Tag Archives: leithghabháil chultúrtha

Amadáin na Míosa, Meán Fómhair 2018 – The Vintage News

Is é Amadán na Míosa i Mi Mheán an Fhómhair 2018 ná suiomh a bhfuil The Vintage News air. Tá físeán beag acu darb ainm American slang words we never knew were invented by the Irish. San fhíseán, tugtar a lán sanasaíochtai aiféiseacha a chum Cassidy, maraon le dornán a fuair Cassidy  ó fhoinsí atá níos iontaofa:

Snazzy =Snasah: (ar ndóigh, Snasach an leagan ceart). Níor chum Cassidy an ceann seo. Cé go bhfuil an nasc idir snazzy agus snasach sochreidte go leor, ní dócha go bhfuil sé ceart. Nuair a baineadh úsáid as Snazzy den chéad uair, bhi sé ag tagairt do dhuine darbh ainm Snazelle – Snazzy an leasainm a bhí air.

Spiel = Speal. Ciallaíonn speal gléas a úsáidtear le féar a ghearradh. Rímeann sé leis an ainm Al. Tá focal cosúil leis i nGaidhlig na hAlban agus tá fochiall leis sa teanga sin, mar atá, focail ghéara. Ní Gaeilge sin, mar sin. Agus ar ndóigh, tagann spiel ón Ghearmáinis. (Nil baint ar bith aige leis an Ghiúdais, de réir cosúlachta.)

Baloney = Béal ónna. Ar ndóigh, níl a leithéid de fhrása ann agus béal ónna. Chum Daniel Cassidy é.

Bunkum = Buanchumadh. Tá an ceann seo pléite againn roimhe seo. Tagairt atá ann do Buncombe County, agus polaiteoir darbh ainm Felix Walker. Níl a leithéid de fhrása ann agus buanchumadh. Níl ann ach cumadóireacht eile de chuid Cassidy.

Swell = Sóúil. Ciallaionn an focal sóúil saibhir, sómasach, galánta (níl baint dhíreach idir ciall an fhocail seo agus ciall an fhocail swell) agus níl sé róchosuil leis an fhocal swell ó thaobh fuaime de. Ní hamháin sin, ach tá fíorbhunús swell aitheanta ag na saineolaithe. Tá an bunús sin mínithe anseo: https://www.etymonline.com/word/swell

Slugger = slacaire. Níl slugger iontach cosúil le slacaire ó thaobh fuaime de, ar ndóigh. Tá a lán focal i mBéarla a bhfuil ciallanna ar nós bualadh, siúl go trom srl. acu, focail ar nós slug agus slog agus slag, chomh maith le focail ar nós schlagen sa Ghearmáinis. Thig leat nótaí a fháil orthu ach an nasc seo a leanúint: https://www.etymonline.com/word/slug#etymonline_v_23704

Dork = dorc. De réir na raiméise seo ar Vintage News, ciallaíonn an focal dorc ‘abhac’ i nGaeilge. An gciallaíonn? Níor chuala mise sin riamh. Agus de réir na saineolaithe, is leagan truaillithe den fhocal Béarla ‘dick’ atá san fhocal sin dork.

Croney = comh-roghna. Creidtear gur béarlagair Ollscoil Cambridge atá ann, a cumadh sa 17ú haois agus a tháinig ó chronios, focal Gréigise a chiallaíonn ‘sean’.

Phoney = fáinne (ring). Tá an ceann seo fíor, is dócha, (dar liomsa, cibé) ach bhí sé ann i bhfad sular thosaigh Cassidy ar a fheachtas cumadóireachta. Tagann sé ó na fáinní (fawneys) a bhí in úsáid le daoine a robáil. Agus sin ráite, nil gach duine ar aon intinn faoin nasc idir fawney agus phoney, agus tá David L. Gold, sanasaí cumasach éirimiúil, ar dhuine de na sceiptigh.

