Nochtadh a lán tuairimí spéisiúla maidir leis an Ghaeilge le déanaí ar na meáin shóisialta, tuairimí a léiríonn cuid mhór faoi dhearcadh na ndaoine a chum iad. Ceann de na tuairimí ba spéisiúla ná ceann le hÉireannach (is léir nach Gael é) a bhí ag gearán faoin chur amú ama a bhaineann le Gaeilge a fhoghlaim: I help my daughter with her Irish homework, that she knows is pointless in life at age 9 & it’s so frustrating knowing her time could be spent better learning things she’ll need in the future. I wasted time on Irish and finished school unable to boil an egg.. Ní gá dom a rá gur magadh faoin fhear seo rud bocht as an tuairim seo a nochtadh (go háirithe an non-sequitur faoi uibheacha a fhiuchadh), ach nuair a léigh mé é, thosaigh mé a smaoineamh ar dhaoine agus ar thuairimí den chineál seo.
Ar an chéad dul síos, nár fhoghlaim gach duine rudaí ar scoil nár bhain siad úsáid astu riamh? D’fhoghlaim mise a lán acu. Cothromóidí cearnacha? An fhisic? Ní hamháin sin, ach tá mé lánchinnte nár bhain mé úsáid phraiticiúil riamh as cuid ar bith den eolas a d’fhoghlaim mé i ranganna staire, cé gur mór liom an t-eolas atá agam ar an stair agus bheinn i bhfad ní ba bhoichte gan é.
Agus sin ráite, tá níos mó i gceist le hábhair a fhoghlaim ar scoil ná fíricí ags faisnéis a bhailiú, nach bhfuil? Don chuid is mó againn, baintear úsáid as ábhair scoile le píosa páipéir a fháil, agus ansin, bogaimid ar aghaidh chuig rud éigin eile. Tá an píosa páipéir againn a chruthaíonn go raibh muid maith go leor leis an phíosa páipéir a fháil. Agus mar gheall air sin, táimid i dteideal dul ar aghaidh agus píosa páipéir níos speisialaithe a fháil. Tá ábhair a rinne mé ar scoil nár bhain mé úsáid astu riamh, ach tá an cháilíocht agam. Ní cur amú ama a bhí ann. Cuid den oideachas agus den oiliúint a bhí ann, sin a raibh.
Agus nuair a amharcaim siar ar na hábhair a bhí agam ar scoil, bhí cuid acu a raibh dúil agam iontu agus cuid eile nach raibh, ach ní cuimhin liom riamh a rá ag aois a 9 (nó fiú ag aois 12 nó 14) nár chóir roinnt ábhar a theagasc cionn is nach bhfuil maith ar bith iontu. Agus sin an fáth a bhfuil amhras orm cé acu a rinne páiste 9 mbliana d’aois cinneadh mar sin léi féin nó nach ndearna. Nó arbh é an tuismitheoir a d’fhág an scoil agus é chomh hamaideach sin a chinntigh go mbeadh an tuairim sin aici chomh hóg sin?
Agus ar ndóigh, tá scileanna eile a bhaineann le hábhair a fhoghlaim. An dóigh le staidéar a dhéanamh, an dóigh le ham a bhainistiú, an dóigh le nótaí a bhreacadh, an dóigh le foinsí eolais a aimsiú agus an chuid is fearr a bhaint astu. Agus ansin, tá an cumas rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Agus níos tábhachtaí ná rud ar bith eile, tá muinín ann. Tá scileanna den chineál chéanna ag baint le teanga ar bith a fhoghlaim. Tá scileanna inaistrithe ag baint le rud ar bith a fhoghlaim, is cuma cad é atá ann.
