Cúpla seachtain ó shin, ar an 22 Bealtaine, 2018, bhí siompóisiam ann in ómós do Joe Lee ag Glucksman Ireland House i Nua-Eabhrac. J.J. Lee and Irish History: Scholar, Colleague, Mentor an teideal a bhí ar an tsiompóisiam.
Mar a scríobh mé roimhe seo, tá obair mhaith déanta ag Lee. Is fíorstaraí é Lee, a bhfuil a lán leabhar agus alt den scoth scríofa aige. Ach, mar a dúirt mé fosta, bhí Joe Lee mór le cuid mhór daoine a bhí mór le Daniel Cassidy, agus sin an fáth ar scríobh sé an léirmheas dearfach seo thíos don leabhar How The Irish Invented Slang:
“In this courageous, crusading manifesto, Daniel Cassidy flings down the gauntlet to all those compilers of dictionaries who fled to the safe haven of ‘origin unknown’ when confronted with the challenge of American slang …The originality and importance of the argument makes this an exciting contribution to both American and Irish Studies. This is a landmark book, at once learned and lively, and quite enthralling as to how American English acquired so vibrant a popular vocabulary.”
Is raiméis an léirmheas seo, ar ndóigh, mar is raiméis leabhar Cassidy. Níl a fhios agam cad chuige ar roghnaigh sé tacú le píosa bréagscoláireachta mar How The Irish Invented Slang.
Is mór an díol spéise é go raibh beirt chairde le Cassidy ag labhairt le Lee ag an tsiompóisiam: 12.30 pm: Reflections of Directors of Glucksman Ireland House: Prof. Bob Scally & Prof. Joe Lee in Conversation with Dr. Terry Golway. Bhí Golway mór le Cassidy, agus scríobh Bob Scally léirmheas a bhí lán chomh moltach le ceann Lee ar chúl leabhar Cassidy:
Irish Americans especially will be delighted to know they have been speaking Irish all along in their slang and American English, while believing and bemoaning that they had lost their native tongue many years ago. With imagination and scholarship, Cassidy has restored this hidden treasure to us in a book that is filled with revelations, wit and humour.
Mar a dúirt mé, níl a fhios agam cad chuige ar roghnaigh Joe Lee agus a chairde neamhaird a dhéanamh den fhianaise agus muintir na hÉireann a mhaslú ar an dóigh seo. Is deacair é a thuiscint, go háirithe i gcás Lee, duine a bhfuil go leor Gaeilge aige lena aithint láithreach nach Gaeilge iad leithéidí béal ónna agus béalú h-ard agus pá lae sámh.
Rud amháin atá cinnte: cosúil le gach duine eile a bhí mór le Cassidy, is lú é mar scoláire, mar mhúinteoir agus mar dhuine de dheasca an chairdis sin. Níl a fhios agam an caimiléir agus bréagadóir é Lee, ach is cinnte gur thacaigh sé le leabhar mí-ionraic Cassidy, agus is teimheal ollmhór sin ar a chlú.
Sin an fáth a bhfuil mé sásta an teideal Amadán na Míosa, Meitheamh 2018 a bhronnadh ar Joe Lee, a chuidigh le caimiléir drochleabhar a dhíol agus nach ndearna turn láimhe ina dhiaidh sin le rudaí a chur ina gceart.