Bhí toghchán againn sna Sé Chontae Déardaoin. Níor tháinig deireadh na dtorthaí amach go dtí maidin inniu agus bhí áthas an domhain orm nuair a chuala mé iad. Bhí Arlene Foster, ceannaire an DUP, i ndiaidh olc a chur ar gach aon duine sa phobal náisiúnach anseo lena dímheas ar an teanga agus leis an dóigh ar mhaslaigh sí daoine a bhí ag iarraidh ar an DUP Acht na Gaeilge a thabhairt isteach. Ní bheadh ann ach “géilleadh chun síthe” (appeasement), dar léi. Má thugann tú a bhfuil uaidh don chrogall, beidh sé ar ais arís le tuilleadh a iarraidh gan mhoill. Chuir na vótóirí pionós uirthi as a biogóideacht arú inné!
Ar ndóigh, nuair a vótáil an chuid ba mhó de na daoine san oileán seo ar son Chomhaontú Aoine an Chéasta beagnach scór bliain ó shin, bhí Acht na Gaeilge mar chuid den chomhaontú. Vótáil daoine ar son an Chomhaontaithe ar fad, ní ar son na ngiotaí sin de a chuirfeadh gáire ar bhéal Arlene Foster. Is cuma cá mhéad a bheadh air (agus creid uaim é, níor mhaith liom féin airgead á chur amú ar rudaí gan tábhacht – ba mhaith liom príomhchosaintí na teanga a choinneáil, rudaí ar nós cláir theilifíse agus raidió, áiseanna leabharlainne, an ceart freagraí a fháil i nGaeilge ar litreacha a chuirtear chuig eagraíochtaí an stáit i nGaeilge). Agus i gcead don Bhean ‘Uasal’ Foster, ba mhaith liom cearta a bheith ag lucht labhartha na Polainnise fosta, ach níl an Pholainnis i gcontúirt agus níl stair na mílte bliain ag an Pholainnis sa tír seo.
Toghadh Máirtín Ó Muilleoir i ndeisceart Bhéal Feirste agus tá mé thar a bheith sásta. Cuireann sin teachtaireacht láidir chuig Arlene Foster agus a cairde biogóideacha. Agus sin ráite, tá mise in éadan Arlene Foster mar gheall ar an easpa measa atá léirithe aici ar an Ghaeilge (agus ar chúiseanna eile fosta, ar ndóigh.) Mar atá ráite agam roimhe ar an bhlag seo, thug Máirtín Ó Muilleoir tacaíocht do Daniel Cassidy, duine a raibh dímheas de chineál eile aige ar an teanga agus ar an chultúr s’againne. Is ionann bréaga Cassidy agus ‘aghaidh dhubh’ i gcúrsaí siamsaíochta, leithghabháil chultúrtha gan náire. Ba chóir dó a rá go soiléir neamhbhalbh nach raibh an ceart ag Cassidy agus nach raibh ann ach caimiléir, in áit bheith ag sodar i ndiaidh uaisle Mheiriceá agus ag tacú le teoiricí bómánta Cassidy le Michael Patrick MacDonald, Peter Quinn agus an chuid eile de chlub móidíní Cassidy a shásamh.
Tá rogha shimplí romhat, a Mháirtín. Más breá leat an teanga, bí á cosaint. Mar a dúirt duine críonna éigin, gura thusa an t-athrú ba mhaith leat a fheiceáil ar an domhan! Mura dtig leat bheith gaibhte sin a dhéanamh, beidh a fhios againn nach bhfuil sa ghrá sin atá agat don teanga, dar leat féin, ach béalghrá le vótaí a fháil.
We had an election in the Six Counties on Thursday. The last of the results only came out this morning and I was delighted when I heard them. Arlene Foster, the leader of the DUP, had offended everyone in the nationalist community with her contempt for the Irish language and with the way she insulted people who were demanding that an Irish Language Act be brought in. It would only be appeasement, she said. If you give a crocodile what it wants, it will be back looking for more in no time. The voters punished her for her bigotry the day before yesterday!
Of course, when most of the population of this island voted for the Good Friday Agreement nearly twenty years ago, the Irish Language Act was part of the agreement. People voted for the whole Agreement, not for those bits of it which would put a smile on Arlene Foster’s face. It doesn’t matter how much it would cost (and believe me, I don’t want money to be wasted on trivial things – I want the principal defences of the language to be maintained, things like television and radio programmes, library resources, the Irish medium schools etc.) And with respect to Mrs Foster, I want Polish speakers to have their rights too, but Polish is not endangered yet and Polish does not have thousands of years of history in this country.
Máirtín Ó Muilleoir was elected in South Belfast and I am very pleased about that. It sends a strong message to Arlene Foster and her bigoted friends. Having said that, I am against Arlene Foster because of her lack of respect for our language (and for other reasons, of course). As I have said before on this blog, Máirtín Ó Muilleoir supported Daniel Cassidy, a man who showed another kind of disrespect for our language and our culture. Cassidy’s lies are the equivalent of ‘blackface’ in the world of entertainment, a shameless piece of cultural appropriation. Ó Muilleoir should say clearly and unambiguously that Cassidy was wrong and that he was nothing but a charlatan, instead of chasing after a bunch of American big wigs and supporting Cassidy’s moronic theories in order to suck up to Michael Patrick MacDonald, Peter Quinn and the rest of Cassidy’s fan club.
You have a simple choice, Máirtín. If you love the language, defend it! As some wise person said, be the change you want to see in the world! If you can’t be arsed to do that, we will know that that love you claim to have for the language is nothing but lip service to garner votes.