Category Archives: An Ghaeilge

Some Tweets/Roinnt Giolcacha

I have noticed a few interesting things on Twitter recently. One was a conversation between two people who both realised what an idiot Cassidy was very quickly.

Seán Óg Mac Cionnaith wrote the following on the 5th of July 2018.

Some hack wrote a whole book full of this shite – How The Irish Invented Slang. Infuriating paddywhackery.

On the same day, Mike Duffy in New York replied with this:

I was still ink-slinging for a living when that hack’s book came out and did a wee phone interview for a piece which I then dropped very, very quickly when it became clear he was full of shit.

It’s great to see people with bullshit sensors that actually work. Less acceptable is a comment by sean_flah in reply to the Rubberbandits, who, for reasons known only to themselves, are continuing to spread this trash about the Irish origin of slang.

The stuff about ‘dig / tuig’, the notion we have now that they are linked comes from Daniel Cassidy, the NY academic who wrote ‘How the Irish Invented Slang: The Secret Language of the Crossroads’ around 10-15 years ago (not long before he died).

He then went on to say:

Long story short, consensus among quite a few is that he was a fella with a hammer that saw nails absolutely everywhere. Drawing links between things that I suppose couldn’t be disproved, but likewise couldn’t be proven either. An interesting subject to contemplate all the same.

There are several points that need to be made here. Cassidy had nothing to do with the idea that dig and twig come from tuig. The association of tuig with twig goes back to Walter Skeat, who died in 1912. Both twig and dig and their origin from tuig were discussed in a paper by Eric P. Hamp, first published in 1981. Also, Daniel Cassidy was not an academic. He had no degrees or qualifications. You need at least one degree or one major life achievement to be an academic. Cassidy had nothing to offer anyone.

The comment about hammers and nails is quite apt but is then completely ruined by the silly comment about things that can’t be disproved or proven. I mean, why can’t they? OK, in the case of twig and tuig or dig and an dtuigeann, it’s quite hard to make that call. However, most of the one-word derivations given by Cassidy, whether original to him or plagiarised, are demonstrably nonsense. In the case of longshoreman, there is plenty of evidence that it is from ‘men along the shore’ and not from loingseoir. There are words like gump, which Cassidy says comes from Irish colm, meaning a dove. This is plainly rubbish because colm doesn’t sound anything like gump. And then there are words like beathais, Cassidy’s candidate for booze, which doesn’t exist at all.

But of course, most of Cassidy’s derivations are not individual words. They are phrases like sách úr and béal ónna and éamh call, phrases that don’t exist in Irish. Quite simply, if the only evidence that a phrase like uath dubh exists in Irish is the word of Daniel Cassidy, a proven liar who didn’t know any Irish, there isn’t any evidence and nobody should believe these claims.

 

Thug mé roinnt rudaí faoi deara ar Twitter ar na mallaibh. Ceann amháin acu, comhrá a bhí ann idir beirt fhear a thuig láithreach nach raibh sa Chaisideach ach amadán.

Scríobh Seán Óg Mac Cionnaith an méid seo ar an 5ú Iúil 2018.

Some hack wrote a whole book full of this shite – How The Irish Invented Slang. Infuriating paddywhackery.

Ar an lá chéanna, fuair sé freagra ó Mike Duffy i Nua-Eabhrac:

I was still ink-slinging for a living when that hack’s book came out and did a wee phone interview for a piece which I then dropped very, very quickly when it became clear he was full of shit.

Is breá an rud é daoine a aimsiú atá ábalta cacamas a aithint gan stró. Is lú an t-áthas a chuir na tráchtanna seo orm, freagraí a scríobh sean_flah ar na Rubberbandits. De réir cosúlachta, (agus níl a fhios agam cad chuige!) tá na Robálaithe Rubair ag scaipeadh na raiméise seo faoi bhunús Gaeilge an bhéarlagair go fóill.

