Tag Archives: Ollamh gan chéim

Céim Síos Do Cassidy

Nuair a thosaigh mé ar an bhlag seo a scríobh cúpla bliain ó shin, rinne mé cinneadh go scríobhfainn an chuid is mó de i mBéarla. Ní hé nach mbeinn ábalta an blag a chumadh i nGaeilge, ach tá an blag seo dírithe go príomha ar dhaoine a chreideann san amaidí a scríobh Daniel Cassidy ina leabhar How The Irish Invented Slang. Is Gael-Mheiriceánaigh formhór na ndaoine sin, nó daoine de bhunús Gaelach atá lonnaithe i dtíortha eile a bhfuil an Béarla i réim iontu. Is beag Gaeilgeoir arbh fhiú Gaeilgeoir a thabhairt air a chreidfeadh i leithéidí ‘uí bhfolaíocht án’ (an frása as a bhfuair an Béarla an focal high-falutin’, dar le Cassidy.) Duine ar bith a bhfuil Gaeilge mhaith aige, thuigfeadh sé láithreach nach bhfuil sa leabhar seo ach bocamadán craiceáilte ag smaoineamh os ard.

Agus sin ráite, is mór an díol spéise caimiléireacht Cassidy do lucht labhartha na Gaeilge, agus is iomaí duine a bhfuil an teanga aige a chuir in aghaidh na raiméise seo, leithéidí Eoin Uí Mhurchú ar An Tuairisceoir. Mar sin de, sílim gur cheart dom an scéal is nua a roinnt libh sa teanga s’againne.

Fuair muid teachtaireacht ar na mallaibh ó dheirfiúr Cassidy. Bhí mé i gcónaí amhrasach faoi cháilíochtaí Daniel Cassidy mar gheall ar a olcas a bhí an leabhar ach chuir sé iontas an domhain orm nuair a chuala mé nach bhfuair Cassidy a chéim riamh ó Ollscoil Cornell. Chuaigh mé i dteagmháil leis an Chláraitheoir ag Cornell, agus dhearbhaigh sise nach bhfuair Daniel Cassidy céim ón choláiste sin riamh. De réir cosúlachta, ní raibh cáilíochtaí ar bith aige. Ní raibh céim, ná céim mháistir, ná dochtúireacht aige. Caimiléir a bhí ann, duine a bhain úsáid as calaois agus béal bán le daoine saonta a robáil agus le dallamullóg a chur ar amadáin.

Tá muid ag fanacht le tuilleadh eolais a fháil ó Ollscoil Columbia agus ó San Francisco State, mar a raibh Cassidy ag teagasc sular thosaigh sé a obair in New College of California. Coinnigí súil ar an bhlag seo! Tá rudaí ag éirí iontach spéisiúil!