Dude = dúd. Níl fianaise dá laghad ann gur Gaeilge é dude, téarma ar ghaige sa 19ú haois. An chuid is mó de na scoláirí, deir siad gur tháinig sé ón amhrán Yankee Doodle Dandy, a sháigh cleite ina chaipín agus a thug macaroni air (i mbéarlagair an 18ú haois, bhí an chiall gaige leis an fhocal macaroni fosta).

Slum = ‘s lom (é). Is frása de na frásaí a chum Cassidy é ‘Is lom é’. Agus fiú dá mbeadh an frása sin ann, thuigfeadh duine ar bith a bhfuil cúlra aige nó aici sa teangeolaíocht nach ndéantar frásai mar seo a fháil ar iasacht. Ní hamháin sin, ach ní bhíonn plódcheantair ‘lom’. Agus ar ndóigh, áit chodlata an chiall a bhí le slum agus mar sin de, is dócha go bhfuil baint ag an fhocal leis an Bhéarla ‘slumber’.

Fluke = fo-luach. De réir Cassidy, ciallaíonn fo-luach deonú Dé nó duais neamhchoitianta. Níl a leithéid de chor cainte ann sa Ghaeilge agus dá mbeadh, is é ‘subsidiary value’ nó rud éigin mar sin an chiall a bheadh aige. Raiméis agus amaidí!

Nincompoop = naioidhean. Lena rá mar is ceart, is é a mhaígh Cassidy’s ná gur tháinig nincompoop ón ‘Ghaeilge’ naioidhean ar chuma búb. Dar le Cassidy, is masla é seo a bhí coitianta sa Ghaeilge fadó. Ní fíorGhaeilge é sin, ar ndóigh. Is dócha go bhfuair an Béarla nincompoop ón fhrása Laidin non compos mentis.

Scam = ‘s cam é. Deir Cassidy gur tháinig scam ón fhrása seo, atá cineál aisteach (déarfá ‘tá sé cam’ de ghnáth). Mar sin de, nuair a deir tú ‘it’s a scam’, is é atá á rá agat i nGaeilge ná ‘Is is cam é é!’ Aidhe, is dócha go bhfuil an ceart agat. Is é fírinne an scéil go bhfuil a lán sanasaíochtaí féideartha ann. An ceann is minice a luaitear ná an briathar Spáinnise escamotear, a chiallaíonn duine a scamáil nó a robáil.

Boogaloo = bogadh luath. Dar le Cassidy, is ón Ghaeilge a tháinig an focal boogaloo, ón fhrása bogadh luath (?). Ar ndóigh, níl bogadh luath cosúil le boogaloo agus níl baint ar bith idir boogaloo agus bogadh luath ó thaobh céille de. Ach, le filleadh ar réadúlachta an phláinéid seo, creidtear gur cumadh boogaloo sna 1960í, agus gur leagan atá ann den stíl cheoil boogie-woogie, a bhfuil a ainm onamataipéach, is dócha.

Puss = pus. Tá an ceann seo fíor, ach glacann gach foclóir Béarla leis an tsanasaíocht seo agus bhí an ceann seo ann i bhfad sular scríobh Cassidy a leabhar. Tagann puss (sa chiall a dig in the puss nó sourpuss) ón fhocal Gaeilge pus.

Cad é atá againn anseo, mar sin? Cúpla fíorshanasaíocht ón Ghaeilge, agus a lán finscéalaíocht agus raiméis a chum Daniel Cassidy ina leabhar How The Irish Invented Slang. Na tráchtanna ar Facebook, is mór an díol spéise iad. Scríobh a lán daoine nach raibh an raiméis seo inchreidte, go háirithe an téarma spiel, ar léir gur ón Ghearmáinis nó ón Ghiúdáis a tháinig sé. Dúirt Eoin P. Ó Murchú (bullaí fir, a Eoin!) go neamhbhalbh gur raiméis a bhí ann a fuarthas ó leabhar Cassidy. Scríobh duine amháin, Dilean Mac Searraigh: ““Most of these are ridiculous … there are Irish words in English … but these are totally inaccurate gibberish. Someone literally just made them up.”