The stuff about ‘dig / tuig’, the notion we have now that they are linked comes from Daniel Cassidy, the NY academic who wrote ‘How the Irish Invented Slang: The Secret Language of the Crossroads’ around 10-15 years ago (not long before he died).

Lean sé leis mar seo:

Long story short, consensus among quite a few is that he was a fella with a hammer that saw nails absolutely everywhere. Drawing links between things that I suppose couldn’t be disproved, but likewise couldn’t be proven either. An interesting subject to contemplate all the same.

Tá roinnt rudaí le soiléiriú anseo. Ar an chéad dul síos, ní raibh baint ar bith ag an Chaisideach leis an nóisean gurb ionann dig agus twig i mBéarla agus tuig sa Ghaeilge. An nasc idir tuig agus twig, is féidir é a rianú siar a fhad le Walter Skeat, a fuair bás sa bhliain 1912. Pléadh twig agus dig agus an bhaint atá acu le tuig i bpáipéar acadúil le Eric P. Hamp, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1981. Ní hamháin sin, ach ní féidir ‘academic’ a thabhairt ar Daniel Cassidy. Ní raibh céimeanna ná cáilíochtaí aige. Tá ar a laghad céim amháin nó mór-éacht amháin i saol an léinn de dhíth ar dhuine le stádas léachtóra a bhaint amach. Ní raibh rud ar bith le tairiscint ag Cassidy do dhuine ar bith.

Tá an méid atá le rá aige faoi chasúr agus tairní go hiomlán ceart ach ansin, scriosann sé é leis an amaidí faoi rudaí nach féidir iad a chruthú ná a dhíchruthú. Cad chuige nach féidir iad a chruthú ná a dhíchruthú? Maith go leor, i gcás twig agus tuig nó dig agus an dtuigeann, b’fhéidir nach féidir é a chinntiú bealach amháin ná bealach eile. Agus sin ráite, an chuid is mó de na sanasaíochtaí aonfhocail a thug an Caisideach, idir chinn a chum sé féin nó chinn a ghoid sé, is deargraiméis iad. I gcás longshoreman, tá neart fianaise ann gur tháinig sin ó ‘men along the shore’ agus ní ó loingseoir. Tá focail ann ar nós gump. Dúirt Cassidy gurb ionann gump agus colm na Gaeilge, ainneoin nach bhfuil an dá fhocal cosúil lena chéile ar chor ar bith. Agus tá focail ann ar nós beathuis, an focal a bhfuair an Béarla an focal booze uaidh, dar le Cassidy. Ach ar ndóigh, níl a leithéid d’fhocal ann agus beathais. Chum Cassidy é.

Ach ar ndóigh, ní focail aonair iad an chuid is mó de na sanasaíochtaí a bhí ag Cassidy. Is frásaí iad ar nós sách úr agus béal ónna agus éamh call, frásaí nach bhfuil ann sa Ghaeilge. Lena mhíniú go simplí, mura bhfuil fianaise ar bith ann go bhfuil frása mar uath dubh le fáil sa Ghaeilge ach gur mhaígh bréagadóir cruthanta nach raibh Gaeilge ar bith aige darbh ainm Daniel Cassidy sin, ní fianaise sin agus níor chóir do dhuine ar bith muinín a chur i raiméis mar sin.

Advertisements

Amadáin na Míosa, Meán Fómhair 2018 – The Vintage News

Is é Amadán na Míosa i Mi Mheán an Fhómhair 2018 ná suiomh a bhfuil The Vintage News air. Tá físeán beag acu darb ainm American slang words we never knew were invented by the Irish. San fhíseán, tugtar a lán sanasaíochtai aiféiseacha a chum Cassidy, maraon le dornán a fuair Cassidy  ó fhoinsí atá níos iontaofa:

Snazzy =Snasah: (ar ndóigh, Snasach an leagan ceart). Níor chum Cassidy an ceann seo. Cé go bhfuil an nasc idir snazzy agus snasach sochreidte go leor, ní dócha go bhfuil sé ceart. Nuair a baineadh úsáid as Snazzy den chéad uair, bhi sé ag tagairt do dhuine darbh ainm Snazelle – Snazzy an leasainm a bhí air.

