Tá an focal seo pléite agam roimhe seo ar an bhlag, ach níor chaith mé mórán ama air. Tá an focal buddy le fáil sa Bhéarla ó lár an 19ú haois. An míniú is coitianta ná gur leagan páistiúil den fhocal brother atá ann. Ach tá an scéal giota beag níos casta ná sin. Tá focal i gcanúintí Béarla Shasana sa 19ú haois, mar atá, “butty”. De réir cosúlachta, is ón fhocal booty (creach) a tháinig an téarma seo. B’ionann booty-fellow agus duine a bhí le chéile leat ar eachtra nó ar fhiontar agus a roinn an brabús leat. Ach ní hé sin a dheireadh ach oiread. Síleann daoine eile go bhfuil baint aige leis an téarma ‘body’ san Albainis nó Lallans. Síleann daoine eile gur acrainm atá ann ó thréimhse Chogadh Cathartha Mheiriceá, a chiallaíonn Brother Until Death. Nó go bhfuil baint aige leis an Raj agus le focal Pashto ‘Badda’ a chiallaíonn páirtí nó céile. Nó ó fhocal boetie san Ollainnis a thagann ón fhocal broer, a chiallaíonn deartháir.
Deir Daniel Cassidy, ina leabhar bréagach How The Irish Invented Slang, go dtagann an Béarla buddy ón Ghaeilge bodach. Mar is gnách, déanann sé ransú ar na foclóirí lena chás a chruthú. Deir seisean go gciallaíonn bodach “a strong, lusty youth.” Níl a fhios agam cá bhfuair sé an sainmhíniú sin, mar de réir na bhfoclóirí, ciallaíonn bodach “a churl, a clown, a tramp”. (Focal eile, bodalach, a chiallaíonn “strong, lusty youth.”) Ach chomh maith leis sin, dá mbeadh bodach in úsáid leis an chiall chéanna le buddy, ní bheadh an fhuaim mar an gcéanna leis an dóigh a ndeirtear buddy sa Bhéarla, ar ndóigh.
Agus mar is gnách, bhí Cassidy chomh cinnte sin de féin nár bhac sé le féidearthachtaí eile a phlé. Deir sé go drochmheasúil go ndeir na foclóirí Angla-Mheiriceánacha ‘ar chúis éigin nach bhfuil míniú air’ go dtagann na téarmaí bud agus buddy ón fhocal Béarla brother.’ Cad chuige a ndeir sé nach bhfuil míniú air? Ar ndóigh, cionn is go raibh an ghealt thoirtéiseach Cassidy cinnte dearfa go raibh an fhadhb réitithe aige agus gur chóir do gach duine glacadh leis an amaidí nua-chumtha s’aige faoin fhocal bodach. Is é an rud atá deacair a mhíniú, i mo bharúil féin, go nglacfadh duine ar bith le raiméis an chaimiléara seo nuair is léir nach raibh ann ach gealt.
I have discussed this word before on the blog, but I didn’t spend much time on it. The word buddy is found in English from the middle of the 19th century. The most common explanation is that it is a childish version of the word brother. However, it’s a little more complicated than that. There is a word found in the 19th century English dialects of England, the word “butty”. Apparently, this term derives from the word booty. A booty-fellow was a person who joined you on a journey or venture and shared the profit with you. But that’s not all! Other people link it to the word ‘body’ in Scots or Lallans. Others think it’s an acronym from the period of the American Civil War, which means Brother Until Death. Or that it is from the Raj and the Pashto word ‘Badda’, which means a partner. Or from the word boetie in Dutch which comes from broer, meaning brother.
Daniel Cassidy, in his fake book How The Irish Invented Slang, says that the English buddy comes from the Irish bodach. As usual, he ransacks the the dictionaries to prove his case. He says that bodach means “a strong, lusty youth.” I don’t know where he got that definition, because according to the dictionaries, bodach means “a churl, a clown, a tramp”. (It’s another word, bodalach, which means “strong, lusty youth.”) Not only that, but if bodach were used with the same meaning as buddy, it wouldn’t sound the same as buddy in English. (Bodach is pronounced roughly bodda, while a bhodaigh is pronounced a woddy.)
And as usual, Cassidy was so sure of himself that he didn’t bother discussing any other possibilities. He says sniffily that the Anglo-American dictionaries say ‘inexplicably’ that the terms bud and buddy come from the English word brother. Why does he say ‘inexplicably?’ Of course, because this pompous liar was 100% certain that he had solved the problem and that everyone should accept his made-up nonsense about the word bodach. The inexplicable thing, in my opinion, is that anyone would accept Daniel Cassidy’s crap when it is obvious that he was nothing but a nut-job.