Tag Archives: an bata scóir

Freagra ar Joe Daly

Chuir duine éigin darbh ainm Joe Daly barúil suas ar an alt a scríobh mé traidhfil de bhlianta ó shin dar teideal Did The English Ban Irish:

you dont take in to account the fact that kids where beat in school for specking Irish. while they might not have passed a law banning it their attitude towards the Irish did the same thing . even goin so far as to ban Catholic children from goin to school. Under the penal codes imposed by the British, the Irish Catholics were not allowed to have schools. and so started the rise of Hedge schools.

Tá go leor eolais agam ar stair an oideachais in Éirinn. Tá a fhios agam faoin bhata scóir agus faoi na scoileanna scairte. Tá sé ráite agam arís agus arís eile nár chuidigh Sasana pioc leis an Ghaeilge. I dtús an tseachtú haois déag, is beag duine in Éirinn a raibh Béarla aige. Ach anois, tá mo leithéidí féin, daoine a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil, tá muid chomh gann is a bhí lucht an Bhéarla anseo ceithre chéad bliain ó shin, agus is toradh díreach é sin ar bheartais a rinneadh d’aonghnó le stádas an Bhéarla a ardú agus le stádas na Gaeilge a ísliú. Mar a luaigh mé san alt sin: The fact is, of course, that the English administration in Ireland was no friend to the Irish language. Irish was progressively squeezed out of any realm of life which would have given it power or influence. I am not defending the English here.

An rud atá á rá agam (agus ní thig liom smaoineamh ar dhóigh ar bith lena rá níos soiléire), ná nach raibh an Ghaeilge in éadan an dlí in Éirinn. Níor spreagadh í, níor cothaíodh í, níor cuidíodh léi teacht slán ar dhóigh ar bith, ach níor cuireadh cosc uirthi le hacht ná reacht ná dli.  Is dócha gur chuma sa tsioc leis na Sasanaigh cad é a labhraíodh aoirí nó iascairí nó coillteoirí Gaelacha eatarthu féin, a fhad is a d’íoc siad cíos agus cáin agus deachúna le huasaicme Ghallda.

Maidir le stair na hÉireann, tá Sasana chomh ciontach leis an diabhal. Cad chuige a mbeadh ar dhuine ar bith coireanna breise a chumadh le cosúlacht níos measa a chur orthu?