Spiel = Speal. Ciallaíonn speal gléas a úsáidtear le féar a ghearradh. Rímeann sé leis an ainm Al. Tá focal cosúil leis i nGaidhlig na hAlban agus tá fochiall leis sa teanga sin, mar atá, focail ghéara. Ní Gaeilge sin, mar sin. Agus ar ndóigh, tagann spiel ón Ghearmáinis. (Nil baint ar bith aige leis an Ghiúdais, de réir cosúlachta.)

Baloney = Béal ónna. Ar ndóigh, níl a leithéid de fhrása ann agus béal ónna. Chum Daniel Cassidy é.

Bunkum = Buanchumadh. Tá an ceann seo pléite againn roimhe seo. Tagairt atá ann do Buncombe County, agus polaiteoir darbh ainm Felix Walker. Níl a leithéid de fhrása ann agus buanchumadh. Níl ann ach cumadóireacht eile de chuid Cassidy.

Swell = Sóúil. Ciallaionn an focal sóúil saibhir, sómasach, galánta (níl baint dhíreach idir ciall an fhocail seo agus ciall an fhocail swell) agus níl sé róchosuil leis an fhocal swell ó thaobh fuaime de. Ní hamháin sin, ach tá fíorbhunús swell aitheanta ag na saineolaithe. Tá an bunús sin mínithe anseo: https://www.etymonline.com/word/swell

Slugger = slacaire. Níl slugger iontach cosúil le slacaire ó thaobh fuaime de, ar ndóigh. Tá a lán focal i mBéarla a bhfuil ciallanna ar nós bualadh, siúl go trom srl. acu, focail ar nós slug agus slog agus slag, chomh maith le focail ar nós schlagen sa Ghearmáinis. Thig leat nótaí a fháil orthu ach an nasc seo a leanúint: https://www.etymonline.com/word/slug#etymonline_v_23704

Dork = dorc. De réir na raiméise seo ar Vintage News, ciallaíonn an focal dorc ‘abhac’ i nGaeilge. An gciallaíonn? Níor chuala mise sin riamh. Agus de réir na saineolaithe, is leagan truaillithe den fhocal Béarla ‘dick’ atá san fhocal sin dork.

Croney = comh-roghna. Creidtear gur béarlagair Ollscoil Cambridge atá ann, a cumadh sa 17ú haois agus a tháinig ó chronios, focal Gréigise a chiallaíonn ‘sean’.

Phoney = fáinne (ring). Tá an ceann seo fíor, is dócha, (dar liomsa, cibé) ach bhí sé ann i bhfad sular thosaigh Cassidy ar a fheachtas cumadóireachta. Tagann sé ó na fáinní (fawneys) a bhí in úsáid le daoine a robáil. Agus sin ráite, nil gach duine ar aon intinn faoin nasc idir fawney agus phoney, agus tá David L. Gold, sanasaí cumasach éirimiúil, ar dhuine de na sceiptigh.

Dude = dúd. Níl fianaise dá laghad ann gur Gaeilge é dude, téarma ar ghaige sa 19ú haois. An chuid is mó de na scoláirí, deir siad gur tháinig sé ón amhrán Yankee Doodle Dandy, a sháigh cleite ina chaipín agus a thug macaroni air (i mbéarlagair an 18ú haois, bhí an chiall gaige leis an fhocal macaroni fosta).

Slum = ‘s lom (é). Is frása de na frásaí a chum Cassidy é ‘Is lom é’. Agus fiú dá mbeadh an frása sin ann, thuigfeadh duine ar bith a bhfuil cúlra aige nó aici sa teangeolaíocht nach ndéantar frásai mar seo a fháil ar iasacht. Ní hamháin sin, ach ní bhíonn plódcheantair ‘lom’. Agus ar ndóigh, áit chodlata an chiall a bhí le slum agus mar sin de, is dócha go bhfuil baint ag an fhocal leis an Bhéarla ‘slumber’.

