Tag Archives: The Painted Word

Amadán Aibreáin – Phil Cousineau

Ní raibh mórán ama agam ar na mallaibh, agus sin an fáth a bhfuil mé rud beag mall le hAmadán na Míosa an mhí seo.

Is é Amadán na Míosa i mí Aibreáin na bliana seo ná Phil Cousineau, “scríbhneoir agus scannánóir a bhfuil duaiseanna buaite aige, múinteoir agus eagarthóir, léachtóir agus ceannaire taistil, scéalaí agus óstach teilifíse” atá bunaithe i gCeantar na Bá in San Francisco. Tá breis agus tríocha leabhar scríofa aige, leabhair a bhaineann le réimse ábhar – úfó-eolaíocht, sioncronacht, miotas an laoich, an dóigh le bheith cruthaitheach, an turas mar oilithreacht agus sanasaíocht.

Cén fáth nach maith liom Phil Cousineau? Bhal, bheinn in amhras air cionn is gur boc mór é i saol cultúrtha Cheantar na Bá ach ní leor an méid sin ann féin.

Ní maith liom an cacamas bréagspioradálta a chleachtann daoine mar Cousineau, go háirithe nuair a bhíonn sé ceangailte le leabhair, cláracha teilifíse agus cúrsaí. Mar shampla, cuireann buafhocail bheaga amaideacha mar seo samhnas orm: “the uncanny discovery that the seeker is the mystery which the seeker seeks to know”; “writing is easy; all you do is pick the scab crusted over your soul”; “if you don’t risk getting lost, you’ll never be found”; “Stories heal the wounds inflicted by the mercurous knife of stainless steel facts”. Uch!

Tá boladh an chacamais airsean agus ar a chuid saothar, dar liom féin. Le sampla amháin a thabhairt, tá alt measartha téagartha aige ar Wikipedia, a insíonn scéal a chuid buanna agus cuid de na péarlaí eagna a chum sé. Nuair a amharcaim ar an stair, áfach, is léir gur duine darbh ainm Wordpilgrim a scríobh cuid mhór den alt. Hmm … cérbh é Wordpilgrim? An amhlaidh gur Phil Cousineau féin a bhí ann, duine a bhfuil leabhair scríofa aige ar fhocail agus ar oilithreachtaí?

Agus sin ráite, níor leor na rudaí seo le hAmadán na Míosa a thuilleadh do Cousineau. An fáth a bhfuil fuath agam dó ná dhá leabhar uafásacha a chum sé ar an tsanasaíocht ‘don phobal’, leabhair a scríobh sé cionn is gur ‘focalbhách’ é, nó gráthóir focal, Wordcatcher (2010) agus The Painted Word (2012).

Díríonn na leabhair seo ar fhocail a bhfuil spéis ag an údar iontu. Is dócha go bhfuil cuid mhór den eolas seo ceart, ní nach ionadh, mar thóg Cousineau an t-ábhar seo ó fhoinsí mar fhoclóirí a bhfuil taighde mór maith déanta ag a n-údair. An rud a chuireann iontas ormsa ná líon na meancóg sna leabhair seo de chuid Cousineau. Dar le Cousineau, Sly and the Family Stone a chum Play That Funky Music Right Boy. I bhfírinne, an bhuíon Wild Cherry a chum é agus ar ndóigh, Play That Funky Music WHITE Boy an leagan ceart. In alt eile ar an fhocal adumbrate, labhraíonn sé ar chúrsa scannánaíochta ar fhoghlaim sé faoi thábhacht na scáileanna i saothar Hitchcock ann. Déanann sé tagairt d’alt le criticeoir darb ainm Letich (recte Leitch) a bhí ag scríobh faoi scannán Hitchcock Odd Man Out. Ach, ar ndóigh, Carol Reed a rinne Odd Man Out, ní Hitchcock. Tá na meancóga bómánta chomh flúirseach sin sa leabhar seo. Bernard Share a scríobh an leabhar Slanguage, ní Bernard Shaw. Níl baint ar bith idir an focal glaum san Albainis agus gléas le hainmhithe a choilleadh. Níl baint dá laghad idir an sloinne Muir agus muir Ghaeilge na hAlban. Agus ar ndóigh, ní David Cassidy an Partridge Family a scríobh How The Irish Invented Slang, ach Daniel Cassidy.

Tá a lán tagairtí do Cassidy agus dá leabhar amaideach sa dá leabhar seo le Cousineau, Wordcatcher agus The Painted Word, cé go léiríonn an mheancóg leis an ainm gur dócha nach raibh caidreamh an-dlúth idir an bheirt drochshaineolaí focal seo.

