Tag Archives: does hunch sound like aithint?

Hunch/Aithint

I have noticed that many of the early posts on this blog get relatively little traffic, so I have decided to start republishing some of them.

There is some doubt about the origin of the term ‘hunch’, as in ‘I had a hunch that would happen.’ The dictionary experts believe that it derives from the English word hunch meaning a hump, though it is very difficult to understand how that connection arose. Apparently it meant a push or final shove towards an answer, and then it came to mean a kind of intuition.

Cassidy disagrees with this, which is fair enough, if you can find a better and more convincing explanation. As usual, Cassidy couldn’t be bothered finding anything convincing, so he just pounced on a word which he happened to think sounded a bit like the candidate and had a meaning somewhere in the same general semantic area. The word he chose was aithint, which means knowing or recognition. Cassidy’s association of this with hunch only works if people in Irish would use aithint to mean a hunch. Would they? Of course not. Recognising something is not the same as having an opinion or a guess or a feeling about something.

How would you say ‘I had a hunch that would happen’ in Irish? Here are a few ways:

Bhí mé ag déanamh go dtarlódh sin.

Bhí éachtaint agam go dtarlódh sin.

Bhí mé ag smaoineamh go dtarlódh sin.

Bhí barúil agam go dtarlódh sin.

Bhí tuairim agam go dtarlódh sin.

Shíl mé go dtarlódh sin.

Cheap mé go dtarlódh sin.

Bhí iomas agam go dtarlódh sin.

What you wouldn’t say is ‘Bhí aithint agam go dtarlódh sin’ because it wouldn’t mean anything, any more than it would mean anything if you said ‘I had a recognition that would happen’ (though a precognition would just about work). In other words, this is just more stupid bar-room blether and fake scholarship from Cassidy.

 

Thug mé faoi deara nach bhfaigheann cuid mhór de na haltanna luatha ar an bhlag seo mórán cuairteanna, agus mar sin de, tá cinneadh déanta agam iad a athfhoilsiú anseo.

Níl a fhios againn cá has a dtáinig an téarma ‘hunch’ sa Bhéarla, focal a chiallaíonn buille faoi thuairim nó tomhas. Creideann na saineolaithe Béarla go bhfuil baint aige leis an fhocal hunch a chiallaíonn cruit, cé gur deacair a oibriú amach cén fáth a mbeadh an nasc sin ann. De réir cosúlachta, bhí sé ag tagairt don bhrú nó seáp a thugann duine agus iad ag iarraidh freagra a fháil, agus as sin, fuair an focal an chiall bhreise sin de ‘iomas’.

Ní aontaíonn Cassidy leis an mhíniú seo. Tá sin maith go leor, más féidir leat teacht ar mhíniú atá níos fearr agus níos inchreidte. Ach mar ba ghnách, ní thiocfadh le Cassidy bheith gaibhte rud éigin níos inchreidte a fháil agus mar sin de, léim sé ar fhocal a bhí giota beag cosúil leis an Bhéarla, dar leis, agus a raibh ciall aige a bhí giota beag cosúil lena chiall. Ba é aithint an focal a roghnaigh sé, focal a chiallaíonn knowing nó recognition i mBéarla. Ar ndóigh, ní chiallaíonn aithint an rud céanna le hunch an Bhéarla. Ní hionann rud a aithint agus iomas a bheith agat faoi rud.

Cad é mar a déarfá ‘I had a hunch that would happen’ i nGaeilge? Seo roinnt dóigheanna:

Bhí mé ag déanamh go dtarlódh sin.

Bhí éachtaint agam go dtarlódh sin.

Bhí mé ag smaoineamh go dtarlódh sin.

Bhí barúil agam go dtarlódh sin.

Bhí tuairim agam go dtarlódh sin.

Shíl mé go dtarlódh sin.

Cheap mé go dtarlódh sin.

Bhí iomas agam go dtarlódh sin.

Ach ní déarfá, ‘Bhí aithint agam go dtarlódh sin’ mar ní bheadh ciall ar bith leis, ach oiread leis an fhrása ‘I had a recognition that would happen’ i mBéarla (cé go bhféadfá cás a dhéanamh ar son ‘I had a precognition that would happen!’) Lena rá ar dhóigh eile, níl sa raiméis seo ach cabaireacht lucht tábhairne agus léann bréagach ó Cassidy.