Fluke = fo-luach. De réir Cassidy, ciallaíonn fo-luach deonú Dé nó duais neamhchoitianta. Níl a leithéid de chor cainte ann sa Ghaeilge agus dá mbeadh, is é ‘subsidiary value’ nó rud éigin mar sin an chiall a bheadh aige. Raiméis agus amaidí!

Nincompoop = naioidhean. Lena rá mar is ceart, is é a mhaígh Cassidy’s ná gur tháinig nincompoop ón ‘Ghaeilge’ naioidhean ar chuma búb. Dar le Cassidy, is masla é seo a bhí coitianta sa Ghaeilge fadó. Ní fíorGhaeilge é sin, ar ndóigh. Is dócha go bhfuair an Béarla nincompoop ón fhrása Laidin non compos mentis.

Scam = ‘s cam é. Deir Cassidy gur tháinig scam ón fhrása seo, atá cineál aisteach (déarfá ‘tá sé cam’ de ghnáth). Mar sin de, nuair a deir tú ‘it’s a scam’, is é atá á rá agat i nGaeilge ná ‘Is is cam é é!’ Aidhe, is dócha go bhfuil an ceart agat. Is é fírinne an scéil go bhfuil a lán sanasaíochtaí féideartha ann. An ceann is minice a luaitear ná an briathar Spáinnise escamotear, a chiallaíonn duine a scamáil nó a robáil.

Boogaloo = bogadh luath. Dar le Cassidy, is ón Ghaeilge a tháinig an focal boogaloo, ón fhrása bogadh luath (?). Ar ndóigh, níl bogadh luath cosúil le boogaloo agus níl baint ar bith idir boogaloo agus bogadh luath ó thaobh céille de. Ach, le filleadh ar réadúlachta an phláinéid seo, creidtear gur cumadh boogaloo sna 1960í, agus gur leagan atá ann den stíl cheoil boogie-woogie, a bhfuil a ainm onamataipéach, is dócha.

Puss = pus. Tá an ceann seo fíor, ach glacann gach foclóir Béarla leis an tsanasaíocht seo agus bhí an ceann seo ann i bhfad sular scríobh Cassidy a leabhar. Tagann puss (sa chiall a dig in the puss nó sourpuss) ón fhocal Gaeilge pus.

Cad é atá againn anseo, mar sin? Cúpla fíorshanasaíocht ón Ghaeilge, agus a lán finscéalaíocht agus raiméis a chum Daniel Cassidy ina leabhar How The Irish Invented Slang. Na tráchtanna ar Facebook, is mór an díol spéise iad. Scríobh a lán daoine nach raibh an raiméis seo inchreidte, go háirithe an téarma spiel, ar léir gur ón Ghearmáinis nó ón Ghiúdáis a tháinig sé. Dúirt Eoin P. Ó Murchú (bullaí fir, a Eoin!) go neamhbhalbh gur raiméis a bhí ann a fuarthas ó leabhar Cassidy. Scríobh duine amháin, Dilean Mac Searraigh: ““Most of these are ridiculous … there are Irish words in English … but these are totally inaccurate gibberish. Someone literally just made them up.”

Ach is léir gur chuir sé isteach go mór ar óinseach darb ainm Rhonda Pennington go raibh daoine ag cosaint na fírinne in áit bréaga a scaipeadh go randamach:

I can’t believe a fun post like this has generated such snarky remarks. It’s all in fun. Why does everything have to be an argument these days? Where is your sense of humour, people?

