Tag Archives: Dia Thoileachas

Amadáin na Míosa – Saineolaithe an Idirlín

Is catagóir leathan iad amadáin na míosa seo in áit duine nó daoine ar leith, cé go ndéanfaidh mé tagairt do dhaoine ar leith a bhaineann leis an aicme seo chomh maith. Is é an chatagóir atá i gceist ná saineolaithe Idirlín. Ní saineolaithe ar an Idirlíon nó ar úsáid an Idirlín atá i gceist agam, ach daoine a cheap iad féin mar shaineolaithe ar ábhair ar nós na sanasaíochta agus a bhíonn ag roinnt a gcuid ‘eolais’ ar an tsaol ar fhóraim agus ar shuíomhanna poiblí mar Amazon agus Goodreads. Seo sampla amháin, fear darb ainm Brian McCarthy a thug léirmheas iontach dearfach agus rátáil ceithre réalta do leabhar amaideach Cassidy ar Goodreads. Cibé rud a chuir air teacht ar athchomhairle, scríobh sé an méid seo a leanas mar thuairim ar a léirmheas:

Further to my review – the book has a lot of conjecture (as do dictionaries) so you can’t assume it’s all correct. Some say it’s enjoyable fiction or even 100% false. You can’t prove it one way or the other but if you have an open mind you can learn from it.

Ní gá dom a rá gur rud bómánta é na fantaisiochtaí gan chiall i leabhar Cassidy a chur i gcomparáid leis na buillí faoi thuairim (a bhíonn ciallmhar, den chuid is mó) a dhéanann lucht na bhfoclóirí. Ach an rud is mó a chuireann isteach orm anseo ná an tuairim nach féidir é ‘a chruthú bealach amháin ná bealach eile’. Cén fáth nach dtig leat é a chruthú bealach amháin ná bealach eile? Fillfidh mé ar an cheist sin thíos.

Tá a lán daoine den chineál seo ann agus is dream an-éagsúil iad fosta. Mar shampla, tá an píosa seo a leanas le feiceáil ar Quora, le hiarléachtóir a bhfuil roinnt céimeanna aige, an Dr Robert Jeantet (https://www.quora.com/Where-did-the-term-Holy-cow-originate-from):

When one thinks of expressions as “gee whiz”, “gee whillikers”, “darn”, or even “holy cow”, it is easy to trace them to New York slang of the late 19th and early 20th centuries. Their origin, however, escapes the learned minds of most classically-trained linguists who do not know Irish Gaelic. Fortunately some fluent speakers of Gaelic have been able to explain the origin of these terms, including “holy cow”. I quote below from Daniel Cassidy’s book, “How the Irish Invented Slang”.

Ar an chomhrá chéanna, tá tuairim ó dhuine éigin darb ainm Stephen Taylor, a thugann ‘sanasaí amaitéarach’, air féin agus a ghlacann teoiricí amaideacha uilig Cassidy i ndáiríre, rudaí mar Holy Cow ag teacht ó Holy Cathú, Gee Whillikers ó Dia Thoil(l)eachas agus Gee Whiz ó Dia Uas.

Anois, is dócha gur daoine deasa na daoine seo, agus nach bhfuil siad ag iarraidh bheith mioscaiseach (cé nach daoine deasa dea-chroíocha iad gach duine a thacaíonn le Cassidy agus a chuid raiméise ar line, ná baol air), ach sílim féin go bhfuil cáineadh tuillte acu anseo. Cad chuige? Bhal, tá go leor amaidí amuigh ansin ar an idirlíon cheana féin. An dearcadh nach féidir rud ar bith a chruthú agus nach féidir rud ar bith a dhéanamh ach cibé rud is mian leat a bheith fíor a roghnú, níl ansin ach séanadh freagrachta. Nuair a fhoilsíonn daoine ar nós Daniel Cassidy nó Graham Hancock nó Erich Von Daniken rudaí amaideacha, ní mor duit na fíricí a chinntiú go cúramach agus cinneadh a dhéanamh dá réir.

An frása Holy Cow, mar shampla. Ní deacair cuntas a fháil ar na mínithe cearta anseo: https://en.wikipedia.org/wiki/Holy_cow_(expression)   Agus is féidir leat foclóirí Gaeilge a aimsiú anseo (https://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/Dia). Sna foinsí sin, gheobhaidh tú amach nach bhfuil fianaise go raibh frásaí ar nós Dia Thoil(l)eachas, Dia Uas, Holy Cathú nó Holy Mac Ríúil riamh ann. Tá said go huile agus go hiomlán bréagach, rudaí a chum Cassidy ionas go mbeadh siad cosúil leis na frásaí Béarla ó thaobh fuaime de. Is é Toil Dé an Ghaeilge atá ar ‘the will of God’, ní Dia Thoil(l)eachas. Ní chiallaíonn cathú brón (cé gur fochiall den fhocal é sin) agus níl fianaise ar bith ann gur baineadh úsáid as riamh mar uaillbhreas. Agus níl an frása Mac Ríúil ann ar chor ar bith.

Ar ndóigh, mhaígh Cassidy gur fíorGhaeilge a bhí sa raiméis seo. Níor thug sé fianaise ar bith dúinn. Níor mhínigh sé cad chuige nach ndearna duine ar bith eile nasc idir na frásaí seo agus a gcomhfhrásaí a d’aimsigh seisean i nGaeilge. Níor mhínigh sé cad chuige nach bhfuil tagairt ar bith do na frásaí ‘Gaeilge’ seo ar Google ach tagairtí do Cassidy agus don leabhar bhómánta aige (ní hionann agus fíorGhaeilge ar nós Dia ár sábháil). Agus bhí nós na cumadóireachta ag Cassidy. Bhí bréagbhunúis ‘Ghaeilge’ cumtha aige do leithéidí Ku Klux Klan, Gunga Din, Abracadabra agus Bailiwick. (Cé go raibh trí cinn de na fantaisíochtaí áirithe seo dearmadta aige faoin am ar scríobh sé an leabhar.)

Lena rá ar dhóigh eile, sílim gur chóir do dhaoine mar McCarthy agus Jeantet agus Taylor an cheist shimplí seo a chur orthu féin. Dá mbeadh dlí ar na leabhair in éadan eolas bréige a scaipeadh, dá dtiocfadh leat fíneáil nó téarma príosúnachta a fháil as sin a dhéanamh, an mbeifeá sásta cliceáil ar an chnaipe bheag sin go fóill, nó an ndéanfá cúig nóiméad taighde roimh chur leis an méid amaidí ar an idirlíon? Más é an dara ceann é, b’fhéidir gur chóir duit sin a dhéanamh cibé.