Ach is léir gur chuir sé isteach go mór ar óinseach darb ainm Rhonda Pennington go raibh daoine ag cosaint na fírinne in áit bréaga a scaipeadh go randamach:

I can’t believe a fun post like this has generated such snarky remarks. It’s all in fun. Why does everything have to be an argument these days? Where is your sense of humour, people?

Tá mé cinnte nach mise an t-aon duine leis an cheist seo a thógáil, ach cá háit a bhfuil an chraic? Cad é an greann? Is é atá sa stuif seo ná bailiúchán finscéalta nach bhfuil fréamhaithe san fhírinne ar chor ar bith. Ach níl rud ar bith ann a thugann le fios gur íoróin atá ann nó nach bhfuil sé in ainm a bheith fíor. Cad é go díreach an bhaint idir acmhainn grinn agus fíricí bréaga a chur chun tosaigh faoi theangacha agus faoi chultúir daoine eile, go háirithe teangacha a bhfuil leatrom á dhéanamh orthu leis na glúnta? Dá mbeadh siad ag maíomh gur liosta d’fhocail a tháinig ó Gullah nó Cherokee atá ann, ach nach raibh sa chuid ba mhó de ach deargchumadóireacht, ní dóigh liom go nglacfadh daoine leis nach raibh ann ach craic. Is dócha go sílfeadh an chuid ba mhó de na daoine nach raibh ann ach leithghabháil chultúrtha nó (an dearcadh atá agam féin) ciníochas lom.

De réir cosúlachta, tá Pennington ag rá linn anseo, nuair a chaitheann duine lán sluaiste de chac ar do chloigeann, ba chóir duit do bhuíochas a ghabháil leo go muinte, iarraidh orthu tuilleadh caca a chaitheamh anuas ort agus glacadh leis nach bhfuil ann ach píosa grinn. Cead agatsa sin a dhéanamh, a Rhonda (cé nach í an teanga s’agatsa atá faoi ionsaí, ar ndóigh). Is fearr liom féin amharc air seo mar iarracht dallamullóg a chur ar dhaoine d’aon turas, mar go bhfuil an fhírinne faoi Cassidy agus a mhí-ionracas amuigh ansin leis na blianta. Ní dhearna muintir Vintage News taighde ar bith. Tá Vintage News freagrach as raiméis a scaipeadh mar a bheadh fírinne ann, agus níl meas nó caonfhulaingt tuillte acusan nó agatsa ó dhuine ar bith as bréaga a insint, is cuma cé chomh greannmhar agus atá na bréaga céanna, dar leat féin.

 

Cultural Appropriation/Leithghabháil Chultúrtha

(https://nos.ie/gniomhaiochas/polaitiocht/leithghabhail-chulturtha/)

There was an interesting little article in NósMag recently about leithghabháil chultúrtha, or cultural appropriation. Cultural appropriation is basically the misuse of a minority culture by a majority culture. The NósMag article asked the question, where do we draw the line? There was an immediate response by Dennis King, who wrote this on Twitter with a picture of Cassidy’s ludicrous book: An leithghabháil chultúrtha é nuair a scríobhann duine ar bheagán Gaeilge leabhar a bhfuil a lán cacamais faoin nGaeilge ann? (Is it cultural appropriation when someone with little Irish writes a book which is full of crap about Irish?)

There have been a lot of arguments about what is or is not cultural appropriation. I don’t think anyone would argue about the most extreme cases – the Black and White Minstrel Show, or the writings of Asa Earl Carter are definitely inappropriate. Others are more dubious. Is it wrong for Anglo children to use a piñata? Should non-African Americans play the blues? Is it cultural appropriation when people get tattoos in bad Chinese or even worse Irish?

