Tag Archives: Irish language jokes

Scéal Grinn Dátheangach – A Bilingual Joke

Leagan Gaeilge

Bhí eitleán ar shéala titim as an spéir.

Bhí cúigear paisinéirí ar bord, ach ní raibh ach ceithre pharaisiút ann.

Ba í Holly Madison an chéad phaisinéir. Ar sise, “Tá clár réaltachta agam agus is mise an bhean is géarchúisí agus is gleoite ag Playboy. Bheadh muintir Mheiriceá croíbhriste dá bhfaighfinn féin bás.” Thóg sí an chéad phaca agus léim amach as an eitleán.

Arsa an dara paisinéir, John McCain: “Is Seanadóir mise. Is laoch cogaidh mé agus bronnadh boinn orm as mo chrógacht. Bhí mé i scoth-aonad de chuid chabhlach Stát Aontaithe Mheiriceá.” Ghlac seisean an dara paca agus léim.

Arsa an tríú paisinéir, Donald Trump: “Is mise an chéad Uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe. Is mise an fear is cliste i Meiriceá agus tá mé ag dul a chur Meiriceá in ard a réime arís.” Leis sin, sciob sé an paca taobh leis agus léim amach.

Is é a dúirt an ceathrú paisinéir, Billy Graham, leis an cúigiú paisinéir, girseach scoile 10 mbliana d’aois: “Bhí saol breá fada agam agus rinne mé mo sheacht ndícheall le freastal ar Dhia. Tabharfaidh mé mo bheatha ar do shon agus ligfidh mé duit an paraisiút deireanach a ghlacadh.”

Arsa an cailín óg: “Ná bíodh imní ort, a Uasail Graham. Tá paraisiút ann duit. Tá an fear is cliste i Meiriceá i ndiaidh léim amach as an eitleán le mo mhála scoile.”

 

English version

An airplane was about to crash. There were 5 passengers on board, but only 4 parachutes.

The first passenger, Holly Madison said: “I have my own reality show and I am the smartest and prettiest woman at Playboy. Americans don’t want me to die.” She took the first pack and jumped out of the plane.

The second passenger, John McCain, said: “I’m a senator, and a decorated war hero from an elite navy unit from the United States of America.” so he grabbed the second pack and jumped.

The third passenger, Donald Trump said, “I am going to be the next President of the United States, I am the smartest man in our country, and I will make America great again”. So he grabbed the pack next to him and jumped out.

The fourth passenger, Billy Graham, said to the fifth passenger, a 10-year-old schoolgirl: “I have lived a full life and served my God the best I could. I will sacrifice my life and let you have the last parachute.”

The little girl said: “That’s okay, Mr. Graham. There’s a parachute left for you. The smartest man in America just jumped out of the plane with my schoolbag.”