Tag Archives: Conor Cruise O’Brien

Amadán na Míosa, Mí Iúil 2018 – Matthew Walther

Is é Amadán na Míosa an mhí seo ná diúlach darb ainm Matthew Walther. Is iriseoir é, dar leis féin. De réir cosúlachta, is comhfhreagraí náisiúnta é le The Week (cibé rud é sin) agus tá cónaí air in Michigan. Níl a fhios agam an Gael nó Meiriceánach nó Gearmánach é. An t-aon eolas atá agam air ná gur Caitliceach den eite dheis agus conspóidí gairmiúil é. I ndiaidh an Reifrinn ar an ghinchealú i mí Bhealtaine, chuir sé an méid seo suas ar Twitter:

Ireland is such a joke. “Look at us, we’re nice modern anticlerical progressives. Our prime minister has a quaint title in a made-up language invented by Yeats and Lady Gregory out of boredom. We kill babies and allow corporations to hoard their ill-gotten gains here.”

Tá seantaithí againn ar chonspóidithe gairmiúla den chineál seo in Éirinn: ní gá ach Conor Cruise O’Brien agus Kevin Myers a lua. Agus mar a bhí amhlaidh i gcás an Cruiser agus My-arse, bíonn daoine mar seo ag déanamh dhá rud: déanann siad simpliú ar cheisteanna atá casta íogair (we kill babies) agus an méid atá le rá acu, níl ann ach raiméis sheanchaite neamhbhunúil. Níl Gaeilgeoir ar bith beo nár chuala miotais gan chiall den chineál seo na céadta uair roimhe.

Agus creid uaim é, is miotais iad. Ní raibh Gaeilge ar bith ag WB Yeats agus cibé Gaeilge a bhí ag an Bhantiarna Gregory, ní raibh baint ná páirt aici le hathghléasadh na teanga san Athbheochan, cibé ról a bhí ag an leadrán sa scéal. De ghnáth, deirtear gur de Valera a chum an Ghaeilge, ach nach cuma – níl ceachtar den dá leagan ceart!

Agus ar ndóigh, cé go ndearnadh a lán athruithe ar an teanga le cúpla céad bliain anuas, tá bunús na bhfocal agus na struchtúr sa teanga a bheag nó a mhór mar a bhí dhá chéad bliain ó shin. Rinneadh aistriúchán Bedell den Bhíobla sa tseachtú haois déag ach is beag rud sa leabhar sin nach bhfuil intuigthe ag duine ar bith a bhfuil Gaeilge mhaith aige nó aici sa lá atá inniu ann.

Mar sin de, níl sa raiméis seo ach bleadaireacht dhrochmhúinte aineolach.

An t-aon teachtaireacht atá ag féinspéisithe gan tallann mar Walther ná: Is mise an duine is tábhachtaí ar chlár an domhain. Éistfear le mo ghlór! Caithfear éisteacht! Mar sin de, cuimhnigh ar ainm Walther. Agus má fheiceann tú an t-ainm sin ar alt, ná léigh é. Níl rud ar bith fiúntach le rá ag leithéidí Walther, agus is beag is fiú do chuid ama a chur amú lena gcuid amaidí.