Tag Archives: scéilíní Nollag

Saoire Nollag Keats agus Chapman

Bliain amháin, tamall i ndiaidh na Géarchéime, fuair Keats agus Chapman leid fá chapall ag rásaí Bhaile na Lobhar agus bhain siad leadhb mhór airgid an duine. Dar le Keats gur chóir dóibh dul áit éigin thar lear le linn shaoire na Nollag. Bhí Chapman ar nós cuma liom fán phlean seo. “Nach mbeadh deireadh seachtaine fada i mBinn Éadair lán chomh deas?” arsa seisean. Ach bhí Keats leagtha amach ar dhul chun na hAilgéire agus ní shásódh an saol é ach dul ann agus sa deireadh, ghéill Chapman dó.

Mar sin de, chuir siad turas chun na hAilgéire in áirithe. Chuaigh siad chun na Fraince agus chuaigh go hAlgiers ar bhád farantóireachta ó Chathair Marseilles. Bhí siad tuirseach go leor i ndiaidh an turais ach cuireadh fáilte mhór mhaith rompu san óstán. Chaith siad tráthnóna breá ag siúl thart. Bhí an chathair galánta, bhí a lán le déanamh agus le feiceáil, bhí an aimsir ar dóigh agus an oíche sin, bhí féasta den bhia Arabach acu. Bhí an t-óstán clúiteach as an triúr cócairí a bhí ag obair sa chistin ann, Faruq, Mustafa agus Ahmed. Bhí Keats agus Chapman sona sásta agus iad ag dul a luí an oíche sin.

Chaith siad an lá ag amharc ar iontais na háite agus cé go raibh lá maith acu, chuala siad an focal ‘peste’ ó roinnt daoine (nach raibh ag trácht ar an fhealsúnacht ná ar an eisiachas, de réir cosulachta) agus bhí iarsmalann amháin druidte mar gheall ar an ghalar sin. Nuair a d’fhill siad ar an óstán, bhí cuid de na haíonna i ndiaidh imeacht agus thug siad faoi deara nach raibh Faruq ann ach bhí an bheirt eile ag obair leo agus bhí béile breá eile acu.

An lá dar gcionn, bhí na sráideanna tréigthe agus ní raibh mórán siopaí ar oscailt. Nuair a bhain siad an t-óstán amach, fuair siad nach raibh ach deichniúr aíonna fágtha agus ar chúis éigin, bhí Mustafa as láthair fosta. Agus sin ráite, rinne Ahmed a dhícheall agus bhí béile den scoth acu.

An tríú lá, bhí an margadh druidte ag na húdaráis agus ní raibh áit ar bith le dul sa chathair. Chuaigh siad ar ais san óstán agus ní raibh ag stopadh ann ach iadsan agus duine amháin eile. Mar bharr ar an donas, nuair a tháinig am dinnéara, tháinig an bainisteoir amach le roinnt rudaí fuara ar thráidire – ológa, cáis, arán agus feoil agus buidéal fíona. Bhí brón air, ar seisean, ach bhí Ahmed tinn fosta agus ní bheadh ach seirbhís theoranta ar fáil amach ansin. Bhí díomá an domhain ar Keats bocht. Eisean a mhol dóibh an turas seo a dhéanamh agus anois, bhí gach rud curtha ó mhaith agus an turas ar fad ag dul chun siobarnaí.

Ach dá olcas an cás, bhí Chapman ábalta barr a chur ar an donas lena chuid imeartas focal. Ghlac sé bolgam fíona agus d’amharc uaidh le hosna fhada.

“Tá deireadh na ngiollaí ar lár,” ar seisean, go sollúnta. “Cad é mar a dhéanfaimid féasta gan Ahmed?”

Nuair a chuala Keats na focail sin, thosaigh seisean a mhothú tinn chomh maith, an créatúr!