Tag Archives: aiceann

Amadáin na Míosa – The UK Passport Office

Tá roinnt amadán féideartha ar an liosta faoi láthair ach seo ceann nach dtiocfadh liom dul thairis. Cé nach bhfuil baint dhíreach aige le Cassidy, tuigfidh léitheoirí an bhlaig seo go gcreidim go láidir i gcearta teanga lucht na Gaeilge. Creidim fosta i gcearta den chineál chéanna do lucht labhartha na Breatnaise, Ghaeilge na hAlban agus teangacha mionlaigh eile na teangacha seo a úsáid go saor, gan bhac gan chosc.

Tá pas Éireannach agamsa agus ligeann an pas sin dom m’ainm a bheith i lár báire ann, litrithe mar is ceart i nGaeilge mhaith. Shíl mé i gcónaí go raibh na cearta céanna i gceist le pasanna na Breataine agus dá mbeadh duine ón Bhreatain bheag darb ainm Siôn ap Rhŷs nó Albanach darb ainm Dùghlas MacLeòid nó bean ó na Sé Chontae darb ainm Máirín Nic Néill ag iarraidh pas Briotanach a fháil agus a n-ainm litrithe mar is ceart ina dteanga féin, nach mbeadh fadhb ar bith ann. De réir cosúlachta, bhí dul amú orm!

Níl tú i dteideal d’ainm a bheith litrithe mar is ceart agat i nGaeilge, i nGaeilge na hAlban ná i mBreatnais, más amhlaidh go bhfuil carachtar ann nach bhfuil le fáil sa Bhéarla. Is léir nach bhfuil fadhb theicniúil ann, mar níl fadhb ag tíortha eile san Eoraip (na Sé Chontae agus Fiche san áireamh) ligean do dhaoine a n-ainm a litriú le cibé diaicritic nó fada nó aiceann atá de dhíth. Ní hé sin é. Am éigin na blianta ó shin, rinne na focairí faisisteacha seo socrú randamach gan a gcearta daonna a thabhairt do dhaoine agus gan ligean dóibh a n-ainm a litriú mar is ceart. Agus ní hé sin a dheireadh! Nuair a amharcann tú ar a suíomh gréasáin (https://passportapplication.service.gov.uk/help/html/pages/10.05_01_name-to-appear_en.html), míníonn siad é ar an bhealach seo:

If your name has a special character or accent mark please enter your name using a normal letter eg e instead of é or a instead of ä etc.

Á, sin an fáth ar shocraigh sibh leatrom a imirt ar mhionlaigh dhúchasacha theanga! Mar nach bhfuil siad normálta! Go raibh míle maith agaibh as sin a shoiléiriú dúinn …

Tá súil agam ó chroí go ndéanfaidh daoine an t-alt seo a athbhlagáil agus go scaipfidh siad an scéal chomh fada agus is féidir, agus tá súil agam go dtógfaidh duine éigin, áit éigin, na bastaird seo go dtí an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Ní bheidh pas Briotanach agamsa choíche, ach creidim go daingean go bhfuil an ceart ag daoine a úsáideann teangacha Ceilteacha mar phríomhtheanga a bhféiniúlacht a chur in iúl taobh istigh den RA agus nach bhfuil an ceart ag na faisistigh aineolacha seo bunchearta daonna a cheilt ar dhaoine ar an bhonn gur rud mínormálta é úsáid a bhaint as teanga eile seachas an Béarla.