Tag Archives: drochshanasaíocht

Cluanaire Eile

Nuair a d’fhoilsigh Daniel Cassidy, nach maireann, a chnuasach cacamais How The Irish Invented Slang deich mbliana ó shin, ba chóir go dteipfeadh go hainnis air láithreach. Caimiléir agus naircisíoch a bhí in Cassidy, duine a bhain feidhm as a scileanna mar shlíomadóir le post a fháil mar ollamh i gcoláiste beag in California gan oiread agus céim bhaitsiléara a bheith aige. Ní raibh Gaeilge ar bith aige agus ní raibh tuiscint ar bith aige ar an teangeolaíocht. An chuid is mó de na frásaí ‘Gaeilge’ atá luaite sa leabhar mar bhunús fhocail bhéarlagair Bhéarla, chum Cassidy féin iad agus ní raibh focail ná frásaí dá leithéid riamh ann sa teanga s’againne.

Agus sin ráite, bhí sé de nós ag Cassidy plámás agus béal bán a dhéanamh le cuid mhór daoine mór le rá: scríbhneoirí, fíorléachtóirí ollscoile, ceoltóirí agus mar sin de, agus thug na ‘cairde’ sin léirmheasanna maithe dó le cur ar chúl a leabhair bhréagaigh. Mar gheall air sin, cuireadh dallamullóg ar a lán daoine agus shíl siad go raibh substaint éigin ag baint leis na teoiricí bómánta a bhí ag Cassidy. Straitéis eile a d’úsáid sé lena chosaint féin ar cháineadh na saineolaithe ná a mhaíomh go raibh comhcheilg ollmhór ann a raibh teangeolaithe acadúla agus lucht foclóírí páirteach ann. Dar leisean, bhí na saineolaithe Anglaifiliacha seo ag iarraidh an fhírinne go bhfuarthas focail ar nós baloney agus wanker ón Ghaeilge a cheilt le stádas an Bhéarla a ardú! Ar ndóigh, ní raibh sa chomhcheilg seo ach finscéal eile de chuid Cassidy, agus ní ghlacann an saol acadúil lena theoiricí cionn is nach bhfuil i ‘saothar’ Cassidy ach raiméis amaitéarach, amaideach gan fianaise.

Mar gheall ar na bréagadóiri a thug tacaíocht don bhocamadán naircisíoch seo, deich mbliana i ndiaidh fhoilsiú an leabhair How The Irish Invented Slang, bíonn daoine ag nochtadh ar an idirlíon go fóill ag rá gur fíric an píosa seo nó an píosa sin amaidí ó leabhar Cassidy, nó gur chóir glacadh leis an leabhar iomlán mar fhíorthaighde. Roinnt laethanta ó shin, nocht bómán eile den chineál seo ar Twitter. Mhol an duine seo, Mary Ann Pierce, do dhaoine a bhí ag déanamh taighde stairiúil ar stair na Gaeilge labhartha sna Stáit gur chóir dóibh How The Irish Invented Slang a léamh. Nuair a fheicim bómán éigin mar seo ag áitiú ar dhaoine a gcuid airgid a chur amú ar leabhar bréagach Cassidy, bím ag coinneáil súil amach d’fhianaise na comhcheilge. Cad chuige? Bhal, is cinnte go bhfuil comhcheilg ann maidir le leabhar Cassidy. Comhcheilg de shlíbhíní gustalacha i Meiriceá a bhfuil cinneadh déanta acu an fhírinne faoi Cassidy a bhrú faoi chois agus beag is fiú a dhéanamh den teanga s’againne.

Is féidir roinnt giotaí eolais a fháil ar Mary Ann Pierce ar line. Bhí sí rannpháirteach i bhfeachtas le teach pobail stairiúil i Nua-Eabhrac a shabháil le – iontas na n-iontas – Peter Quinn, an cara ab fhearr le Cassidy, agus le (John) Joe Lee, a scríobh léirmheas ardmholtach ar an chacamas seo do chúl an leabhair. Chomh maith leis sin, tá baint aici leis an Irish American Writers and Artists Association, eagraíocht a bhunaigh Cassidy le dornán dá ‘chairde’. Nuair a mholann duine ar bith an leabhar seo don phobal, is fíorannamh nach mbíonn fianaise den drong lofa caimiléirí seo ann, drong atá ag iarraidh an fhírinne a bhrú faoi chois agus níl fáth ar bith agam a chreidiúint nach amhlaidh atá sé sa chás seo fosta.