Tá mé cinnte nach mise an t-aon duine leis an cheist seo a thógáil, ach cá háit a bhfuil an chraic? Cad é an greann? Is é atá sa stuif seo ná bailiúchán finscéalta nach bhfuil fréamhaithe san fhírinne ar chor ar bith. Ach níl rud ar bith ann a thugann le fios gur íoróin atá ann nó nach bhfuil sé in ainm a bheith fíor. Cad é go díreach an bhaint idir acmhainn grinn agus fíricí bréaga a chur chun tosaigh faoi theangacha agus faoi chultúir daoine eile, go háirithe teangacha a bhfuil leatrom á dhéanamh orthu leis na glúnta? Dá mbeadh siad ag maíomh gur liosta d’fhocail a tháinig ó Gullah nó Cherokee atá ann, ach nach raibh sa chuid ba mhó de ach deargchumadóireacht, ní dóigh liom go nglacfadh daoine leis nach raibh ann ach craic. Is dócha go sílfeadh an chuid ba mhó de na daoine nach raibh ann ach leithghabháil chultúrtha nó (an dearcadh atá agam féin) ciníochas lom.

De réir cosúlachta, tá Pennington ag rá linn anseo, nuair a chaitheann duine lán sluaiste de chac ar do chloigeann, ba chóir duit do bhuíochas a ghabháil leo go muinte, iarraidh orthu tuilleadh caca a chaitheamh anuas ort agus glacadh leis nach bhfuil ann ach píosa grinn. Cead agatsa sin a dhéanamh, a Rhonda (cé nach í an teanga s’agatsa atá faoi ionsaí, ar ndóigh). Is fearr liom féin amharc air seo mar iarracht dallamullóg a chur ar dhaoine d’aon turas, mar go bhfuil an fhírinne faoi Cassidy agus a mhí-ionracas amuigh ansin leis na blianta. Ní dhearna muintir Vintage News taighde ar bith. Tá Vintage News freagrach as raiméis a scaipeadh mar a bheadh fírinne ann, agus níl meas nó caonfhulaingt tuillte acusan nó agatsa ó dhuine ar bith as bréaga a insint, is cuma cé chomh greannmhar agus atá na bréaga céanna, dar leat féin.

 

Google Translate

This is not the first time I have discussed the weaknesses and difficulties involved with automatic translators like Google Translate. They can be useful, of course. For example, when I put the Irish version of the first sentence above into Google Translate, I got the following.

This is not the first time I talk about the weaknesses and difficulties of automatic translators such as Google Translate.

This is not 100% correct, but it’s close enough to understand the meaning. The main problems with Google Translate come from using it to translate English into Irish.

I saw an example of the dangers of English-Irish automatic translation recently. There was a picture on Twitter of one of Cassidy’s hangers-on in California. She was standing in the airport, supporting people who were flying home to vote for changing the constitution to allow abortion in Ireland. (I share this person’s view regarding the referendum, by the way, although I don’t like her because of her attempts to whitewash Cassidy’s reputation.) She had a notice in her hand with the words Trust Women on it, and the same thing in Google ‘Irish’ – Muinín Mna! Of course, this is nonsense. It means something like ‘Confidence of a woman’! (The correct version would be Cuir muinín sna mná or Bíodh muinín againn as na mná.)

One of the worst examples I have ever seen of this bad translation is the translation that Google Translate provides for ‘Rest In Peace’, which is translated as ‘An Chuid Eile i Síocháin’. That is completely wrong. It means the rest as in the remainder, not rest as in relax. It’s almost an insult to the dead person and their family, it seems to me. You would think Google Translate would be able to override whatever algorithm is used to create the translation. I have complained and asked them to put a proper version in, but it was a waste of time. Here is how to say Rest In Peace in Irish, by the way: Suaimhneas síoraí dá anam (for a man); Suaimhneas síoraí dá hanam (for a woman); suaimhneas síoraí dá n-anam (more than one person). You can put ‘uasal’ or ‘dílis’ after the ‘anam’ if you want. There are other ways (such as Ar dheis Dé go raibh a anam uasal, m.sh.) but the version given above is perfectly adequate.

