Tag Archives: San Francisco Mission District

Amadáin na Míosa – Eagraithe agus Urraithe an Irish-American Crossroads Festival

I gceann cúpla lá, cuirfear tús leis an Irish American Crossroads Festival in San Francisco. Ba é Daniel Cassidy agus cuid dá chairde agus leantóirí a bhunaigh an fhéile. Sin an fáth a mbíonn eagraithe na féile ag insint bréag faoi Cassidy go fóill.

Níl aon amhras faoi na fíricí a bhaineann le Cassidy. Ní raibh céim aige, mar gur theip air céim a fháil ó Cornell in 1965 cionn is go raibh sé i dtámhshuan mar gheall ar na drugaí. Ní raibh céim aige ó Cornell agus níor fhreastail sé fiú ar Columbia. Bhí saol corrach lán teipeanna aige agus ansin, d’éirigh leis post a fháil mar ollamh ag ollscoil bréige darbh ainm New College of California trí bhréaga a insint faoin taifead acadúil aige. I ndiaidh dó tuarastal léachtóra nach raibh tuillte aige a fháil ar feadh dhá bhliain déag, d’fhoilsigh sé leabhar aiféiseach darbh ainm How The Irish Invented Slang. Sa leabhar sin, chum Cassidy (fear nach raibh Gaeilge ar bith aige) na céadta frása bréige i ‘nGaeilge’, leithéidí béal ónna agus gíog gheal agus gearról úr agus pá lae sámh, ionas go dtiocfadh leis cur i gcéill gur tháinig a lán cora cainte i mbéarlagair Mheiriceá ón ‘Ghaeilge’ nuachumtha seo.

Ba bhréagadóir cruthanta é Cassidy, duine a chum a lán raiméise faoina shaol agus a shaothar – ní a chuid céimeanna amháin – agus duine ar bith a léann an blag seo go cúramach, tuigfidh siad láithreach cé chomh bréagach a bhí sé.

Ar an drochuair, tá cinneadh déanta ag eagraithe na féile seo nach maith leo an fhírinne agus gur chóir dóibh leanúint leo ag moladh Cassidy mar eiseamláir agus gur chóir plé leis an chur i gcéill mhailíseach a chum sé (cur i gcéill a bhfuil an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann thíos leis go mór) mar a bheadh fíorléann ann. Tá an raiméis seo faoi Cassidy go fóill ar shuíomh gréasáin na féile.

Sin an fáth a bhfuil mé lánsásta an teideal Amadáin na Míosa a bhronnadh ar eagraithe agus ar urraithe na féile seo. Duine ar bith a bhfuil ciall dá laghad aige, nó duine ar bith a bhfuil náire ar bith ann, coinneoidh sé glan amach ón bhastard seo agus a chuid cairde.