Is mór an díol náire é go bhfuil a lán daoine i saol na Gaeilge a thug tacaíocht don chaimiléir Daniel Cassidy, údar an leabhair amaidigh How The Irish Invented Slang. Mar shampla, bhí Máirtín Ó Muilleoir sásta tacú leis agus ‘ár gcara’ a thabhairt air. Tá Gaeilge ag Joe Lee fosta. De réir cosúlachta, thug seisean tacaíocht don leabhar laginntinneach seo mar gheall ar a chairdeas le cairde de chuid Cassidy. I gcás Liam Uí Chuinneagáin, de réir cosúlachta, bhí seisean freagrach as múinteoirí a chur ar fáil don Deireadh Seachtaine Gaeltachta in San Francisco. Dá gcáinfeadh seisean Cassidy, is dócha go gcaillfeadh sé cibé airgead agus stádas atá ag baint leis sin, mar tá lucht tacaíochta Cassidy i réim i saol an léinn Éireannaigh in California.
Is iriseoir leis an Irish Times é Pól Ó Muirí. In alt atá go fóill ar fáil anseo (www.beo.ie/alt-leabharmheas-7.aspx), molann sé iarrachtaí bómánta Cassidy, cé nach raibh aithne aige ar Cassidy, de réir cosúlachta – ní hionann agus na daoine eile a luadh thuas. Is deacair a rá cad chuige a raibh sé sásta amaidí mar seo a mholadh. Deir sé, mar shampla, go bhfuil ciall ag baint leis an teoiric a bhí ag Cassidy gurbh ón fhrása Gaeilge ‘bocaí rua’ a tháinig an focal buckaroo. Ar ndóigh, níl ciall ar bith le bocaí rua sa Ghaeilge. An raibh na buachaillí bó uilig rua? Agus mar is eol do chách, tháinig buckaroo ón fhocal vaquero, a chiallaíonn ‘buachaill bó’ sa Spáinnis!
Deir sé fosta go labhraíonn John Wayne an focal clábar agus é ag rá go mbíonn na mná ‘ramhar sa réasún’ sa scannán True Grit. Tá an méid sin fíor agus is focal de bhunús Gaeilge é clabber, gan amhras. An rud nach ndeir sé (is dócha nach raibh na fíricí fiosraithe aige ar chor ar bith) ná gur tháinig na focail bonny-clabber agus clabber isteach sa Bhéarla ó bhainne clábair agus ó chlábar na Gaeilge go luath sa 17ú haois. Bhí siad in úsáid go coitianta i mBéarla Shasana, Mheiriceá agus na nIndiacha Thiar leis na céadta bliain nuair a d’úsáid John Wayne an téarma in True Grit.
Tá alt spéisiúil ar Wikipedia faoin fhocal Clabber: https://en.wikipedia.org/wiki/Clabber_(food)