If you have a Kindle, you may have noticed that there are a lot of books out there which claim to be (Irish Edition). If you look at them, it becomes clear that they are simply nonsense which has been badly translated by an automatic translator. The thing is, these books are a kind of scam which use the pot of royalties for authors on Kindle Unlimited. If you follow this link, you will find a very interesting article by David Gaughran about it: http://davidgaughran.com/2017/06/03/amazon-has-a-fake-book-problem/

 

 

Ní hé seo an chéad uair dom labhairt ar na laigí agus na deacrachtaí a bhaineann le haistritheoirí uathoibríocha ar nós Google Translate. Thig leo bheith úsáideach, ar ndóigh. Abair go bhfuil duine éigin ag iarraidh an chéad abairt thuas a thuiscint. Má chuireann siad isteach in Google Translate é, gheobhaidh siad an leagan seo:

This is not the first time I talk about the weaknesses and difficulties of automatic translators such as Google Translate.

Níl seo go díreach ceart ach is leor é leis an chiall a thuiscint, gan amhras. Na fadhbanna is mó le Google Translate agus a leithéidí, tarlaíonn siad nuair a bhaintear úsáid as aistritheoir uathoibríoch le Gaeilge a chur ar abairt ón Bhéarla.

Chonaic mé sampla de na contúirtí a bhaineann le haistriúchán uathoibríoch Béarla-Gaeilge ar na mallaibh. Bhí pictiúr ar Twitter de angarúinneach de chuid Cassidy in California. Bhí sí ina seasamh san aerfort, ag tabhairt tacaíochta do dhaoine a bhí ag eitilt n-abhaile le vótáil ar son an bunreacht a athrú le ginchealú a cheadú in Éirinn. (Aontaím le dearcadh an duine seo maidir leis an reifreann, dála an scéil, cé nach maith liom í mar gheall ar na hiarrachtaí a rinne sí le Cassidy a chosaint.) Bhí fógra ina lámha aici a raibh an mana Trust Women air, agus an rud céanna i ‘nGaeilge’ Google – Muinín Mna! Ar ndóigh, is raimeis é seo. Ciallaíonn sé rud éigin ar nós Confidence of a Woman! (Cuir muinín sna mná nó Bíodh muinín againn as na mná an leagan ceart.)

Ceann de na samplaí is measa dá bhfaca mé de na drochaistriúcháin seo ná an t-aistriúchán a chuireann GoogleTranslate ar fáil ar ‘Rest In Peace’. Aistrítear sin mar ‘Chuid Eile i Síocháin’. Tá sé sin iomlán mícheart. Is geall le masla é don duine mharbh, dar liomsa. Shílfeá go mbeadh GoogleTranslate ábalta leagan ceart a chur isteach in áit cibé algartam a úsáideann siad leis na haistriúcháin a ghiniúint. Rinne mise gearán agus d’iarr mé orthu leagan ceart a chur ann, ach obair in aisce a bhí ann. Seo dóigh cheart le Rest In Peace a rá: Suaimhneas síoraí dá anam (fear); Suaimhneas síoraí dá hanam (bean); suaimhneas síoraí dá n-anam (níos mó ná duine amháin. Is féidir ‘uasal’ nó ‘dílis’ a chur i ndiaidh anam más mian leat. Tá dóigheanna eile ann (Ar dheis Dé go raibh a anam uasal, m.sh.) ach déanfaidh sin cúis.

