For several years now, I have been criticising the organisers, friends, sponsors and supporters of the San Francisco Irish-American Crossroads festival. It was founded by Daniel Cassidy, phoney professor with no degrees, and has persisted in spreading the lies from Cassidy’s book and pretending that they were the truth.
Every year at this time, I look out online to see which of Cassidy’s vile cronies will be appearing in the festival. However, this year, there seems to be no information about the festival, which normally starts about the beginning of March.
It looks as if the festival is finished, and that the 15th Festival in 2018 will be the last. I certainly hope so. Cassidy was simply a con-man, a traitor to the Irish language and the Irish people, and his work should only be held up to other people as an example of how not to do things. The organisers of the festival made up their minds a long time ago not to tell the truth.
I hope that a new festival will rise from its ashes, one with less phoneys involved, one that doesn’t try to pretend that an obvious criminal was some kind of hero, or promote ridiculous theories about the Irish language by a man who didn’t know any Irish at all.
Le roinnt blianta anuas, tá mé ag cáineadh eagraitheoirí, cairde, urraithe agus tacaitheoirí na féile, the San Francisco Irish-American Crossroads. Ba é Daniel Cassidy a bhunaigh an fhéile, ollamh bréige nach raibh oiread is céim BA aige, agus ón chéad lá, níor stad muintir na féile seo de bheith ag scaipeadh na mbréag a foilsíodh i leabhar Cassidy agus ag ligean orthu gur lomchnámha na fírinne a bhí iontu.
Ag an am seo gach bliain, amharcaim ar líne lena fháil amach cé acu compánach de chuid Cassidy a bheas ag seinm nó ag tabhairt léachta ann. Agus sin ráite, níl aon eolas le fáil faoin fhéile i mbliana. Tosaíonn an fhéile i mí Mhárta de ghnáth.
De réir cosúlachta, tá deireadh leis an fhéile agus ba é an 15ú Féile in 2018 an ceann deireanach. Tá súil agam gurb amhlaidh atá. Ní raibh i Daniel Cassidy ach caimiléir, fealltóir don Ghaeilge agus do mhuintir na hÉireann, agus níor chóir a chuid saothar a úsáid mar eiseamláir, ach amháin mar eiseamláir den dóigh nár choir rudaí a dhéanamh. Rinne eagraitheoirí na féile an cinneadh na blianta ó shin cloí leis na bréaga agus gan bacadh leis an fhírinne.
Tá súil agam go dtiocfaidh féile eile i gcomharbas uirthi, féile a bhfuil daoine ionraice páirteach inti, féile nach mbíonn ag iarraidh a chur in iúl gur laoch de chineál éigin a bhí sa choirpeach seo gan náire, féile nach ndéanann iarracht tacú le teoiricí áiféiseacha a chum amadán nach raibh Gaeilge ar bith aige.