The word ‘puncher’ meant a cowboy. The word punch means to strike or to prod or to poke. It derives from French and has been in common use in English for six hundred years.
Daniel Cassidy, in his atrocious book How The Irish Invented Slang, doesn’t mention these facts in his discussion of the word. He chooses instead to trace the word to the Irish paintéar, which he says means ‘a tying cord or rope, a noose, a lasso, a snare for catching animals …’ He cites Dinneen’s Irish dictionary as a source. Strangely, this isn’t what Dinneen’s dictionary says. Dinneen’s entry for paintéar begins thus: ‘a painter or panter, a snare, noose, gin or trap, a binding cable …’
In other words, this is an Irish word, certainly, but it was borrowed from the English word painter, which is a nautical term for a rope used to tie up a boat. This is also of French origin (i.e. the English borrowed it from French) but unrelated to the French term which is really the origin of punch.
In other words, you obviously don’t get to be that incompetent by accident. Cassidy deliberately missed out the important information relating to the real origins of puncher and the English origins of paintéar in order to make a fake case for an Irish origin. What a con-man!
Is focal eile ar bhuachaill bo é ‘puncher’. Ciallaíonn an focal punch bualadh nó broideadh nó sá. Tagann sé ón Fhraincis agus tá sé in úsáid go coitianta sa Bhéarla le sé chéad bliana anuas.
Ina leabhar amaideach How The Irish Invented Slang, ní luann Daniel Cassidy na fíricí seo ar chor ar bith. Ina áit sin, maíonn sé gur tháinig puncher ón Ghaeilge paintéar. Deir sé go gciallaíonn paintéar ‘a tying cord or rope, a noose, a lasso, a snare for catching animals …’ Luann sé foclóir an Duinnínigh mar fhoinse. Ach ní hé sin an sainmhíniú a bhí ag an Duinníneach. Tosaíonn cur síos Uí Dhuinnín ar an fhocal paintéar mar seo: ‘a painter or panter, a snare, noose, gin or trap, a binding cable …’
Lena rá ar dhóigh eile, is focal Gaeilge é paintéar, cinnte, ach iasacht atá ann ón fhocal Béarla painter, focal bádóireachta a chiallaíonn rópa a úsáidtear le bád a cheangal. Tháinig an focal seo ón Fhraincis fosta (fuair lucht an Bhéarla ón Fhraincis é) ach níl baint ar bith aige leis an téarma Fraincise a thug an focal punch don Bhéarla.
Lena rá ar dhóigh eile, ní de thaisme a tharlaíonn bréaga mar seo. Is d’aon turas a theip ar Cassidy an fhaisnéis thábhachtach a bhaineann le fíorstair an fhocail puncher agus bunús Béarla paintéar a lua ionas go dtiocfadh leis cás bréige a dhéanamh gur Gaeilge a bhí ann. A leithéid de chaimiléir gan náire!