I notice that the appalling IrishCentral has changed its system of comments. Unfortunately it hasn’t changed its policy with regard to publishing complete crap. Anyway, the comments have disappeared and a note states that the old comments will gradually be restored. Brendan Patrick Keane’s ridiculous article on Cassidy’s ‘research’ has only one comment at present, a newly-added comment from Maitiú Ó Coimín, who says simply that “Cassidy was a fraud and his book is nonsense.” You took the words right out of my mouth, Maitiú! Once again, it is members of the Irish-speaking community who are stepping up to the plate to defend our beautiful language against Cassidy’s lies.
Tugaim faoi deara go bhfuil an tobar caca sin IrishCentral i ndiaidh a chóras tuairimí a athrú. Ar an drochuair, níor athraigh sé a bheartas maidir le cacamas lom a fhoilsiú. Cibé, tá na tuairimí a bhí ann ar shiúl anois agus deir nóta go gcuirfear ar ais iad de réir a chéile. Níl ach an t-aon tuairim le léamh faoi bhun an ailt áiféisigh a scríobh Brendan Patrick Keane ar ‘thaighde’ Cassidy, tuairim le Maitiú Ó Coimín a cuireadh ann ó rinneadh na hathruithe. Ní deir Maitiú ach an méid seo: “Cassidy was a fraud and his book is nonsense.” (Ba chaimiléir é Cassidy agus is raiméis a leabhar.) Maith thú, a Mhaitiú! Mar a déarfadh mo bhéal féin é! Arís eile, is baill de phobal na Gaeilge atá ag seasamh an fhóid leis an teanga álainn s’againne a chosaint ar bhréaga Cassidy.