Tag Archives: etymology of giggle

Giggle

Ceann de na rudaí is amaidí i leabhar amaideach Cassidy ná an cacamas faoi bhunús Gaelach an fhocail giggle. Deir Cassidy go dtagann giggle ón ‘Ghaeilge’ gíog gheal. Níl a leithéid ann sa Ghaeilge, ar ndóigh, ach oiread le ‘brightsqueaking’ sa Bhéarla.

Ní hamháin sin, ach mar atá léirithe againn roimhe seo, san áit a bhfuil gaol ag focal i mBéarla sa Ghearmáinis, ciallaíonn sin gur focal seanbhunaithe atá ann sa Bhéarla (sleep, schlafen; bed, Bett; drink, trinken; foot, Fuß etc.) Tá focal sa Ghearmáinis, gickeln, a chiallaíonn an rud céanna le giggle agus atá an-chosúil leis ó thaobh fuaime de. Giggle, gickeln. Nach bhfuil an míniú sin míle uair níos fearr ná raiméis bhréagach Cassidy faoi ghíoga geala?

 

One of the stupidest things in Cassidy’s stupid book is the nonsense about the Irish origin of the word giggle. Cassidy says that giggle comes from the ‘Irish’ gíog gheal. This doesn’t exist in Irish, of course, any more than ‘brightsqueaking’ does in English.

That’s not all. As we have shown before here, where a word in English has a cognate in German, this means that it is a long-established word in English (sleep, schlafen; bed, Bett; drink, trinken; foot, Fuß etc.) There is a word in German, gickeln, which means the same thing as giggle and which is very similar to it in sound. Giggle, gickeln. Isn’t that a far better explanation than Cassidy’s fake rubbish about bright squeaks?