Daoine aineolacha ar nós fhear seo na n-uibheacha amha, glacfaidh siad leis nach fiú teanga mar an Ghaeilge a fhoghlaim, mar ní chuideoidh sé leat teangacha eile a fhoghlaim. A mhalairt atá fíor. Tá a lán fianaise ann go bhfuil sé i bhfad níos fusa do dhuine atá dátheangach an tríú nó an ceathrú teanga a fhoghlaim. Is é an bhacainn is mó atá ar fhoghlaimeoirí teanga nó na rudaí sa chéad teanga a nglacann siad leo mar rialacha dochta uilíocha agus ní mar ghnéithe randamacha dá dteanga féin. Más féidir leat na bréagchinnteachtaí sin a bhriseadh, bíonn an fhoghlaim i bhfad níos fusa. Is é rud é, níl a fhios ag fear na n-uibheacha amha cad iad na teangacha a mbeidh ar a iníon iad a fhoghlaim amach anseo. Asairis? Rúisis? Indinéisis? Ní féidir sin a thuar, ach is féidir teanga nach bhfuil cosúil leis an Bhéarla a theagasc di a fhágfaidh go mbeidh sé níos fusa aici Teanga 3 nó Teanga 4 a fhoghlaim más gá. Ach ina áit sin, b’fhearr leis a cuid oideachais a theorannú mar gheall ar na claonta páistiúla atá aige féin.
Is é fírinne an scéil go mbaineann teangacha ar fud an domhain úsáid as réimse teoranta fuaimeanna, struchtúr agus straitéisí le cur síos ar an domhan. Baineann Araibis agus Eabhrais úsáid as struchtúir ar nós liom, agat, astu i nGaeilge. Tá a lán lán teangacha ar fud an domhain a bhfuil an fhuaim a scríobhtar sa Spáinnis mar j nó sa Ghaeilge mar ch iontu, fuaim nach dtig le cuid mhór Béarlóirí a rá ar chor ar bith. Cuireann na teangacha Polainéiseacha sealbhaíocht in iúl mar shuíomh, ionas go bhfuil an rud ‘agat’, go díreach mar a dhéantar sa Ghaeilge nó sa Bhreatnais. Thiocfadh liom na céadta sampla eile a thabhairt. Má fhoghlaimíonn tú teanga ar bith, thig leis cuidiú leat teangacha eile a fhoghlaim ar an iliomad saindóigheanna praiticiúla.
Tá a lán fáthanna ann leis an Ghaeilge a fhoghlaim mar is ceart. Fiú más dóigh leat gur cur amú ama í an Ghaeilge, tá a lán fáthanna maithe le do pháistí a spreagadh leis an teanga a fhoghlaim mar is ceart. Agus sin ráite, má mhúintear do pháistí nach bhfuil sa Ghaeilge ach cur amú ama, beidh sí ina cur amú ama, dóibhsean agus do na páistí a gcaithfidh seomra ranga a roinnt le páistí ar cuireadh brú orthu éirí as an teanga a fhoghlaim sular thosaigh siad.
Agus sin gan smaoineamh fiú ar na fáthanna deimhneacha cultúrtha leis an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá beagnach 4 mhilliún duine ag foghlaim Gaeilge le Duolingo faoi láthair – i bhfad níos mó ná foghlaimeoirí na hEabhraise, nó na Tuircise, nó na hIoruaise. Cad chuige a bhfuil an oiread sin daoine ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim? Is é fírinne an scéil go gcuireann sí an duine i dteagmháil lena oidhreacht chultúrtha. Is ón Ghaeilge a tháinig an chuid is mó de na logainmneacha agus na hainmneacha pearsanta in Éirinn. Tá litríocht iomlán i nGaeilge atá an-difriúil leis an Bhéarla. Agus tá an oiread sin ceoil in Éirinn atá bainteach leis an teanga.
Ní hamháin sin, ach gan dul rófhada ar bhóthar na polaitíochta, rinneadh feachtas den chinedhíothú theangeolaíoch ar an Ghaeilge agus bhí sin freagrach as meath na teanga. Lena rá go simplí, is geall le ciníochas an meon atá ag na daoine a rinne agus a dhéanann iarracht an Ghaeilge a mhilleadh. Tá na tuairimí seo cosúil leis an nóisean gur chóir foraoisí báistí nach bhfuil ach ina gcur amú cionn is go bhfuil siad lán speiceas atá galánta ach gan tairbhe a stróiceadh agus plandálacha ordúla lán de chrainn rubair nó bhanana a chur ina n-áit. Má ligimid do bhiogóidigh agus ciníochaithe an bua a bheith acu sa chás seo, cé chomh fada agus a mhairfidh teangacha ar nós na hOllainnise nó n Danmhairgise nó na Seicise sula gcuirfear i mbaol iad cionn is go measann daoine nach bhfuil siad inmharthana a thuilleadh mar gheall ar a n-easpa cainteoirí.