Má tá Kindle agat, seans gur thug tú faoi deara fosta go bhfuil neart leabhar amuigh ansin a bhfuil Irish Edition luaite leo. Má amharcann tú orthu, is léir nach bhfuil iontu ach amaidí a aistríodh (go holc) le haistritheoir uathoibríoch.  Is é rud é, is cineál caimiléireachta na leabhair seo, a bhaineann úsáid as an phota dleachta d’údair ar Kindle Unlimited. Má leanann tú an nasc seo, gheobhaidh tú alt spéisiúil le David Gaughran faoin dóigh a n-oibríonn sé: http://davidgaughran.com/2017/06/03/amazon-has-a-fake-book-problem/

 

Twit of the Month – August 2018

Who is the Twit of the Month this month? Well, I have been looking at the people whom I have criticised over the years, and it occurred to me that there is one notable person in Irish circles who has never been Twit of the Month, though he has been criticised greatly and often here for the support he has given to the fraud and liar Daniel Cassidy, author of the ludicrous book, How The Irish Invented Slang.

This person is Peter Quinn, a writer from New York who never missed a chance to praise his friend Cassidy in public. Quinn and people like Quinn are to blame for ignorant people thinking that Cassidy was right and that there was a grain of truth inside all of the lies.

However, the person who lies down with dogs gets up with fleas. And people like Quinn, who give resounding praise to fakes and liars because they happen to be friends of theirs, are worthless people.  

That’s why I’m happy to name Peter Quinn as the Twit of the Month in August 2018. It is well deserved.

Amadán na Míosa – Lúnasa 2018

Cé hé Amadán na Míosa i Mí Lúnasa? Bhal, bhí mé ag amharc ar na daoine a cháin mé thar na blianta, agus rith sé liom go bhfuil duine mór le rá amháin ann i saol na nGael i Meiriceá nach bhfuil ainmnithe agam mar Amadán go fóill, cé go bhfuil sé cáinte agam go mór agus go minic as an tacaíocht a thug sé don chaimiléir agus bréagadóir Daniel Cassidy, údar an leabhair How The Irish Invented Slang.

An duine atá i gceist agam ná Peter Quinn, scríbhneoir ó Nua-Eabhrac nár chaill deis riamh lena chara Cassidy a mholadh go poiblí. Tá an locht ar Quinn agus a leithéidí gur shíl daoine aineolacha go raibh cuid den cheart ag an Chaisideach agus go raibh croí fíor taobh istigh de na bréaga go léir.

Ach an té a luíonn le madaí, éiríonn sé le dreancaidí. Agus daoine mar Quinn, a mholann caimiléirí agus bréagadóirí go hard na spéire cionn is gur cairde dá gcuid iad, ní fiú sop féir iad.

Sin an fáth a bhfuil mé sásta Peter Quinn a ainmniú mar Amadán na Míosa i mí Lúnasa 2018. Is maith an airí air é.

Freagra ar Joe Daly

Chuir duine éigin darbh ainm Joe Daly barúil suas ar an alt a scríobh mé traidhfil de bhlianta ó shin dar teideal Did The English Ban Irish:

you dont take in to account the fact that kids where beat in school for specking Irish. while they might not have passed a law banning it their attitude towards the Irish did the same thing . even goin so far as to ban Catholic children from goin to school. Under the penal codes imposed by the British, the Irish Catholics were not allowed to have schools. and so started the rise of Hedge schools.

Tá go leor eolais agam ar stair an oideachais in Éirinn. Tá a fhios agam faoin bhata scóir agus faoi na scoileanna scairte. Tá sé ráite agam arís agus arís eile nár chuidigh Sasana pioc leis an Ghaeilge. I dtús an tseachtú haois déag, is beag duine in Éirinn a raibh Béarla aige. Ach anois, tá mo leithéidí féin, daoine a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil, tá muid chomh gann is a bhí lucht an Bhéarla anseo ceithre chéad bliain ó shin, agus is toradh díreach é sin ar bheartais a rinneadh d’aonghnó le stádas an Bhéarla a ardú agus le stádas na Gaeilge a ísliú. Mar a luaigh mé san alt sin: The fact is, of course, that the English administration in Ireland was no friend to the Irish language. Irish was progressively squeezed out of any realm of life which would have given it power or influence. I am not defending the English here.

