Sa bhliain 2013, thosaigh mé ar an bhlag seo a choinneáil mar fhreagra ar leabhar Daniel Cassidy, How The Irish Invented Slang. Bhí fuath agam don leabhar seo, agus ní gan chúis: tá dúil mhór agam sa Ghaeilge, agus bhí leabhar Cassidy lán den Ghaeilge bhréagach nach raibh baint dá laghad aici le fíorGhaeilge; bhí Cassidy iontach maith ag lí roimhe agus ina dhiaidh agus ag plámásaíocht le daoine a raibh cairde sa chúirt acu agus bhain sé úsáid as na naisc seo a bhí saothraithe aige chomh cúramach sin le cuma an léinn a chur ar shaothar nach bhfuil pioc níos léannta ná leabhair Erich von Daniken; chruthaigh Cassidy íomhá den radacacht, agus mar gheall air sin, rinneadh ionsaí ar aon iarracht an fhírinne a insint faoi Cassidy agus a chuid caimiléireachta agus maíodh nach raibh ann ach iarracht clíceanna mistéireacha Anglaifíleacha a chosaint i saol na teangeolaíochta. Agus mé ag déanamh taighde ar Cassidy, fuair mé amach (ó dheirfiúr Cassidy) gur theip air a chéim a fháil ó Cornell agus nach bhfuil míniú ar bith ar ghairm Cassidy mar ‘ollamh’ ag New College of California ach calaois lom neamhleithscéalach.
Ó thosaigh mé ag blagáil cúig bliana ó shin, is minic a cáineadh mé. Ar roinnt ócáidí, tugadh troll orm. An uair dheireanach dar tugadh troll orm, bhí sé roinnt míonna ó shin, nuair a thug deartháir Cassidy, Michael, an t-ainm maslach sin orm.
Mar sin de, tá mé ag machnamh ar na mallaibh faoi cad é go díreach a chiallaíonn an focal troll agus shíl mé go roinnfinn mo chuid smaointe le léitheoirí an bhlaig seo. I dtús báire, b’fhéidir gur chóir dúinn amharc ar shainmhíniú coitianta den téarma troll, cosúil leis an cheann seo ó Wikipedia:
In Internet slang, a troll is a person who starts quarrels or upsets people on the Internet to distract and sow discord by posting inflammatory and digressive, extraneous, or off-topic messages in an online community (such as a newsgroup, forum, chat room, or blog) with the intent of provoking readers into displaying emotional responses and normalizing tangential discussion, whether for the troll’s amusement or a specific gain.
An chéad rud a léim amach anseo ná an chuid sin faoi ‘in an online community’ (i bpobal ar líne’). Is blag é CassidySlangScam a bhunaigh mé leis an fhírinne a nochtadh faoi leabhar Daniel Cassidy, agus chomh maith leis sin, le faisnéis a chur ar fáil faoi rudaí iontaofa agus neamhiontaofa a chum daoine eile seachas Cassidy maidir le sanasaíocht na Gaeilge. Ar na hócáidí sin nuair a d’fhág mé teachtaireachtaí ar fhóraim níos poiblí, ní dhearna mé iarracht duine ar bith a ghortú ná olc a chur orthu. Is é an phríomhaidhm a bhí agam ná faisnéis a chur ar fáil agus na bréaga agus an raiméis a scaip Cassidy agus a chuid cairde a dhíchruthú.
An fhadhb atá ann, de réir cosúlachta, ná go bhfuil a lán daoine ann a shíleann gurb ionann troll agus duine nach n-aontaíonn leosan. Níl an ceart acu. Níl mise ag iarraidh olc a chur ar dhaoine, cé gur cuma liom dáiríre má chuirim olc ar dhaoine a bhfuil an cáineadh tuillte acu. Is é fírinne an scéil – agus is fírinne é, gan amhras – gur Daniel Cassidy agus an dream liútálaithe a lean é a thosaigh seo. Iadsan a scaip bréaga, iadsan a mhaslaigh scoláirí ionraice, iadsan a rinne ionsaí ar dhuine ar bith nár aontaigh le caimiléireacht lom fhollasach. Tá liosta fada frásaí gránna, míchumtha, mímhacánta i leabhar Cassidy, frásaí nach bhfuil baint ná páirt acu leis an Ghaeilge. Sa bhlag seo, thug mé dúshlán lucht cosanta Cassidy arís agus arís eile. D’iarr mé orthu fianaise a chur ar fáil le tacú le hamaidí Cassidy, fianaise ar féidir í a dhearbhú nó a bhréagnú go hoibiachtúil. Ní dhearna duine ar bith acu raiméis Cassidy a chosaint riamh. Síleann siad gur chóir do dhaoine a dtuairimí a ghlacadh i ndáiríre, fiú nuair nach bhfuil sna tuairimí sin ach deargchumadóireacht agus nuair nach bhfuil siad sásta iad a chosaint le cruthúnas.
Is maith leis na daoine seo ligean orthu gur fear ionraic a bhí i nDaniel Cassidy, duine a raibh dea-rún aige agus nach raibh ann ach go ndearna sé roinnt meancóg. Tá an méid sin ag teacht salach ar an fhianaise go léir. Tá a lán, lán samplaí ar an bhlag seo de mhímhacántacht, de phoimpéis, d’éirí in airde agus de dhroch-chroí an duine seo. Ní raibh meas dá laghad tuillte aige. Ní raibh oiread agus trua tuillte aige.
Más dóigh le duine ar bith gur chóir dom bheith níos cineálta faoi Cassidy (agus tá mé ag déanamh go bhfuil na daoine a thugann troll orm ag maíomh nach bhfuil bunús leis na hionsaithe a rinne mé ar Cassidy), tá sé thar am acu roinnt cruthúnais a thairiscint nach bréagadóir a bhí ann. Níor thug duine ar bith fianaise ar bith nach naircisíoch agus caimiléir a bhí in Daniel Cassidy. Agus mura dtig leo sin a dhéanamh, leanfaidh mise de bheith ag insint na fírinne agus ag rá nach bhfuil in Cassidy agus sna daoine a dhéanann an cur i gcéill seo a chosaint ach bréagadóir gan náire.
Agus gach rud ráite, dá dtiocfadh leo an blag seo a bhréagnú agus fianaise a thabhairt go raibh an ceart ag Cassidy, nach neartódh sin an cás gur troll mise? Ach má shíleann siadsan gur chóir do gach duine glacadh lena gcuid tuairimí gan fianaise, agus go bhfuil an ceart acusan teacht anseo agus mise agus daoine eile a cháineann Cassidy a mhaslú gan argóint réasúnach a dhéanamh, nach cruthú é sin gurb iadsan na troill?