Wherever we draw the line, there is no doubt that Dennis King is right and that Cassidy is on the wrong side of it. After all, Cassidy’s book is basically a collection of made-up rubbish by a man who couldn’t even be bothered learning any Irish. Like Dennis King, I find Cassidy’s smugness and arrogance deeply offensive. It makes me angry to hear someone claiming that baloney comes from the Irish béal ónna, when there is no Irish phrase béal ónna – Cassidy invented it and then pretended it was Irish. Or that crony comes from Irish comhrogha, which exists but never had the meaning of friend or companion. Or that giggle comes from gíog gheal, which (if it existed), would mean a bright squeak. It’s all insulting, arrogant, stupid nonsense from a man with no degrees or qualifications who managed to con his way into a university job. Cultural appropriation or not, it’s a pack of lies.

 

(https://nos.ie/gniomhaiochas/polaitiocht/leithghabhail-chulturtha/)

Bhí alt beag spéisiúil ar NósMag ar na mallaibh faoin leithghabháil chultúrtha, nó an cultural appropriation, mar a thugtar uirthi i mBéarla. Is é atá i gceist leis an leithghabháil chultúrtha, lena rá i mbeagán focal, ná mórchultúr ag baint mí-úsáid as cultúr mionlaigh. Cuireadh an cheist san alt ar NósMag, cá háit a dtarraingítear an líne? Bhí freagra ann láithreach ó Dennis King, a scríobh seo ar Twitter maraon le pictiúr de leabhar bómánta Cassidy: An leithghabháil chultúrtha é nuair a scríobhann duine ar bheagán Gaeilge leabhar a bhfuil a lán cacamais faoin nGaeilge ann?

Bhí a lán argóintí ann le blianta beaga anuas maidir le cad is leithghabháil chultúrtha ann agus na rudaí nach leithghabháil chultúrtha iad. Ní dóigh liom go mbeadh amhras ar dhuine ar bith faoi na cásanna is measa – is cinnte nach bhfuil The Black and White Minstrel Show nó scríbhinní Asa Earl Carter inghlactha ar chor ar bith. Tá rudaí eile níos éiginnte. An bhfuil an ceart ag páistí nach bhfuil acu ach Béarla piñata a úsáid? Ar chóir do Mheiriceánaigh nach bhfuil de bhunús Afraiceach na gormacha a sheinm? An leithghabháil chultúrtha é nuair a fhaigheann daoine geala nach Gaeil iad tatúanna i ndrochShínis nó i nGaeilge uafásach?

Cibé áit a dtarraingítear an líne, is cinnte go bhfuil an ceart ag Dennis King agus go bhfuil Cassidy ar an taobh mhícheart den líne sin. Níl i leabhar Cassidy, i ndiaidh an tsaoil, ach bailiúchán de raiméis a chum duine nach dtiocfadh leis bheith gaibhte Gaeilge ar bith a fhoghlaim. Go díreach cosúil le Dennis King, cuireann féinsástacht agus ardnósacht Cassidy olc an domhain orm. Cuireann sé fearg orm nuair a chluinim duine ag rá gur ón Ghaeilge béal ónna a tháinig an focal baloney, cé nach bhfuil a leithéid de fhrása ann – chum Cassidy é agus lig air gur Gaeilge a bhí ann. Nó gur ón ‘Ghaeilge’ gíog gheal a tháinig giggle an Bhéarla, in ainneoin go bhfuil fianaise chuimsitheach leis an bharúil sin a bhréagnú. Níl ann ach raiméis mhaslach, ardnósach, amaideach ó fhear nach raibh céimeanna ná cáilíochtaí ar bith aige ach ar éirigh leis post ollscoile a fháil trí chaimiléireacht. Níl sa bhrilléis seo ach deargbhréaga, bíodh sí ina leithghabháil chultúrtha nó ná bíodh!