfeadh siad na ceisteanna cearta uirthi. Mar shampla, mar theangeolaí, tá a fhios agam nach teanga Ind-Eorpach í an Eabhrais. Is teanga Ind-Eorpach í an Ghaeilge. Mar sin de, níl baint dhíreach idir an dá theanga agus má tá aon fhocail sa dá theanga atá cosúil lena chéile, níl ansin ach comhtharlú. QED.)

Agus sin ráite, i dtreo dheireadh an phodchraolta seo, tosaíonn Ó Séaghdha a labhairt go tobann faoi dhaoine de mo leithéid atá cinnte dearfa NÁR tháinig focal áirithe ón Ghaeilge. Deir sé faoi dhaoine diúltacha de mo leithéid “because of the way the burden of proof works, they can often be even more extreme than people who say it does.”

Níl a fhios agam go díreach cad é atá a rá aige leis an “because of the way the burden of proof works”. Thiocfadh leat glacadh leis go gciallaíonn sé nach bhfuil i dteangeolaithe agus daoine atá sásta fianaise a thabhairt lena dtuairimí a chosaint ach dream saoithíní gránna, cruálacha nach ligfidh do dhaoine eile sult a bhaint as corrfhíric bhréagach a nochtadh ag cóisirí dinnéir, ach is dócha nach nglacfadh duine ar bith leis ar an dóigh sin ach saoithín gránna, cruálach. An rud atá i gceist aige, is dócha, ná go mbíonn tromlach na fianaise ag an chomhthoil aitheanta nó ag an teoiric is mó. Ní féidir sin a shéanadh. Tá i bhfad níos lú ábhair ar fáil i nGaeilge ón 19ú haois ná mar atá sa Bhéarla, agus is lú i bhfad an seans gur fhág an Ghaeilge fianaise maidir le focal ar bith. Agus sin ráite, níl sé ceart ná cóir úsáid a bhaint as sin mar leithscéal le neamhshuim a dhéanamh den fhianaise. Má dhéantar sin, ní bheidh ar a shon againn ach drochthaighde agus ‘fíricí’ nach fíricí iad.

Is aisteach an rud é, ach baineann Ó Séaghdha úsáid as an fhocal craic mar shampla den ‘bhréagchinnteacht’ seo nár tháinig focal áirithe ón Ghaeilge. Tá seo thar a bheith aisteach, mar tá an oiread sin fianaise ann gur focal ar chomhrá a bhí san fhocal craic san Albainis agus i gcanúintí Béarla thuaisceart Shasana agus go ndearnadh sin a Ghaelú mar ‘craic’. Ní miste liom an focal a bheith litrithe mar chraic nó é a bheith in úsáid mar fhocal Gaeilge. Is focal Gaeilge é. Ach ní focal de bhunús Gaeilge é. (https://en.wikipedia.org/wiki/Craic)

Agus sin ráite, an rud is mó a chuir olc orm ná nuair a thosaigh sé a labhairt arís ar bhunús Gaeilge an fhocail Bhéarla mucker. Is dócha go raibh cuid den chaint seo dírithe ormsa, cé gur cinnte go raibh sé ag cáineadh duine eile fosta, mar níor luaigh mise an Dara Cogadh Domhanda. Tá an focal seo pléite agam cheana agus thaispeáin mé go soiléir go bhfuil an tsanasaiocht seo ón Ghaeilge iomlán mícheart. Sa phodchraoladh seo, áfach, in áit glacadh leis go ndearna sé meancóg, téann Darach Ó Séaghdha níos faide ná riamh agus deir sé go bhfuil dhá fhocal anseo, a bhfuil an fhuaim agus an litriú agus an chiall chéanna leo, ach a bhfuil dhá shanasaíocht ar leith acu. Mar sin de, nuair a deir daoine mucker in Éirinn, tháinig sin ón Ghaeilge, ach tá focal eile atá go díreach mar an gcéanna i Sasana “but ‘they’re different words and they’re different entries in the dictionary.’ Dáiríre? Cén foclóir sin? Tugann Wiktionary (rud atá cineál randamach) dhá shainmhíniú dhifriúla ar an úsáid mhíleata agus ar an úsáid neamhmhílteata ach tugann sé an bunús céanna ó muck don dá fhocal. (https://en.wiktionary.org/wiki/mucker) Tá an OED ar aon intinn fosta gurb ionann na muckers míleata agus na muckers neamh-mhíleata agus go dtagann siad beirt (is dócha) ó muck: https://en.oxforddictionaries.com/definition/mucker

Is é fírinne an scéil nach bhfuil fianaise dá laghad ann go bhfuarthas mucker ó mo chara na Gaeilge, is cuma cá mhéad duine a chreideann an scéal sin. Tá a lán fianaise imthoisceach ann nár tháinig an focal sin ón Ghaeilge:

  • Níl mucker le fáil go príomha ná go heisiach in Éirinn nó i bpobail Ghaelacha i dtíortha eile. Bíonn mucker le fáil i gcodanna áirithe de Shasana agus is ann a fuarthas é den chéad uair. (Sna 1940idí)
  • Is minic a úsáidtear mucker in Éirinn (agus i Sasana fosta) le forrán a chur ar dhuine (how’s it going mucker?) ach ní úsáideann daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu mo chara ar an dóigh sin. Is é ‘a chara’ a úsáidtear agus duine ag labhairt go díreach le duine eile.
  • Má deirtear Mo chara mar is ceart, rímeann sé le Sahara. Cad é mar a dhéanfaí mucker de sin i mBéarla?
  • Deir an OED gur dócha go bhfuil baint ag mucker le mucking in nó mucking about agus ní aithníonn sé aon bhaint leis an Ghaeilge.
  • Dá mba Ghaeilge é mucker, shílfeá go mbeadh daoine ag labhairt air sin le cúpla glúin anuas. Is é fírinne an scéil nach bhfuil aon tagairt dó ar Google roimh 2007 (on Urban Dictionary). Agus ní luaitear aon nasc leis an Ghaeilge i leabhar ar bith ar Bhéarla na hÉireann ná ar bhéarlagair.

Ansin téann sé ar aghaidh leis an téarma shamus a phlé (téarma béarlagair ar bhleachtaire), a tháinig ón Ghaeilge de réir daoine áirithe agus ón Ghiúdais de réir daoine eile. Is ceist spéisiúil é seo. Tá claonadh agam glacadh leis an alt seo (https://forward.com/articles/5064/bogie-speaks-yiddish/), ach sílim go mbeadh sé úsáideach scrúdú cúramach smaointeach a dhéanamh uirthi. (Agus chuirfinn fáilte roimh thuairimí David Gold ar an cheist fosta!)

Is é an chomhairle a bheadh agam do Dharach Ó Séaghdha ná an méid seo:

  • Déan do chuid taighde go cúramach, ar eagla go dtitfeá isteach i bpoll.
  • Má thiteann tú isteach i bpoll, déan iarracht dreapadh amach as. Ná bí ag tochailt.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.