Longshoreman certainly derives from the Gaelic/Irish word, longseoireacht meaning shipping. From the Irish word for ship which is , long, but pronounced,lung. There can be little doubt about this. Just as stevedore derives from the Portuguese Spanish estivador meaning a person who unloads a ship. Longshoreman is as Irish as the word smithereen meaning smidiriní or a small particle. Gaelic was broadcast throughout the world by Irish speaking emigrants fleeing the Great Famine in their millions.
Fuair mé an teachtaireacht thuas cúpla lá ó shin, ar an phíosa a scríobh mé faoi Longshoreman. Is léir gur dlíodóir é an t-údar, Maurice O’Callaghan, agus go bhfuil ardmheas aige ar a chuid tuairimí féin. Rud amháin a chuireann an dú-iontas orm ná nach bhfuil aon tuiscint ag an dlíodóir seo ar bhunchoincheapa ar nós fianaise agus cruinnis.
Mar a dúirt mé a lán uaireanta roimhe seo, sílim féin go bhfuil an ceart ag na daoine a deir gur focal é longshoreman a cumadh i Meiriceá, agus atá ag tagairt do na sluaite daoine a chruinníodh ar na dugaí nuair a thagadh long isteach le corrlá oibre a fháil ag iompar an lasta amach as bolg na loinge. Sin an scéal atá ag ceardchumann na Longshoremen, mar a dúirt mé san alt faoin fhocal. Sin an scéal a bhí ag an staraí Maud Russell nuair a scríobh sí an leabhar Men Along The Shore: The I.L.A. and its History sa bhliain 1966. Is scéal iomlán inchreidte é gur ‘men along the shore’ a bhí i gceist, dar liom féin.
Is dóigh leis an fhear seo O’Callaghan nach bhfuil an ceart ag na saineolaithe sin. Creideann seisean go bhfuil baint ag an téarma le loingseoireacht, a chiallaíonn shipping, dar leis. Ar ndóigh, “seamanship, navigation, voyaging” is ciall don fhocal loingseoireacht. (Loingeas an focal is fearr ar ‘shipping’.) Go dtí seo, níor chuala mé duine ar bith ag nascadh loingseoireacht le longshoreman. Cuid mhór daoine, Daniel Cassidy ina measc, nascann siad an focal longshoreman le loingseoir, a chiallaíonn (de réir FGB) “mariner, seaman, navigator”. Mar a dúirt mé roimhe seo, deirtear loingseoir mar ‘lingshore’, ní mar longshore (tá comhaid fuaime sna canúintí éagsúla anseo https://www.focloir.ie/en/dictionary/ei/navigator mura gcreideann sibh mé). Agus cé go mbíodh cuid mhór de na dugairí amuigh ar an fharraige sular chuir siad fúthu ar an tír mór, níl ciall ar bith le loingseoirí a thabhairt ar dhaoine nach mairnéalaigh iad. Tá ciall leis an bhunús eile, ‘men along the shore’.
Bunaithe ar na fíricí seo, ní féidir an bunús Béarla a bhréagnú. An cás is láidre a thiocfadh leat a dhéanamh ná gur chóir an dá bhunús a chur ar chomhchéim lena chéile (agus caithfidh mé a rá, ní aontaím leis sin – tá teoiric na ‘men along the shore’ i bhfad Éireann níos láidre). Ní thuigim cad chuige a bhfuil an fear seo chomh cinnte sin gur Gaeilge atá san fhocal loingseoir. An bhfuil fianaise ar bith aige? Má tá, cá háit a bhfuil sí?
Maidir leis na focail a scaip na Gaeil ar fud an domhain agus iad ag éalú ón Drochshaol, an bhfuil aon fhianaise aige le tacú leis sin? (Agus ar ndóigh, ní fianaise leabhar amaideach Cassidy How The Irish Invented Slang, agus níl aon fhianaise luaite ag Cassidy ann. Níl oiread agus leabharliosta ann, gan trácht ar thagairtí cearta!)
Agus, ar ndóigh, bhí longshoreman sa Bhéarla sular tharla an Drochshaol, agus mar sin de, níl baint ar bith ag an fhocal longshoreman leis an diaspóra a bhí ag teitheadh roimh an ghorta in Éirinn.
Agus, ós rud é go bhfuil O’Callaghan chomh flaithiúil sin leis an chomhairle maidir le bunús stairiúil na bhfocal sa Ghaeilge, agus gur saineolaí féincheaptha Gaeilge é, scríobh mé an freagra seo sa teanga s’againne d’aonturas. Tá súil agam go mbaine sé sult as!