Tag Archives: ealaín

A Recommendation/Moladh

A while back, I bought a copper photo etching from talented New Zealand artist Chris O’Regan. I had intended to write about it before now but I’m only just getting around to it. Anyway, the picture took a while to make its way from the Land of the Long White Cloud to Ireland but I was really delighted with it and I promised Chris that I would give him a bit of publicity here.

The effect of the picture is very unusual. According to Chris himself, the etching process involved uses a polished copper surface where the etched areas are treated with a patina (a chemical) that permanently turns the recessed areas black and brown and the unetched areas are left with the copper shining through. The image will literally last hundreds of years because of the way it was made. It came in a tasteful and elegant wooden frame.

Chris has done several of these pictures. My picture is of Brian O’Nolan (otherwise known as Flann O’Brien or Myles na gCopaleen).

The picture is a fitting tribute to one of the greatest of Irish writers. As I am a Flannatic and a Mylesian, I am delighted to have such an attractive image of my favourite writer on prominent display in my house.

However, there is a special reason why I notice this picture every day as I go past it. Anyone who has ever lived near the sea will know that a seascape is never the same from one hour or one day to the next. As with the sea, the fact that this picture has a reflective copper surface means that it is always different depending on the light filtering in from outside. It is muted on a dark, cloudy day, while on a sunny day, the image of the great man’s face stands out and captures your attention.

If you are looking for an unusual and tasteful ornament for your home, or a different and special gift for someone who loves Irish culture and literature, check out Chris’s website here:

Home – Celtic Art Dagda Metalwork

Tamall beag ó shin, nuair a bhí an phaindéim i mbarr a réime, cheannaigh mé eitseáil ghrianghraif chopair ó ealaíontóir cumasach ón Nua-Shéalainn darb ainm Chris O’Regan. Bhí sé ar intinn agam scríobh ar an ábhar seo roimhe seo ach idir rud amhain agus rud eile níor éirigh liom é a dhéanamh go dtí anois. Thóg an pictiur tamall maith lena bhealach a dhéanamh ó Thír an Scamaill Fhada Bháin go hÉirinn ach b’fhiú go mór fanacht air. Bhí mé agus tá mé thar a bheith sásta leis agus gheall mé do Chris go dtabharfainn giota beag poiblíochta dó ar an bhlag.

Ta cuma thar a bheith neamhchoitianta ar an íomhá. De réir Chris féin, baineann an próiseas eitseála usáid as dromchla snasta copair ar a ndéantar na hachair eitseáilte a chóireáil le paitean (ceimiceán) a thiontaíonn na codanna ionsuite dubh agus donn agus fágtar na codanna neamheitseáilte gan athrú. Mairfidh an íomhá na céadta bliain mar gheall ar an dóigh a ndearnadh í. Ní hamháin sin, ach tháinig an pictiúr i bhfráma breá galánta.

Tá dornán de na pictiúir seo déanta ag Chris. An pictiúr atá agamsa, is de Bhrian Ó Nualláin é (ar a dtugtar fosta Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen).

Ómós cuí atá ann do dhuine de na mórscríbhneoirí is fearr de chuid na tíre seo. Tá dúil as cuimse agamsa i saothar Myles agus tá mé thar a bheith sásta íomhá chomh galánta tarraingteach den scríbhneoir is fearr liom a bheith ar taispeáint in áit fheiceálach sa teach s’agamsa.

Ní hamháin sin, ach tá fáth ar leith a dtugaim an pictiúr seo faoi deara agus mé ag dul thart leis gach lá. Duine ar bith a bhí ina chónaí cois farraige riamh, tuigfidh sé nó sí nach mbíonn muirdhreach mar an gcéanna ó uair go huair nó ó lá go lá. Agus mar a bhíonn i gcás na farraige, mar gheall ar an dromchla fhrithchaiteach lonrach ar an phictiúr copair, bíonn sé i gcónaí difriúil ag brath ar an tsolas ag síothlú isteach ón tsaol amuigh. Bíonn sé maolaithe ar lá scamallach dorcha ach nuair a bhíonn sé grianmhar amuigh, bíonn aghaidh an mhórscríbhneora le feiceáil go suntasach agus tá idir líonadh súl agus líonadh croí ann.

Má tá tú ag iarraidh maisiúchán neamhchoitianta toighseach a fháil don teach s’agat, nó bronntanas difriúil speisialta a cheannach do dhuine a bhfuil dúil aici nó aige i gcultúr agus i litríocht na hÉireann, mholfainn duit spléachadh a thabhairt ar shuíomh gréasáin Chris anseo:

Home – Celtic Art Dagda Metalwork