An rud atá á rá agam (agus ní thig liom smaoineamh ar dhóigh ar bith lena rá níos soiléire), ná nach raibh an Ghaeilge in éadan an dlí in Éirinn. Níor spreagadh í, níor cothaíodh í, níor cuidíodh léi teacht slán ar dhóigh ar bith, ach níor cuireadh cosc uirthi le hacht ná reacht ná dli.  Is dócha gur chuma sa tsioc leis na Sasanaigh cad é a labhraíodh aoirí nó iascairí nó coillteoirí Gaelacha eatarthu féin, a fhad is a d’íoc siad cíos agus cáin agus deachúna le huasaicme Ghallda.

Maidir le stair na hÉireann, tá Sasana chomh ciontach leis an diabhal. Cad chuige a mbeadh ar dhuine ar bith coireanna breise a chumadh le cosúlacht níos measa a chur orthu?

Amadán na Míosa, Mí Iúil 2018 – Matthew Walther

Is é Amadán na Míosa an mhí seo ná diúlach darb ainm Matthew Walther. Is iriseoir é, dar leis féin. De réir cosúlachta, is comhfhreagraí náisiúnta é le The Week (cibé rud é sin) agus tá cónaí air in Michigan. Níl a fhios agam an Gael nó Meiriceánach nó Gearmánach é. An t-aon eolas atá agam air ná gur Caitliceach den eite dheis agus conspóidí gairmiúil é. I ndiaidh an Reifrinn ar an ghinchealú i mí Bhealtaine, chuir sé an méid seo suas ar Twitter:

Ireland is such a joke. “Look at us, we’re nice modern anticlerical progressives. Our prime minister has a quaint title in a made-up language invented by Yeats and Lady Gregory out of boredom. We kill babies and allow corporations to hoard their ill-gotten gains here.”

Tá seantaithí againn ar chonspóidithe gairmiúla den chineál seo in Éirinn: ní gá ach Conor Cruise O’Brien agus Kevin Myers a lua. Agus mar a bhí amhlaidh i gcás an Cruiser agus My-arse, bíonn daoine mar seo ag déanamh dhá rud: déanann siad simpliú ar cheisteanna atá casta íogair (we kill babies) agus an méid atá le rá acu, níl ann ach raiméis sheanchaite neamhbhunúil. Níl Gaeilgeoir ar bith beo nár chuala miotais gan chiall den chineál seo na céadta uair roimhe.

Agus creid uaim é, is miotais iad. Ní raibh Gaeilge ar bith ag WB Yeats agus cibé Gaeilge a bhí ag an Bhantiarna Gregory, ní raibh baint ná páirt aici le hathghléasadh na teanga san Athbheochan, cibé ról a bhí ag an leadrán sa scéal. De ghnáth, deirtear gur de Valera a chum an Ghaeilge, ach nach cuma – níl ceachtar den dá leagan ceart!

Agus ar ndóigh, cé go ndearnadh a lán athruithe ar an teanga le cúpla céad bliain anuas, tá bunús na bhfocal agus na struchtúr sa teanga a bheag nó a mhór mar a bhí dhá chéad bliain ó shin. Rinneadh aistriúchán Bedell den Bhíobla sa tseachtú haois déag ach is beag rud sa leabhar sin nach bhfuil intuigthe ag duine ar bith a bhfuil Gaeilge mhaith aige nó aici sa lá atá inniu ann.

Mar sin de, níl sa raiméis seo ach bleadaireacht dhrochmhúinte aineolach.

An t-aon teachtaireacht atá ag féinspéisithe gan tallann mar Walther ná: Is mise an duine is tábhachtaí ar chlár an domhain. Éistfear le mo ghlór! Caithfear éisteacht! Mar sin de, cuimhnigh ar ainm Walther. Agus má fheiceann tú an t-ainm sin ar alt, ná léigh é. Níl rud ar bith fiúntach le rá ag leithéidí Walther, agus is beag is fiú do chuid ama a chur amú lena gcuid amaidí.