Tag Archives: loingseoir

Cassidese Glossary – Longshoreman

For some time now, some of my on-line friends have advised me to provide a version of CassidySlangScam without the invective aimed at Cassidy and his supporters. In response to that advice, I am working on providing a glossary of the terms in Cassidy’s ludicrous book How The Irish Invented Slang with a short, simple and business-like explanation of why Cassidy’s version is wrong.

According to Daniel Cassidy in his work of fake etymology, How The Irish Invented Slang, the origins of the word longshoreman lie in the Irish language. The International Longshore and Warehouse Union disagrees with him. According to their website:

“The origins of the ILWU lie in the longshore industry of the Pacific Coast – the work of loading and unloading ships’ cargoes. In the old days of clipper ships, sailings were frequently unscheduled and labor was often recruited at the last minute by shoreside criers calling: “Men along the shore!” – giving rise to the term “longshoremen.” The work was brutal, conditions unsafe, employment irregular, and the pay too low to support a family.”

This is actually inaccurate. As David Gold has pointed out, the term longshoreman was first recorded in 1792, before there was any longshore industry on the Pacific Coast of the Americas. In other words, the explanation given in the source above is correct, but this happened on the Atlantic Coast.

According to Daniel Cassidy, the word longshoreman comes from the Irish loingseoir, which is one word (along with mairnéalach, maraí, farraigeach and seoltóir) for sailor. It is pronounced lingshore. Why the lubbers along the docks would be called sailors when they unloaded cargoes is difficult to explain but then almost nothing Cassidy wrote stands up to any scrutiny at all.

However, I should point out that not only is Cassidy not right about the Irish origin of longshoreman, this is one of the many claims he plagiarised without acknowledgement from the Daltaí Boards forum, where it appeared in April 2002, years before his book was published.

Bíodh muinín agat as – is dlíodóir é!

Longshoreman certainly derives from the Gaelic/Irish word, longseoireacht meaning shipping. From the Irish word for ship which is , long, but pronounced,lung. There can be little doubt about this. Just as stevedore derives from the Portuguese Spanish estivador meaning a person who unloads a ship. Longshoreman is as Irish as the word smithereen meaning smidiriní or a small particle. Gaelic was broadcast throughout the world by Irish speaking emigrants fleeing the Great Famine in their millions.

Fuair mé an teachtaireacht thuas cúpla lá ó shin, ar an phíosa a scríobh mé faoi Longshoreman. Is léir gur dlíodóir é an t-údar, Maurice O’Callaghan, agus go bhfuil ardmheas aige ar a chuid tuairimí féin. Rud amháin a chuireann an dú-iontas orm ná nach bhfuil aon tuiscint ag an dlíodóir seo ar bhunchoincheapa ar nós fianaise agus cruinnis.

Mar a dúirt mé a lán uaireanta roimhe seo, sílim féin go bhfuil an ceart ag na daoine a deir gur focal é longshoreman a cumadh i Meiriceá, agus atá ag tagairt do na sluaite daoine a chruinníodh ar na dugaí nuair a thagadh long isteach le corrlá oibre a fháil ag iompar an lasta amach as bolg na loinge. Sin an scéal atá ag ceardchumann na Longshoremen, mar a dúirt mé san alt faoin fhocal. Sin an scéal a bhí ag an staraí Maud Russell nuair a scríobh sí an leabhar Men Along The Shore: The I.L.A. and its History sa bhliain 1966. Is scéal iomlán inchreidte é gur ‘men along the shore’ a bhí i gceist, dar liom féin.

Is dóigh leis an fhear seo O’Callaghan nach bhfuil an ceart ag na saineolaithe sin. Creideann seisean go bhfuil baint ag an téarma le loingseoireacht, a chiallaíonn shipping, dar leis. Ar ndóigh, “seamanship, navigation, voyaging” is ciall don fhocal loingseoireacht. (Loingeas an focal is fearr ar ‘shipping’.) Go dtí seo, níor chuala mé duine ar bith ag nascadh loingseoireacht le longshoreman. Cuid mhór daoine, Daniel Cassidy ina measc, nascann siad an focal longshoreman le loingseoir, a chiallaíonn (de réir FGB) “mariner, seaman, navigator”. Mar a dúirt mé roimhe seo, deirtear loingseoir mar ‘lingshore’, ní mar longshore (tá comhaid fuaime sna canúintí éagsúla anseo https://www.focloir.ie/en/dictionary/ei/navigator mura gcreideann sibh mé). Agus cé go mbíodh cuid mhór de na dugairí amuigh ar an fharraige sular chuir siad fúthu ar an tír mór, níl ciall ar bith le loingseoirí a thabhairt ar dhaoine nach mairnéalaigh iad. ciall leis an bhunús eile, ‘men along the shore’.

Bunaithe ar na fíricí seo, ní féidir an bunús Béarla a bhréagnú. An cás is láidre a thiocfadh leat a dhéanamh ná gur chóir an dá bhunús a chur ar chomhchéim lena chéile (agus caithfidh mé a rá, ní aontaím leis sin – tá teoiric na ‘men along the shore’ i bhfad Éireann níos láidre). Ní thuigim cad chuige a bhfuil an fear seo chomh cinnte sin gur Gaeilge atá san fhocal loingseoir. An bhfuil fianaise ar bith aige? Má tá, cá háit a bhfuil sí?

Maidir leis na focail a scaip na Gaeil ar fud an domhain agus iad ag éalú ón Drochshaol, an bhfuil aon fhianaise aige le tacú leis sin? (Agus ar ndóigh, ní fianaise leabhar amaideach Cassidy How The Irish Invented Slang, agus níl aon fhianaise luaite ag Cassidy ann. Níl oiread agus leabharliosta ann, gan trácht ar thagairtí cearta!)

Agus, ar ndóigh, bhí longshoreman sa Bhéarla sular tharla an Drochshaol, agus mar sin de, níl baint ar bith ag an fhocal longshoreman leis an diaspóra a bhí ag teitheadh roimh an ghorta in Éirinn.

Agus, ós rud é go bhfuil O’Callaghan chomh flaithiúil sin leis an chomhairle maidir le bunús stairiúil na bhfocal sa Ghaeilge, agus gur saineolaí féincheaptha Gaeilge é, scríobh mé an freagra seo sa teanga s’againne d’aonturas. Tá súil agam go mbaine sé sult as!