Tá Wordcatcher líonta lán le raiméis Chasaideach, agus tá falsacht agus saontacht an údair le feiceáil ar gach aon leathanach. Glacann sé frása Cassidy comhúdar (nach gciallaíonn ach “an duine a scríobh rud éigin le duine éigin) mar bhunús an fhocail cahoots (cé go mílitríonn sé é mar comh-udar). Deir sé go ndúirt Cassidy gurbh é an focal Gaeilge tuig ba bhunus leis an fhocal dig (understand) i mBéarla na nDaoine Gorma sna Stáit, ach ní luann sé gur phléigh Walter Skeat an nasc idir twig agus tuig breis agus céad bliain ó shin agus gur fhoilsigh Eric P. Hamp alt dar teideal “On the Celtic origin of English slang dig/twig (‘understand’)” in 1981. Glacann sé teoiric Cassidy faoi bhunús Gaeilge dude ón fhocal dúd i ndáiríre, cé go bhfuil scoláirí teanga ar aon intinn, beagnach, gur ó Yankee Doodle Dandy a tháinig sé.

Cé gur lú an cacamas Casaideach sa leabhar The Painted Word, tá an méid atá ann lán chomh holc. Is fiú a alt ar an fhocal ‘lulu’ ón leabhar sin a thabhairt ina iomláine anseo.

“LULU (IRISH)

A remarkable person, thing or event. Tracked down by word detective Daniel Cassidy in Irish-American Slang, this two-syllable dandy derives from the Irish word liu luigh, “a howl, a scream, a vigorous scream of joy,” and more, “A lulu can be spectacular or awful, but it’s always a scream.” More surprisingly still, Cassidy’s sleuthing tracked down its earliest recorded mention, in the New Orleans Lantern, on November 10, 1886, where it was used to describe the shenanigans in a local baseball game: “Farrell’s two baser was a lu-lu.” The citation would have delighted the late, great Ernie Hartwell, Hall of Fame broadcaster and baseball historian, who was married to a Lulu of a wife for over sixty years.”

Cá dtosóinn? Bhal, cé gur cuma liom má bhíonn daoine ag insint bréag faoi Daniel Cassidy (ba chóir do dhaoine an comhar a dhíol leis an bhalacs bheag) ach ní Irish-American Slang an teideal a bhí ar leabhar Cassidy. Ach ní hé sin a dheireadh. De réir cosúlachta, is ón fhocal Gaeilge liu luigh a tháinig lulu an Bhéarla. Ach is frása é liu luigh, ní focal. (Shílfeá go dtuigfeadh gráthóir focal mar Cousineau an difear!) Is frása gan chiall é, ar ndóigh, ach aisteach go leor, ní hé sin an frása amaideach gan chiall a chum Cassidy le bunús lulu a mhíniú. An frása a chum Cassidy, bhí sé lán chomh bómánta – gur tháinig lulu ón ‘Ghaeilge’ liú lúith. Ciallaíonn liú scread, ar ndóigh, agus ciallaíonn lúth aclaíocht nó neart. Na céadta bliain ó shin, bhí an chiall lúcháir nó áthas leis fosta ach níl anois. Baineann “vigorous yell of joy” Cassidy úsáid as an dá chiall, ach deir Cassidy fosta go gciallaíonn sé go meafarach “a complete scream, a howler.” Ar ndóigh, chum Cassidy an frása ‘liú lúith”. Cumadóireacht lom atá ann, nach bhfuil rian de sa Ghaeilge, agus ní gá dom a rá nach mbíonn ciall mheafarach ag frásaí nach bhfuil ann. Agus sin ráite, tá níos lú céille ag leagan Cousineau (liu luigh) fiú ná mar atá ag leagan Cassidy. Ní chiallaíonn liu rud ar bith gan síneadh fada agus is é luigh aimsir chaite nó modh ordaitheach an bhriathair luí.

Tá trí rud ar a laghad déanta ag Cousineau anseo nár chóir dó a dhéanamh. Ar an chéad dul síos, níl sé ag tabhairt luach a gcuid airgid dá léitheoirí féin, daoine a bhí ag iarraidh fíricí in áit raiméis gan chiall. Ar an dara dul síos, tá sé ag cuidiú le cumadóireacht amaideach agus bréagGhaeilge Daniel Cassidy a scaipeadh. Ar an tríú dul síos, tá sé ag cuidiú le daoine ligean orthu gur fíorscoláire a bhí in Daniel Cassidy, bréagadóir neamhshrianta a ndearnadh ‘ollamh’ de in ainneoin nach raibh oiread agus céim B.A. ollscoile aige.

Is mar gheall ar na fáthanna seo a bhfuil bród orm Duais Amadán na Míosa Aibreán 2018 a bhronnadh ar Phil Cousineau ó San Francisco.

 

 

Advertisements